Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Ceadúnas Imeachtaí

Ceadúnú Imeachtaí

 

Ceadúnú Imeachtaí

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 Cuid XVI – ceadúnú imeachtaí amuigh faoin spéir

Baineann sé seo go sonrach le siamsaíocht phoiblí amuigh faoin spéir ar a bhfreastalaíonn cúig mhíle nó níos mó lucht féachana.

Rialacháin Leasaithe maidir le Ceadúnú Imeachtaí

Tá achoimre de na hathruithe liostaithe anseo thíos:-

  • Tá sé éigeantach do thionscnóirí imeachtaí cruinniú comhairliúcháin a bheith acu leis an údarás áitiúil iomchuí sula ndéanann siad iarratas ar cheadúnas d’aon imeacht ar leith.

  • Ní ghlacfaidh an t-údarás áitiúil le haon iarratais ar cheadúnais mura mbíonn an réamhchomhairliúchán seo idir iad féin agus an tionscnóir imeachta roimh ré.

  • Ní bheidh cead ag aon tionscnóir imeachta aon fhógraíocht a dhéanamh ná ticéid a dhíol d’imeachtaí sula mbíonn an cruinniú réamhchomhairliúcháin aige/aici leis an údarás áitiúil iomchuí sula ndéanann sé/sí an t-iarratas.

  • Má fhógraítear ticéid le díol nó má dhíoltar ticéid d’imeachtaí sula mbíonn an cruinniú réamhchomhairliúcháin ann, ní ghlacfaidh an t-údarás áitiúil ábhartha le hiarratais i gcomhair ceadúnais do na himeachtaí sin.

  • Ní mór iarratais i gcomhair ceadúnais d’imeachtaí a chur chuig an údarás áitiúil iomchuí ar a laghad 13 seachtaine roimh an dáta ar a bhfuil an t-imeacht beartaithe (10 seachtaine atá i gceist faoi láthair).

  • Ní mór d’údaráis áitiúla cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas i gcomhair ceadúnais d’imeacht ar dháta nach déanaí ná 4 seachtaine roimh an dáta ar a bhfuil an t-imeacht beartaithe.

  • Má bheartaítear breis dátaí a chur leis an sceideal atá fógraithe cheana féin, beidh cruinniú réamhchomhairliúcháin eile de dhíth sula ndéanfar aon dátaí breise a fhógairt.

  • Tá an tréimhse comharliúcháin poiblí, i dtaca le hiarratais i gcomhair ceadúnais imeachtaí, laghdaithe ó 5 seachtaine (faoi láthair) go 3 seachtaine).