Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Pleananna Forbartha, Oidhreacht Thógtha & Deontais > Athruithe Ábhartha 7 mBaile

 

Athruithe Ábhartha ar Dhréachtphlean Limistéir Áitiúil na Seacht mBaile Straitéiseacha 2018-2024 a foilsíodh roimhe

 

Athruithe Ábhartha Beartaithe ar an Dréachtphlean Ceantair Áitiúil le haghaidh na Seacht mBaile Straitéiseacha 2018-2024, do na bailte seo: An Clochán Liath, Bealach Féich - Srath an Urláir, Béal Átha Seanaidh, Ceann an Droichid, Carn Domhnach, Baile Dhún na nGall agus na Cealla Beaga.

 

Cúlra

Tá sé de rún ag Comhairle Contae Dhún na nGall leasú a dhéanamh ar an Dréachtphlean Ceantair Áitiúil le haghaidh na Seacht mBaile Straitéiseacha 2018-2024, do na bailte seo: An Clochán Liath, Bealach Féich - Srath an Urláir, Béal Átha Seanaidh, Ceann an Droichid, Carn Domhnach, Baile Dhún na nGall agus na Cealla Beaga, trí 118 Athrú Ábhartha a dhéanamh, mar seo a leanas:

 

An Clochán Liath:                                          17 Athrú Ábhartha

Bealach Féich/Srath an Urláir:                     17 Athrú Ábhartha

Béal Átha Seanaidh:                                     26 Athrú Ábhartha 

Ceann an Droichid:                                         9 Athrú Ábhartha 

Carn Domhnach:                                             9 Athrú Ábhartha

Baile Dhún na nGall:                                      25 Athrú Ábhartha 

Na Cealla Beaga:                                            12 Athrú Ábhartha 

Ginearálta:                                                       3 Athrú Ábhartha

 

Tá cinneadh déanta ag an Chomhairle go bhfuil gá le Measúnacht Straitéiseach Chomhshaoil (MSC) agus Measúnacht Iomchuí (MI) a dhéanamh agus is féidir na Cinnithe seo a fheiceáil ag na naisc thíos.   Ag éirí as na Cinnithe seo tá tuarascálacha ullmhaithe ina bhfuil eolas ar (a) na héifeachtaí suntasacha ar dócha a bheith ann don timpeallacht de bharr na n-athruithe ábhartha beartaithe a chur i bhfeidhm; agus (b) an tionchar suntasach ar dócha a bheith ag na hathruithe ábhartha ar an ghréasán Eorpach de shuíomhanna Natura 2000 (Measúnacht Iomchuí), agus is féidir iad a fheiceáil ag na naisc thíos fosta.

 

Athruithe Ábhartha Beartaithe ar an Dréachtphlean Ceantair Áitiúil le haghaidh na Seacht mBaile Straitéiseacha 2018-2024, do na bailte seo: An Clochán Liath, Bealach Féich - Srath an Urláir, Béal Átha Seanaidh, Ceann an Droichid, Carn Domhnach, Baile Dhún na nGall agus na Cealla Beaga

 

Measúnacht Straitéiseach Chomhshaoil ar na hAthruithe Ábhartha Beartaithe ar an Dréachphlean Ceantair Áitiúil le haghaidh na Seacht mBaile Straitéiseach 2018-2024, Aguisín leis an Tuarascáil Chomhshaoil Bealtaine 2018

 

Aguisín leis an Mheasúnacht Iomchuí (MI); Tuarascáil Tionchair Natura ar na hAthruithe Ábhartha Beartaithe ar an Dréachtphlean Ceantair Áitiúil le haghaidh na Seacht mBaile Straitéiseacha 2018-2024 Bealtaine 2018

 

Cinneadh maidir leis an Ghá le haghaidh Measúnacht Straitéiseach Chomhshaoil

 

Cinneadh maidir leis an ghá atá le Measúnacht Iomchuí ar na hAthruithe Ábhartha

 

Nótaí Cúlra

Ag an chruinniú de Chomhairle Contae Dhún na nGall ar an 26 Márta 2018, agus de réir Alt 20 (3) (d) den Acht Pleanála & Forbartha 2000 (mar a leasaíodh), rinne Comhaltaí Chomhairle Contae Dhún na nGall plé ar an Dréacht-Phlean Ceantair Áitiúil agus ar Thuairisc an Phríomh-Fheidhmeannaigh i dtaca le breathnúcháin agus aighneachtaí a rinneadh le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí, agus shocraigh siad ar an Dréacht-Phlean Ceantair Áitiúil a leasú.  Tá 118 Athrú Ábhartha beartaithe san iomlán i measc na leasuithe sin.

 

De bhun Alt 20(3)(f) den Acht Pleanála agus Forbartha 2000 (mar a leasaíodh), rinne an tÚdarás Pleanála cinneadh  go raibh gá le Measúnacht Straitéiseach Comhshaoil (MSC) agus Measúnacht Iomchuí (MI) a dhéanamh maidir le roinnt áirithe de na hAthruithe Ábhartha atá beartaithe. Le cois, agus de bhun, Alt 20(3)(g) den Acht Phleanáil agus Forbartha 2000 (mar a leasaíodh), bhí tréimhse 7 seachtaine leagtha amach, ón 13 Aibreán 2018, mar riachtanas leis na measúnachtaí seo thuasluaite a éascú, agus i ndiaidh an ama sin go gcuirfí na hAthruithe Ábhartha atá beartaithe ar fáil lena scrúdú agus lena bplé, agus go lorgfaí aighneachtaí agus tuairimí.