Donegal County Council Logo
Baile > Pobal > Maoiniú do do choiste > An Clár Feabhsú Pobail 2019

An Clár Feabhsú Pobail

An Clár Feabhsú Pobail 2021

Thig le coistí pobail i gceantracha faoi mhíbhuntáiste cur isteach ar mhaoiniú faoin Chlár Feabhsaithe Pobal:

 

Tá an Clár le haghaidh Feabhsú Pobail 2021 seolta ag an Roinn Gnóthaí Tuaithe agus Pobail, ina bhfuil buiséad iomlán náisiúnta de €4.5 milliún. 

 

Tá ciste de €159,461.00 curtha ar fáil don Choiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil Dhún na nGall.

 

  • Cuireann an Clár deontais bheaga agus deontais níos mó ar fáil do choistí pobail ar fud na hÉireann. Oibríonn an scéim seo i gcomhar le scéimeanna eile agus cláracha eile atá i bhfeidhm cheana féin laistigh de na pobail, ach ní féidir le grúpaí an ciste seo a úsáid ach amháin do thograí caipitil, nó mar chuid de thogra caipitil. Tá sé de chuspóir ag an scéim áiseanna pobail a fheabhsú do dhaoine aonair agus do phobail atá faoi mhíbhuntáiste mar atá aitheanta sa Phlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail. 

 

  • Tabharfar tús áite do ghrúpaí atá ar lorg maoinithe chun íoc as Costais Chaipitil a bhaineann le COVID 19.

 

 

Seo roinnt samplaí de thograí, nó de chodanna de thograí, a bheadh i dteideal cur isteach ar an mhaoiniú caipitil seo:

  • Ionaid phobail a fhorbairt / a athchóiriú
  • Foirgnimh a chothabháil aon uair amháin Níl gnáthobair chothabhála san áireamh anseo
  • Áiseanna pobail
  • Clubanna óige nó áiseanna óige
  • Áiseanna spóirt agus fóillíochta
  • Feabhsúcháin ar pháirceanna baile agus ar spásanna agus láithreacha comónta
  • Trealamh CCTV
  • Feabhsúcháin sa réimse poiblí
  • Sráid-dreachú
  • Spásanna súgartha / fóillíochta
  • Tograí a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh

 

Is é Coiste um Fhorbairt Poail Áitiúil Dhún na nGall a dhéanfaidh an Clár a riar thar cheann na Roinne.

 

Rialacha

 

Is le haghaidh tograí caipitil amháin, nó codanna de thograí caipitil, atá an Clár Feabhsaithe Pobail. I gcás go mbíonn oibreacha reatha agus oibreacha caipitil ar siúl le chéile, ní féidir maoiniú a fháil ón Scéim seo ach amháin don  chuid sin den obair a bhaineann le hobair chaipitil.

 

Caithfidh coistí iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú chuig an Údarás Áitiúil ina bhfuil siad suite, agus is féidir le hiarratasóirí i nDún na nGall an fhoirm iarratais atá ar fáil ag an nasc thíos a úsáid.

 

Níl gá le comh-mhaoiniú ó fhoinsí eile le go gceadófaí deontas.

Féach Treoracha don Chlár Feabhsú Pobail 2020  fá choinne tuilleadh eolais.

 

Caithfidh na coistí atá ag déanamh iarratais na rudaí seo a leanas a chur ar fáil in éineacht leis an iarratas ar mhaoiniú:

 

  • Clárú Cánach (Uimhir Stádas Carthanachta, Uimhir Thagartha Cánach nó Uimhir Rochtana um Dheimhniú Imréitigh Cánach)
  • Sonraí Cuntais Bhainc nó Cuntais Chomhar Creidmheasa (cóip de Ráiteas ar na mallaibh)

 

Rátaí


Beidh dhá léibhéal deontais ar fáil faoin Chlár seo:-

  • Deontais bheaga ó €500 suas go dtí uasmhéid de €1,000 le haghaidh gach togra.
  • Deontais Mhóra suas go dtí €5,000 do gach togra

 

An dóigh le hiarratas a dhéanamh

 

Caithfidh do ghrúpa Foirm Iarratais don Chlár Feabhsú Pobail 2020 a chomhlánú agus a chur isteach chuig an Choiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil Dhún na nGall (LCDC) roimh an dáta druidte ar 3pm 14 Lúnasa 2020.

 

Doiciméid

Foirm Iarratais don Chlár Feabhsú Pobail 2020

Treoracha maidir le Clár Feabhsú Pobail 2020

Imleabhar 1: Plean Áitiúil Eacnamaíochta & Pobail Dhún na nGall‌ - – Straitéis,

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

  • winterweather Image
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Tourism Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO