; Bealach Féich - Srath an Urláir, Béal Átha Seanaidh, Ceann an Droichid, Carn Domhnach, Baile Dhún na nGall, An Clochán Liath agus Na Cealla Beaga.
Tá sé i gceist ag Comhairle Contae Dhún na nGall Dréachtphlean Ceantair Áitiúil a ullmhú i dtaca leis na Bailte/lonnaíochtaí seo a leanas i gContae Dhún na nGall:
Ag leanúint ón Réamh-Chomhairliúchán a rinneadh i mí Lúnasa / Meán Fómhair 2015 agus le bonn eolais a chur faoi ullmhú an Dréachtphlean Ceantair Áitiúil, tá ócáid phoiblí buail isteach á reáchtáil in achan bhaile, ag a mbeidh baill foirne ar fáil lena bhfuil i gceist leis an Phlean a phlé agus a mhíniú. Tá cuireadh roimh bhaill den phobal teacht chuig an ócáid chuí idir 4pm – 8pm. Beidh na himeachtaí ar siúl in achan bhaile mór mar seo a leanas:
Baile |
Ionad |
Dáta agus Am |
Ceann an Droichid |
Scoil Náisiúnta Naomh Aengus, Ceann an Droichid |
Dé Luain 8 Feabhra idir 4pm – 8pm |
Carn Domhnach |
Ionad Seirbhíse Poiblí Charn Domhnach, Bóthar Mhálanna, Carn Domhnach |
Dé Máirt 9 Feabhra idir 4pm – 8pm |
Bealach Féich / Srath an Urláir |
Ionad Fiontraíochta an BASE, Bóthar an Iarnróid, Srath an Urláir |
Dé Céadaoin 10 Feabhra 4pm- 8pm |
An Clochán Liath |
Ionad Seirbhíse Poiblí an Chlocháin Léith, Bóthar Ghaoth Dobhair, An Clochán Liath |
Déardaoin 11 Feabhra idir 4pm- 8pm |
Béal Átha Seanaidh |
Óstán Dorrians, An Phríomhshráid, Béal Átha Seanaidh. |
Dé Máirt 16 Feabhra idir 4pm- 8pm |
Baile Dhún na nGall |
Ionad Seirbhíse Poiblí Bhaile Dhún na nGall, Droim Lonachair, Baile Dhún na nGall |
Dé Céadaoin 17 Feabhra idir 4pm – 8pm |
Na Cealla Beaga |
Óstán Radharc an Chuain, An Phríomhshráid, Na Cealla Beaga |
Déardaoin 18 Feabhra idir 4pm – 8pm |
Fáiltítear roimh aighneachtaí nó tuairimí fosta i dtaca leis an Dréachtphlean Ceantair Áitiúil agus ba chóir iad a dhéanamh chuig:
Nóta: Más rud é go ndearna tú aighneacht le linn an Réamh-Chomhairliúcháin i mí Lúnasa / Meán Fómhair 2015, ní gá do chuid pointí a dhéanamh arís, ach más mian leat pointí nó moltaí breise a dhéanamh cuirfear iad sin san áireamh agus an Dréachtphlean á ullmhú againn.
Is féidir tuilleadh eolais ar chuspóir agus ar ábhar an Dréachtphlean Ceantair Áitiúil, chomh maith le bileog eolais, a fháil ar www.donegalcoco.ie nó ag na naisc seo a leanas:
Is féidir na Bileoga Eolais a scrúdú fosta in oifigí de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall agus in Ionaid Leabharlainn an Chontae.
'ag freastal ar mhuintir Dhún na nGall'