Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Pleananna Forbartha, Oidhreacht Thógtha & Deontais > Athrú Uimh. 2 Fuinneamh Gaoithe

Athrú Uimh. 2 (Fuinneamh Gaoithe) ar Phlean Forbartha Contae Dhún na nGall 2012-2018 (arna leasú)

 

Ag cruinniú de Chomhairle Contae Dhún na nGall ar an 30 Meitheamh 2014 shocraigh na Baill ar Athrú (Uimh. 2) a dhéanamh ar Phlean Forbartha Contae Dhún na nGall 2012 - 2018 (arna leasú) mar a soláthraíodh dó in Alt 13 den Acht Pleanála agus Forbartha 2000-2016. Baineann an tAthrú le Caibidlí 7 & 10 den PFC 2012-2018 (arna leasú) maidir le fuinneamh gaoithe.  

 

Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir an tAire in iúl do Chomhairle Contae Dhún na nGall go raibh cinneadh déanta aige, de bhun Alt 31 (16)(a) den Acht, Treoir a eisiúint ag fágáil ar lár na leasuithe sin a rinneadh mar chuid d’Athrú Uimh. 2 ag cruinniú de Chomhairle Contae Dhún na nGall ar an 30 Meitheamh 2014. Mar sin féin, i ndiaidh don Ardchúirt Ordú Toilithe a dhéanamh ar an 14 Márta 2017, ina bhfuil téarma go ndéanfar Treoir an Aire ‘a chur ar neamhní gan aon Ordú breise’, tá ceangal ar an Chomhairle anois Athrú Uimh. 2 a athbhunú sa dóigh is go mbeidh an Plean Forbartha Contae ag teacht le hOrdú na Cúirte.  

De bhun Ordú Príomh-Fheidhmeannaigh, tá an tAthrú i bhfeidhm arís agus is féidir é a lua mar Athrú Uimh. 2 (Fuinneamh Gaoithe) ar Phlean Forbartha Contae Dhún na nGall 2012 - 2018 (arna leasú).    Is féidir féachaint ar an Athrú ag an nasc seo a leanas:

Athrú Uimh. 2 (Fuinneamh Gaoithe) ar Phlean Forbartha Contae Dhún na nGall