Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Seirbhísí > Bailiú Ioncaim > Déan íocaíocht

Ag déanamh íocaíochta leis an Chomhairle

An dóigh le híocaíocht a dhéanamh le Comhairle Contae Dhún na nGall

 

Thig leat íocaíocht a dhéanamh le Comhairle Contae Dhún na nGall mar seo a leanas:

 

  • Seic nó Ordú Poist iníoctha le Comhairle Contae Dhún na nGall agus é crosáilte 'Cuntas an Íocaí Amháin'.  Is féidir Seiceanna nó Orduithe Poist a sheoladh tríd an phost chuig an Aonad um Bailiú Ioncaim  nó thig leat bualadh isteach in aon Ionad Seirbhísí Poiblí le d'íocaíocht a dhéanamh.   Ná cuir airgead tirim sa phost, le do thoil.

 

 

  • Dochar Díreach -  comhlánaigh an Sainordú Dochair Dhírigh‌ agus seol ar ais chuig Aonad Bailithe Ioncaim na Comhairle é.  Glacfaidh an Chomhairle an íocaíocht chuí ó do chuntas bainc de réir mar a aontaítear. Má dhéantar an tráthchuid a mhéadú nó a laghdú, athróidh an Chomhairle an aistarraingt de réir mar is cuí.

 

 

  • Ordú Seasta Bainc - déan teagmháil le do bhanc chun socrú a dhéanamh méid áirithe a thógáil ó do chuntas agus é a íoc le Comhairle Contae Dhún na nGall.   Tabhair faoi deara, má tá gá leis an tráthchuid a athrú is ortsa a thiteann sé dul i dteagmháil leis an bhanc leis an mhéid atá le híoc a leasú. 

 

 

  • Aistriú Creidmheasa - Sonraí Chuntas Bainc Chomhairle Contae Dhún na nGall - Cuntas 15990110 agus Cód Sórtála 98-60-10

 

 

  • Ríomh-Bhaincéireacht - Is iad sonraí Cuntais Bhainc Chomhairle Contae Dhún na nGall ná:- Cuntas 15990110 agus Cód Sórtála 98-60-10) Uimh. IBAN. IE48 ULSB 9860 1015 9901 10 Uimh. BIC. ULSB IE 2D.  Cuir ríomhphost chuig [email protected] fá choinne Duillíní Íocaíochta

 

 

  • I bpearsa ag aon Ionad Seirbhísí Poiblí le hairgead tirim, nó le cárta creidmheasa nó cárta dochair.

 

 

  • Fritháirimh - Faoi Alt 52 (3) den Acht Seirbhísí Uisce 2007 tá údarás ag Comhairle Contae Dhún na nGall suimeanna atá le híoc i dtaca le Táillí Uisce a fhritháireamh i gcoinne suimeanna atá le híoc ag an Chomhairle Contae leis an Soláthraí/Chustaiméir sin.  Cuirfear an rogha seo i bhfeidhm nuair a bheidh deis ann agus cuirfear sin in iúl duit de réir mar is cuí. Is feidir le custaiméir fritháireamh a iarraidh chomh maith trí dhul i dteagmháil le hIonad Bailithe Ioncaim na Comhairle