Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Gnó > An Earnáil Turasóireachta a fhorbairt > Tograí Margaíochta

Turasóireacht Dhún na nGall

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhar le Cónaidhm Óstáin na hÉireann, Turasóireacht Inis Eoghain Teo agus Fáilte Éireann san Iarthuaisceart, tá siad i ndiaidh a bheith chun tosaigh le margaíocht a dhéanamh ar Chontae Dhún na nGall mar cheann scríbe turasóireachta den chéad scoth. In 2013, chuir Turasóireacht Dhún na nGall Teo tús le feachtas mór fógraíochta ag díriú ar phríomh-mhargaí de chuid Dhún na nGall ar oileán na hÉireann. Bhí Feachtas Margaíochta Thurasóireacht Dhún na nGall, arna chomh-mhaoiniú ag LEADER i gcomhpháirt le Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain agus Comhlacht Forbartha Áitiúil Dhún na nGall, freagrach as an mhéid seo a leanas in 2013:

 

  • Fógraíocht Tomhaltóirí - Mórchláracha Fógraí i mBéal Feirste agus i nDoire, fógraí cúl bus i mBaile Átha Cliath, Dhá Fheachtas Náisiúnta ar Raidió, Fógraíocht sna Meáin Chlóite Náisiúnta, Margaíocht Dhigiteach agus Caidreamh Poiblí.
  • Treoir-Iris Saoire Dhún na nGall - Seolfar an Treoir-Iris Saoire úr do Dhún na nGall go luath i mí Mhárta 2014.
  • Banc Grianghrafanna Dhún na nGall - forbraíodh banc grianghrafanna turasóireachta in 2013 agus tá sin ar siúl go fóill.

 

 

In 2014, leanfaidh Turasóireacht Dhún na nGall ag obair le Cónaidhm Óstáin na hÉireann agus le gach páirtí leasmhar turasóireachta, ag soláthar ardán le haghaidh margaíocht chomhoibrithe, promóisin tomhaltóirí agus deiseanna dearfacha le haghaidh caidrimh phoiblí arb aidhm leo cur leis an líon cuairteoirí a thagann go Contae Dhún na nGall.