Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Pleananna Forbartha, Oidhreacht Thógtha & Deontais > Plean a Ullmhú do Leitir Ceanainn

 

 

LEITIR CEANAINN

PLEANÁIL DON FHÁS

 

Tuarascáil ar na hImeachtaí Comhairliúcháin

a tionóladh i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh 2018 agus i mí Feabhra 2019

 

 

Le linn mhí na Bealtaine agus mhí an Mheithimh 2018 agus le linn mhí Feabhra 2019, ghlac thart ar 700 duine páirt in imeachtaí comhairliúcháin a tionóladh chun cabhrú le Plean Limistéir Áitiúil a ullmhú do Leitir Ceanainn.

 

Le linn na n-imeachtaí, díríodh go príomha ar threo straitéiseach roghnaithe an bhaile, go háirithe ar thairiscint fáis straitéisigh a shocrú lena gcumasófaí Leitir Ceanainn a fhás ina cathair a mbeadh cónaí ar níos mó ná 35,000 duine inti amach anseo agus a bhrúfadh an geilleagar chun cinn i Réigiún Cathracha an Iarthuaiscirt.

 

Agus aird á tabhairt ar an aiseolas ar fad a fuarthas le linn na n-imeachtaí comhairliúcháin, bhí sé soiléir gurb amhlaidh, ar leibhéal straitéiseach, go bhfuil na pobail i Leitir Ceanainn ar aon intinn gurb é an tairiscint fáis sin an fhís agus an treo ar cheart dúinn pleanáil dóibh.

 

Ag gníomhú dóibh i gcomhar lena chéile, shainaithin pobail Leitir Ceanainn 9 bpríomhthéama straitéiseacha a measann siad gur gníomhaíocht/bearta/cur chuige atá riachtanach iad chun ár bhfís a bhaint amach.

 

 

 

 

 

 

Ag an nasc seo a leanas, is féidir tuilleadh faisnéise a fháil faoi na tuairimí a chuir daoine in iúl ag na himeachtaí comhairliúcháin a tionóladh i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh 2018: Tuilleadh faisnéise: Tuilleadh faisnéise.

 

Is féidir amharc ag an nasc seo a leanas ar thuilleadh faisnéise faoi na tuairimí a chuir Ionadaithe do Chumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann, do Chomhairle na nÓg agus don Fhóram Daoine Scothaosta in iúl: Tuilleadh faisnéise.

 

Na chéad chéimeanna eile:

Úsáidfear na 9 dtéama straitéiseacha a d’eascair as an phróiseas comhairliúcháin mar threoir anois agus doiciméad oibre an Dréachtphlean Limistéir Áitiúil á dhréachtú. Tá sé beartaithe go ndéanfaidh na comhaltaí tofa breithniú air sin thart ar mhí Mheán Fómhair 2019. Foilseofar Dréachtphlean le haghaidh tuilleadh comhairliúcháin phoiblí ina dhiaidh sin.

 

Lean sinn ar leathanaigh Facebook agus Twitter na Comhairle ach an haischlib #letterkennyplan a úsáid