Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > An Chorr-Thrádáil

An Chorr-Thrádáil

 

Foirm Iarratais fá choinne Cead Corr-Thrádála

 

Corr-Thrádáil 

Beidh na fodhlíthe a bhí i bhfeidhm sna limistéir a bhí faoin trí iar-Chomhairle Baile á gcur i bhfeidhm sna limistéir chéanna seo go dtí go mbeidh na fodhlíthe leasaithe don chontae ar fad dréachtaithe. Tabhair faoi deara go bhfuil táillí difriúla i bhfeidhm sna limistéir dhifriúla. Tá na táillí seo luaite sna fodhlíthe iomchuí.

 An tAcht Corr-Thrádála 1995

 

Leitir Ceanainn‌‌

Fodhlíthe Corr-Thrádála Leitir Ceanainn 2014

Féach léarscáil de Láithreacha Corr-Thrádála Leitir Ceanainn

 

Trádálaithe Lae :  €1000 in aghaidh na bliana nó (Séasúrach) €300 i gcomhair 3 mhí

Trádálaithe Oíche: (Lónadóireacht i bhfeithiclí nó stainníní soghluaiste) €3000 in aghaidh na bliana nó €800 faoi choinne 3 mhí.      

Ócáidí/imeachtaí :  €150 in aghaidh an lae ( nó cuid de lá)  

 

Bun Dobhrain‌

  • Fodhlíthe Corr-Thrádála Bhun Dobhrain

    Tá ceithre láthair ainmnithe sa limistéar a bhí faoi iar-Chomhairle Baile Bhun Dobhráin. Tá siad seo ag Trá na dTulán, ó thuaidh den bhealach isteach chuig carrchlós Thrá na dTulán. Féach ar an léarscáil atá iniata sna fodhlíthe. Is í an táille bliana fá choinne ceadúnas Corr-Thrádála ná €1269.74.

     

    Bun Crannacha‌

  • Fodhlíthe Corr-Thrádála Bhun Cranncha

    Níl aon láthair ainmnithe i gcomhair Corr-Thrádála laistigh den limistéar a bhí faoi iar-Chomhairle Baile Bhun Cranncha. Bíonn trádáil ar siúl ar aghaidh na farraige agus tig ceadúnais bhliantúla a cheannach ar tháille de €1500.00.

     

Corr-Thrádáil i Limistéar Chomhairle Contae Dhún na nGall

De réir Acht Corr-Thrádála 1995, tá dualgas ar Chomhairle Contar Dhún na nGall Fodhlíthe Corr-Thrádála a chur i bhfeidhm agus tig leo limistéir corrthrádála sa chontae a ainmniú.

Ghlac an Chomhairle le Fodhlíthe Corr-Thrádála agus tá limistéir chorrthrádála ainmnithe ag na láithreacha seo a leanas ar fud an Chontae:- Na Cealla Beaga agus Béal Átha Seanaidh. Ní thig le corrthrádáil a bheith ar siúl in aon áit eile ach ag na láithreacha seo. Rialaíonn an Chomhairle úsáid na limistéir seo trí cheadúnais a dheonú. Más mian le duine/daoine dul i mbun trádála, ní mór dóibh iarratas a dhéanamh ar cheadúnas Corr-Thrádála. Eisítear ceadúnas i gcomhair tréimhse bliana.

Táilí i gcomhair Ceadúnais Chorr-Thrádála in iar-Limistéar na Comhairle Contae:

a) Má iarrtar an ceadúnas i leith spás trádála amháin ar lá sonraithe amháin sa tseachtain - €250.00 in aghaidh na bliana.

b) Don spás trádála sin (atá luaite ag (a) thuas) do gach aon lá breise sa tseachtain - €125.00 in aghaidh na bliana.

c) Do gach aon cheadúnas breise a iarrann an t-iarrthóir céanna do spás trádála eile sa limistéar corrthrádála céanna i gcomhair lá amháin sa tseachtain - €125.00 in aghaidh na bliana.

d) Maidir leis an gceadúnas don spás atá sonraithe in alt (c) thuas, i gcomhair gach lá breise sa tseachtain a n-iarrtar agus a ndeonaítear an ceadúnas - €125.00 in aghaidh na bliana.

e) Má iarrthar ceadúnas d’ócáid/imeacht faoi réir Alt 4 (1) (a) (iii) den Acht - €32.00 in aghaidh an lae.

Ní mór duit d’Iarratas a dhéanamh 30 lá roimh an dáta atá beartaithe agat tosú ag trádáil.

Ní mór na nithe seo a leanas a chur le d’iarratas

  • Grianghraf (de mhéid) pas
  • Foirm Iarratais Chomhlánaithe
  • An táille chuí
  • Árachas Dliteanais Phoiblí