Donegal County Council Logo
Baile > Deontais maidir le Bloic Lochtacha > Eolas Eile > Bloic Choincréite Lochtacha - Iarratas Samplach

Bloic Choincréite Lochtacha - Iarratas Samplach

Seo thíos sampla den dóigh a n-oibreoidh an scéim deontais.

Tá cónaí ar John Murphy i dteach ar dóigh léi go bhfuil sé damáistithe toisc gur baineadh úsáid as bloic choincréite lochtacha nuair a bhí an teach á thógáil.

Fostaíonn John innealtóir inniúil (atá ar an gclár I.R. 465), chun tuarascáil innealtóra a ullmhú, rud a chosnaíonn €5,000. Tá cinneadh déanta ag an innealtóir inniúil go bhfuil an teach damáistithe de bharr úsáid a bhaint as bloic choincréite lochtacha le linn na tógála.

Molann an t-innealtóir inniúil gurb é Rogha leasúcháin 4 an rogha atá bunriachtanach chun fadhbanna an fhoirgnimh a réiteach.

Céim 1: Deimhniú Incháilitheachta

Líonann John an t-iarratas isteach le haghaidh Céim 1: foirm um Dheimhniú Incháilitheachta agus cuireann sé an fhoirm seo isteach chuig an údarás áitiúil in éineacht leis na doiciméid riachtanacha. Ina theannta sin, lorgaíonn sé íocaíocht le haghaidh thuarascáil an innealtóra.

Cinneann an t-údarás áitiúil go bhfuil John i dteideal go gcuirfí ar aghaidh go dtí Céim 2 é: Ceadú Deontais. Seolann siad litir a dheimhníonn incháilitheacht in éineacht leis an bhfoirm iarratais le haghaidh Céim 2: Ceadú Deontais.

Socraíonn an t-údarás áitiúil go n-íocfar 90% de chostais na tuarascála innealtóra (i.e. €5,000 x 0.9 = €4,500).

Céim 2: Ceadú Deontais

Fostaíonn John innealtóir inniúil (atá ar an chlár I.R. 465), chun tuarascáil innealtóra a ullmhú, maoirseacht ghairmiúil a dhéanamh ar na hoibreacha deisiúcháin lena n-áirítear scrúdú agus deimhniúchán, rud a chosnaíonn €3,500.

Téann John i dteagmháil le triúr conraitheoirí chun luachana miondealaithe a fháil don obair atá mionsonraithe sa phlean oibre. Tá luachan de €45,000 tugtha ag an chonraitheoir atá roghnaithe aici chun na hoibreacha deisiúcháin a dhéanamh ar an áit chónaithe.

 

Líonann John an t-iarratas isteach le haghaidh Céim 2: Ceadú Deontais agus uaslódálann sé na doiciméid riachtanacha. Is é €53,500 an costas measta iomlán atá ar na hoibreacha deisiúcháin. I gceist leis seo tá €5,000 (tuarascáil innealtóra) + €3,500 (plean oibre deisiúcháin, maoirseacht ghairmiúil lena n-áirítear scrúdú agus deimhniúchán a dhéanamh ar na hoibreacha deisiúcháin) + €45,000 (luachan an chonraitheora chun na hoibreacha deisiúcháin a dhéanamh).

Déanann an t-údarás áitiúil athbhreithniú ar an iarratas agus cinneann sé go gcomhlíonann sé riachtanais na scéime. Cinneann an t-údarás áitiúil gurb é €48,000 an costas réasúnta leis na hoibreacha incháilithe a dhéanamh (costais laghdaithe, mar shampla, bail chríche nó ábhair atá neamhchaighdeánach).

Tá an méid seo faoi bhun an uaschostais atá ceadaithe le haghaidh Rogha 4 (€75,000) agus mar sin tá sé ceadaithe ag an údarás áitiúil agus cuirtear é sin in iúl don iarratasóir incháilithe, in éineacht le foirm iarratais le haghaidh Céim 3: Íocaíocht Deontais.

Is é méid an chostais cheadaithe ar féidir le John íocaíocht a lorg ina leith ag Céim 3: Íocaíocht Deontais ná €43,000 i.e. €48,000 - €5,000 (íocaíocht éilithe cheana féin le haghaidh thuarascáil an innealtóra).

Céim 3: Íocaíocht Deontais

Fostaíonn John an conraitheoir chun na hoibreacha deisiúcháin a dhéanamh, agus tar éis iad a bheith críochnaithe agus deimhnithe, comhlánann sí iarratas le haghaidh Céim 3: Íocaíocht Deontais agus cuireann sé isteach go dtí an t-údáras áitiúil é.

Cuireann John isteach fosta na sonraisc riachtanacha do na hoibreacha cáilithe, ar fiú  €48,500 iad (sonrasc an chonraitheora de €45,000 agus sonrasc innealtóra inniúil de €3,500).

Déanann an t-údarás áitiúil athbhreithniú ar an iarratas, agus tá siad sásta gur costais cháilithe gach costas faoin scéim.  Ceadaíonn siad an deontas, agus íocann siad an fuíollach den deontas atá ar fáil i.e. €38,700. Sa chás seo is é €53,500 an costas iomlán a bhí ar na hoibreacha deisiúcháin. Fuair John deontas de €43,200.

 

Tuarascáil Innealtóra €5,000
Seirbhísí Gairmiúla Innealtóra i.e. plean oibre deisiúcháin, scrúdú agus deimhniúcháin €3,500
Oibreacha deisiúcháin €45,000
Costas iomlán na ndeisiúchán €53,500
Deontas ón Údarás Áitiúil  €43,000

 

<< SIA>

>> AR AGHAIDH

  

 

 

  

  

 

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna