Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Pleananna Forbartha, Oidhreacht Thógtha & Deontais > Athruithe Ábhartha ar Dhréacht-PFC 2018-2024

 

 

Athruithe Ábhartha ar Dhréachtphlean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2018-2024 a foilsíodh roimhe

 

 

  • Athruithe Ábhartha Beartaithe ar Dhréachtphlean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2018-2024

 

 

 

 

 

 

Nótaí Cúlra

Ag an chruinniú ar athló de Chomhairle Contae Dhún na nGall ar an 13 Nollaig 2017, agus de réir Alt 12(5) den Acht Pleanála & Forbartha 2000 (mar a leasaíodh), rinne Comhaltaí Chomhairle Contae Dhún na nGall plé ar an Dréacht-Phlean agus ar Thuairisc Alt 12(4) de chuid an Phríomh-Fheidhmeannaigh i dtaca le breathnúcháin agus aighneachtaí a rinneadh le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí, agus shocraigh siad ar an Dréacht-Phlean a leasú. Tá 40 Athrú Ábhartha beartaithe san iomlán i measc na leasuithe sin.

 De bhun Alt 12(7)(aa) den Acht Pleanála agus Forbartha 2000 (mar a leasaíodh), rinne an tÚdarás Pleanála cinneadh  go raibh gá le Measúnacht Straitéiseach Comhshaoil (MSC) agus Measúnacht Iomchuí (MI) a dhéanamh maidir le roinnt áirithe de na hAthruithe Ábhartha atá beartaithe. Le cois, agus de bhun, Alt 12(7)(ab) den Acht Phleanáil agus Forbartha 2000 (mar a leasaíodh), bhí tréimhse 7 seachtaine leagtha amach mar riachtanas leis na measúnachtaí seo thuasluaite a éascú, agus i ndiaidh an ama sin go gcuirfí na hAthruithe Ábhartha atá beartaithe ar fáil lena scrúdú agus lena bplé, agus go lorgfaí aighneachtaí agus tuairimí.