Togra le haghaidh Spóirt Eachtraíochta i gCeantar Uirbeach – Cuid 8
Tá sé de rún ag Comhairle Contae Dhún na nGall Togra le haghaidh Spóirt Eachtraíochta i gCeantar Uirbeach a dhéanamh laistigh de limistéar Pháirc Bhaile Bhearnaird Mhig Loingsigh.
Seo a leanas na hoibreacha atá i gceist:
Ardán clúdaithe lasmuigh a fhorbairt, i gcomhar le suíocháin choincréite i sraitheanna, le bheith in ann imeachtaí agus taispeántais phoiblí lasmuigh a reáchtáil ann.
Áit súgartha ilúsáide uile-aimsire a thógáil le haghaidh réimse leathan spórt, chomh maith le fráma dreapadóireachta réamhdhéanta in aice láimhe.
Oibreacha gaolmhara ar a n-áirítear réamhghlanadh an tsuímh, an cosán atá ann cheana a shíneadh le go mbeidh rochtain chuí ann, draenáil an tsuímh i gcomhar le laghdú uisce stoirme, soilse poiblí a chur isteach, ceamaraí slándála, ceangal le seirbhísí, tírdhreachú bog agus crua, fálú, troscán sráide agus comharthaíocht a bhaineann leis an fhorbairt.
Is féidir na pleananna agus na sonraí a bhaineann leis an fhobairt seo a fheiceáil trí chliceáil ar na naisc thíos:-
Uaireanta Oscailte:Mótarcháin:
Is ar an Mháirt agus an Déardaoin amháin atá An Oifig Mótarchánach oscailte, ó 9.15am go dtí 12.15pm agus 1.15pm go dtí 3pm. Is féidir mótarcháin a athnuachan ar líne ag www.motortax.ie
Oifig Airgid:
Luan - Déar: 9am - 4.30pm & Aoine: 9am - 4pm
Druidte ag am lóin - 12.30 go 1pm
Leabharlanna Dhún na nGall
www.donegallibrary.ie
Donegal Libraries