Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Forbairt Mhídhleathach > Comhairle a fháil

Comhairle a fháil

Comhairle a Fháil

 

Moltar duit comhairle ghairmiúil a chuardach sula dtosaíonn tú ar aon chineál oibre. Féadfaidh tú comhairle a iarraidh ar ailtire nó gníomhaire pleanála creidiúnach. Má theastaíonn uait fáil amach an bhfuil cead pleanála de dhíth nó nach bhfuil, féadfaidh tú an t-eolas sin a fháil ón Údarás Pleanála. Féadfaidh tú comhairle a fháil ar bhealaí éagsúla mar a leanas:

 

  • glaoch a chur ar na hoifigí pleanála  074 9153900,
  • cruinniú réamhphleanála a shocrú – tionóltar iad seo go rialta sna hionaid seirbhíse poiblí.
  • Dearbhú a fháil  faoi Alt 5.

Tá sé i bhfad níos fearr a bheith ar an eolas faoi cheisteanna a bhaineann leis an bhforbairt atá beartaithe sula dtosaíonn tú obair ar bith.

 

Dearbhuithe faoi Alt 5

 

Má ardaítear ceist cé acu ar forbairt dhíolmhaithe atá i gceist le forbairt ar leith nó nach ea, féadfaidh duine dearbhú a iarraidh ar an údarás pleanála ina leith. Tugtar tarchur faoi Alt 5 nó Dearbhú Díolmhaithe air sin. 

 

Má theastaíonn ó fhorbróir iarratas a dhéanamh ar Tharchur faoi Alt 5, ní mór dó/dí foirm um Dearbhú ar Fhorbairt agus Forbairt Dhíolmhaithe a chur isteach, chomh maith le táille de €80 a íoc, léarscáil den suíomh, líníochtaí den fhorbairt atá beartaithe, sonraí agus cuntas iomlán ar an bhforbairt atá beartaithe a chur leis an bhfoirm.

 

D’fhéadfadh an t-údarás pleanála breis eolais a iarraidh chun go mbeadh ar chumas an údaráis an dearbhú a eisiúint. Sa chás sin, eiseoidh an t-údarás an dearbhú laistigh de thrí seachtaine i ndiaidh an eolais bhreise seo a fháil.

 

Mura bhfuil aon eolas breise de dhíth ar an údarás pleanála eiseofar an cinneadh ceithre seachtaine ón dáta a bhfuarthas an t-iarratas. Féadfaidh an t-iarratasóir achomharc a dhéanamh chuig an mBord Pleanála maidir leis an gcinneadh.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO