Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Caomhnú

Caomhnú

Seirbhísí Caomhantais

 
   

 

Tá oidhreacht thógtha Dhún na nGall saibhir agus ilchineálach. Tá idir chéanna, stáisiúin garda cósta agus tithe solais chomh maith le túir chomharthaíochta ó ré Napoléon breactha anseo is ansiúdfeadh an chósta agus dúnfoirt agus batairí ar bhruachaLoch Súilí agus Loch Feabhail; tá tithe móra tuaithe agus eastáit lonnaithe sna ceantair is torthúla sa chontae; foirgnimh poiblí thábhachtacha agus réimse fairsingfoirgneamh reiligiúnach ó láithreáin ársa eaglasta ar nós láthair oilithreachta Loch Dearg go tithe pobail nua-aimseartha a dhear Liam McCormick.  

 

De bharr an rath atá ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus gur dúradh sa ‘National geographic Traveller Magazine’ gurbh é Dún na nGall an áit is faiseanta ar domhan (‘The coolest place on the planet’), tá oidhreacht Dhún na nGall ríthábhachtach ó thaobh rathúnas eacnamaíochta an chontae, go háirithe mar acmhainn thurasóireachta de bhrí go bhfuil an-tóir ag turasóirí ar dhéanmhais aitheanta, ar nós Theach Solais Fhánada agus Caisleán Ghleann Bheatha, ach fosta cuireann an oidhreacht le tarraingteacht an Chontae mar áit chónaithe agus oibre.   

Molann Comhairle Chontae Dhún na nGall go n-oibreodh muid i gcomhpháirt le chéile, maraon le reachtaíocht a fheidhmiú, comhoibriú le heagraíochtaí éagsúla agus an pobal i gcoitinne, chun ár n-acmhainní oidhreachta, nach ann dá macasamhail, a chosaint.   

 

Tugann na naisc thíos achoimre de na foirgnimh chosanta sa chontae. Tá cuid ar leith a bhaineann le ceisteanna coitianta, tá eolas tugtha faoi scéimeanna deontais agus breis eolais faoin chaomhantas.   

 

Cé na foirgnimh atá faoi chosaint i nDún na nGall?  

 

Tá an liosta is deireanaí de Dhéanmhais Chosanta Dhún na nGall leagtha amach sa Taifead ar Dhéanmhais Chosanta (Record of Protected Structures (RPS) (Féach Téacs scríofa thíos written Text below) atá ar fáil i gCuid B: Aguisín 3 Treoirlínte Forbartha agus Caighdeáin Theicniúla de Dhréachtphlean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2018-2024. Tá uimhir TDS (RPS) ar leith ag gach foirgneamh. Má tá tuilleadh eolais de dhíth ort faoin déanmhas ar leith agus an áit a bhfuil sé, déan teagmháil le hOifigeach Caomhnaithe Dhún na nGall.   

 

  

Cé na foirgnaimh atá ar Fhardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta (NIAH) i nDún na nGall?  

 

Is fardal d’oidhreacht ailtireachta atá san FNOA (NIAH) a thiomsaigh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Seoladh FNOA (NIAH) Chontae Dhún na nGall i mí Aibreáin 2015 agus mhol an tAire a bhí ann ag an am do Chomhairle Chontae Dhún na nGall, faoi Alt 53 (1) den Acht, gach déanmhas le rátáil náisiúnta nó réigiúnach a chur ar liosta TDC (RPS). Cuireadh céim 1 den phróiseas seo i bhfeidhm in 2017 agus cuireadh na hathruithe seo isteach i gCuid B: Aguisín 3 Treoirlínte Forbartha agus Caighdeáin Theicniúla de Dhréachtphlean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2018-2024. Tá sé beartaithe ag Comhairle Chontae Dhún na nGall breis déanmhas a chur ar liosta TDC (RPS) sna seacht mbliana atá romhainn.  

 

Ar mhaith leat a sheiceáil an bhfuil do thógáil ar thaifead ar Struchtúir Chosanta nó ar Fhardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta? 

 

Más amhlaidh seiceáil anseo. Is struchtúir FNOA (NIAH) iad na poncanna gorma dorcha agus is iad na réaltaí bándearg struchtúir TDC (RPS). Má chliceálann tú ar cheachtar, cuirfidh sé faisnéis ar fáil maidir le gach maoin.

 

Suirbhé FNOA (NIAH) Dhún na nGall ina iomláine le fáil ar www.buildingsofireland.ie 

 

Ceisteanna Coitianta - Caomhantas

 

Dearbhú faoi Alt 57 den Acht

Féadfaidh úinéirí nó áititheoirí déanmhais chosanta ‘dearbhú’ a iarraidh faoi Alt 57 den Acht. Is é cuspóir an dearbhaithe seo ná a dhearbhú i scríbhinn an cineál oibreacha a dhéanfadh nó nach ndeanfadh difear ábhartha do shainghné an déanmhais nó do  ghné inspéise ar bith den déanmhas.

Seolann an tÚdarás Pleanála an dearbhú saor in aisce chuig úinéir nó áititheoir an déanmhais chosanta. Eisíonn an tÚdarás Pleanala an dearbhú laistigh de 12 seachtaine ón dáta a bhfaightear an t-iarratas faoi Alt 57. Foirm Iarratais Alt 57

 ‌

Le tuilleadh eolais a fhail, déan teagmháil leis an Oifigeach Caomhnaithe Gníomhach

ríomhphost:     [email protected]

Teileafón: 074 9153900