Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Rialú Tógála > Deimhnithe Rochtana Míchumais Cuid M

Deimhnithe Rochtana Míchumais Cuid M

DEIMHNITHE ROCHTANA MÍCHUMAIS - CUID M

 

Deimhnithe Rochtana Míchumais

 

Is é is Deimhniú Rochtana Míchumais ann ná deimhniú arna eisiúint ag an Údarás Rialaithe Foirgníochta. Luaitear ann go gcomhlíonfaidh na hoibreacha nó na foirgnimh lena mbaineann an t-iarratas, fad a dhéanfar nó a thógfar iad de réir na bpleananna agus na sonraíochtaí a cuireadh isteach, ceanglais Chuid M den Dara Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin Foirgníochta, 1997 - 2011. Féadfar Deimhniú Rochtana Míchumais a dheonú fara coinníollacha nó gan choinníollacha nó féadfar diúltú don iarratas ar Dheimhniú.

 

Ach amháin i gcás tithe agus foirgneamh talmhaíochta áirithe, tá Deimhniú Rochtana Míchumais ag teastáil i bhformhór na gcásanna do gach foirgneamh nua, lena n-áirítear árasáin. Tá deimhniú ag teastáil freisin chun athruithe ábhartha úsáide agus athruithe áirithe a dhéanamh ar fhoirgnimh agus chun síntí áirithe a chur leo.

 

Go teicniúil, ní bheidh Deimhniú Rochtana Míchumais ag teastáil sula dtosófar an obair. Mar sin féin, ní fhéadfar foirgneamh a oscailt, a oibriú, a áitiú ná a cheadú ach amháin i gcás gur deonaíodh Deimhniú Rochtana Míchumais nó ar feitheamh cinneadh ó phróiseas achomhairc. Chun obair feabhais chostasach a sheachaint, molann an tÚdarás Rialaithe Foirgníochta go láidir go ndéanfaí iarratas ar Dheimhniú Rochtana Míchumais i gcomhthráth leis an iarratas ar Dheimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán, is é sin, sula gcuirfear fógra tosach feidhme isteach. Fágann sé sin go mbeifear in ann a chinntiú go mbeidh an Deimhniú Rochtana Míchumais agus aon choinníollacha a bhaineann leis leagtha amach sula dtosófar na hoibreacha. Uaireanta, bíonn sé deacair agus costasach athruithe a dhéanamh tar éis na n-oibreacha foirgníochta.

 

Má áitíonn tú foirgneamh gan Deimhniú Rochtana Míchumais a bheith agat, fágfaidh tú tú féin gan chosaint ar ionchúiseamh faoin reachtaíocht um rialú foirgníochta. Má chinneann tú ag tráth níos déanaí d’áitreabh a dhíol, is dóigh go n-iarrfaidh aturnae an cheannaitheora cóip den Deimhniú Rochtana Míchumais don fhoirgneamh. Mura mbeidh tú in ann Deimhniú Rochtana Míchumais a chur ar fáil, tá seans ann go mbeidh sé deacair duit an t-áitreabh a dhíol.

 

Is é an tréimhse reachtúil nach mór d’Údarás Rialaithe Foirgníochta iarratas ar Dheimhniú Rochtana Míchumais a phróiseáil inti ná tréimhse dhá mhí nó cibé tréimhse ama fhadaithe a chomhaontófar idir an t-iarratasóir agus an tÚdarás ag aon am. Mar sin féin, ní mór an fhaisnéis ar fad a chur ar fáil don údarás roimh thús na tréimhse reachtúla sin ionas go mbeidh faisnéis dhóthanach aige chun cinneadh a dhéanamh ar an iarratas. Cuirfear moill ar an chinneadh ar an iarratas má tá doiciméid an iarratais neamhiomlán. I gcás go measfar gur gá faisnéis bhreise a thabhairt san iarratas nó modhnuithe a dhéanamh air, féadfaidh an t-oifigeach a bheidh ag scrúdú an iarratais an méid sin a iarraidh ón iarratasóir. Féadfar achomharc a dhéanamh chuig an Bhord Pleanála i gcoinne cinneadh ón údarás rialaithe foirgníochta laistigh de mhí amháin ón chinneadh. Seoltar sonraí faoin phróiseas achomhairc agus faoin táille achomhairc amach le gach cinneadh.

 

Inneachar an iarratais ar Dheimhniú Rochtana Míchumais

 

Ba cheart foirm iarratais chomhlánaithe, líníochtaí ábhartha (i ndúblach), tuarascáil maidir le rochtain míchumais agus an táille chuí a bheith ag gabháil le hiarratas ar Dheimhniú Rochtana Míchumais. Is gá a thaispeáint san iarratas go gcomhlíonfaidh an fhorbairt Cuid M den Dara Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin Foirgníochta. Bealach amháin chun é sin a dhéanamh is ea aghaidh a thabhairt go córasach ar gach clásal ábhartha de na Cóid agus na Treoirdhoiciméid ar leith atá á n-úsáid i ndearadh inrochtana an fhoirgnimh. Tá ceanglais shonracha leagtha amach sna nótaí a ghabhann leis an fhoirm iarratais.

 

De ghnáth, is é an duine a dhéanann an t-iarratas ar Dheimhniú Rochtana Míchumais ná Innealtóir nó Ailtire atá eolach ar na Rialacháin Foirgníochta agus ar an nós imeachta le haghaidh iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Rochtana Míchumais. Is gá inneachar an iarratais a leagan amach go cuimsitheach. Ba cheart do dhuine a bheidh ag ullmhú iarratas ar Dheimhniú Rochtana Míchumais eolas fónta a bheith aige/aici ar fhoirgníocht agus ar dhearadh inrochtana. Má tá faisnéis nó líníochtaí in easnamh san iarratas, measfaidh an t-údarás áitiúil é a bheith neamhbhailí.

 

Deimhniú Athbhreithnithe Rochtana Míchumais

 

Deonaítear Deimhniú Rochtana Míchumais bunaithe ar an dearadh agus ar an fhaisnéis a cuireadh isteach. Má imítear ag céim na tógála ó na doiciméid a cuireadh isteach, tá seans ann go ndéanfar an Deimhniú Rochtana Míchumais neamhbhailí don fhoirgneamh críochnaithe. Glactar leis, ar ndóigh, go ndéantar athruithe de réir mar a théann an tionscadal tógála ar aghaidh. Tá seans ann nach mbeidh aon tionchar ag na hathruithe sin ar inrochtaineacht nó tá seans ann go mbeidh siad chomh suntasach sin go mbeidh iarratas nua ar Dheimhniú Rochtana Míchumais ag teastáil. Moltar go ndéanfá teagmháil leis an rannóg Rialaithe Foirgníochta maidir le haon athruithe. I gcás go ndéanfar athbhreithniú suntasach ar dhearadh aon fhoirgnimh, ar na hoibreacha ar aon fhoirgneamh nó ar an síneadh le haon fhoirgneamh nó go ndéanfar athrú ábhartha nó athrú ábhartha úsáide ar aon fhoirgneamh ar dheonaigh údarás rialaithe foirgníochta deimhniú rochtana míchumais ina leith, tá seans ann go mbeidh deimhniú athbhreithnithe rochtana míchumais ag teastáil.

 

Foirmeacha Iarratais Reachtúla do Chuid M

 

Iarratas ar Dheimhniú Rochtana Míchumais

Dhispeansáid/Maolú ó cheanglas sna rialacháin foirgníochta

 

 

 

 

 

 

Ceisteanna coitianta maidir le Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán

 

Ceisteanna coitianta maidir le Deimhnithe Rochtana Míchumais

Treoirdhoiciméad maidir le hIarratas a Dhéanamh ar Dheimhniú Rochtana Míchumais

Seicliosta le haghaidh na Líníochtaí a bheidh in Iarratas ar Dheimhniú Rochtana Míchumais

Eochair Siombailí le haghaidh na Líníochtaí a bheidh in Iarratas ar Dheimhniú Rochtana Míchumais