Donegal County Council Logo
Baile > Gnó > An Earnáil Turasóireachta a fhorbairt > Tograí Straitéiseacha

Tograí Straitéiseacha

 

Tá rún daingean ag Comhairle Contae Dhún na nGall a bheith ag obair i gcomhpháirt le réimse páirtithe leasmhara sna hearnálacha poiblí, príobháideacha agus pobail, chun réimse de thograí straitéiseacha turasóireachta a fhorbairt, ar cuspóir leo na táirgí turasóireachta ar fud an Chontae a éagsúlú, a shaibhriú agus a fheabhsú. Tá forbairt na dtaitneamhachtaí is fearr atá againn, agus na dtaitneamhachtaí a d'fhéadfadh a bheith ina gceann scríbe tábhachtach do chuairteoirí amach anseo, tá sé seo ina phríomhghné den straitéis ghinearálta le haghaidh forbairt na turasóireachta ag Comhairle Contae Dhún na nGall. Cuideoidh forbairt na dtograí straitéiseacha turasóireachta le Dún na nGall barr feabhais a bhaint amach mar cheann scríbe den chéad scoth sa domhain do chuairteoirí, rud a mheallfaidh tuilleadh cuairteoirí ó thíortha eile, an fad ama a chaitheann siad sa Chontae a mhéadú, agus cuairteoirí a mhealladh chun níos mó oícheanta lóistín a chaitheamh anseo. Bhí Comhairle Contae Dhún na nGall ar thús cadhnaíochta i dtaca le roinnt tograí forbartha straitéiseacha a fhorbairt le blianta beaga anuas, mar shampla, Togra Forbartha Shliabh Liag, Togra Forbartha Leibhéil na hInse agus Togra Forbartha Cheann Mhálanna. Tá na tograí seo thuas, chomh maith le tograí eile a bhfuil féidearthachtaí suntasacha ag baint leo, mar shampla Togra Teach Solais Fhánada, Páirc Foraoise na hArdadh, Forbairt Siúil agus Rothaíochta, forbairt an Diaspóra, tá siad ag croí-lár straitéis na dtograí turasóireachta de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall.

Le tuilleadh eolais a fháil faoi chuid de na tograí seo, cliceáil ar na cinnteidil atá liostaithe ar an cholún ar chlé.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

  • winterweather Image
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Tourism Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO