Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Rialú Tógála > Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán Cuid B

Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán Cuid B

DEIMHNIÚ UM SHÁBHÁILTEACHT Ó DHÓITEÁN - CUID B

 

Is é is Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán ann ná deimhniú arna eisiúint ag an Údarás Rialaithe Foirgníochta. Luaitear ann go gcomhlíonfaidh na hoibreacha nó na foirgnimh lena mbaineann an t-iarratas, fad a dhéanfar nó a thógfar iad de réir na bpleananna agus na sonraíochtaí a cuireadh isteach, ceanglais Chuid B den Dara Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin Foirgníochta, 1997 - 2011. Féadfar Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán a dheonú fara coinníollacha nó gan choinníollacha nó féadfar diúltú don iarratas ar Dheimhniú.

 

 

Ach amháin i gcás tithe agus foirgneamh talmhaíochta áirithe, tá Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán ag teastáil i bhformhór na gcásanna do gach foirgneamh nua, lena n-áirítear árasáin. Tá deimhniú ag teastáil freisin chun athruithe ábhartha úsáide agus athruithe áirithe a dhéanamh ar fhoirgnimh agus chun síntí áirithe a chur leo. Má tá sé beartaithe ag duine oibreacha a thosú sular deonaíodh Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán, ní mór fógra 7 lá a thaisceadh leis an údarás rialaithe foirgníochta. Mura bhfuil, beidh Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán ag teastáil roimh thosú na n-oibreacha.

 

 

Má thógann tú gan Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán a bheith agat, fágfaidh tú tú féin gan chosaint ar ionchúiseamh faoin reachtaíocht um rialú foirgníochta. Má chinneann tú ag tráth níos déanaí d’áitreabh a dhíol, is dóigh go n-iarrfaidh aturnae an cheannaitheora cóip den Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán don fhoirgneamh. Mura mbeidh tú in ann Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán a chur ar fáil, tá seans ann go mbeidh sé deacair duit an t-áitreabh a dhíol. Más rud é go dtógann tú teach tábhairne/áitreabh ceadúnaithe gan Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán a bheith agat, beidh sé deacair duit freisin ceadúnas a fháil nó a athnuachan.

 

 

Is é an tréimhse reachtúil nach mór d’Údarás Rialaithe Foirgníochta iarratas ar Dheimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán a phróiseáil inti ná tréimhse dhá mhí nó cibé tréimhse ama fhadaithe a chomhaontófar idir an t-iarratasóir agus an tÚdarás ag aon am. Mar sin féin, ní mór an fhaisnéis ar fad a chur ar fáil don údarás roimh thús na tréimhse reachtúla sin ionas go mbeidh faisnéis dhóthanach aige chun cinneadh a dhéanamh ar an iarratas. Cuirfear moill ar an chinneadh ar an iarratas má tá doiciméid an iarratais neamhiomlán. I gcás go measfar gur gá faisnéis bhreise a thabhairt san iarratas nó modhnuithe a dhéanamh air, féadfaidh an t-oifigeach a bheidh ag scrúdú an iarratais an méid sin a iarraidh ón iarratasóir. Féadfar achomharc a dhéanamh chuig an Bhord Pleanála i gcoinne cinneadh ón údarás rialaithe foirgníochta laistigh de mhí amháin ón chinneadh. Seoltar sonraí faoin phróiseas achomhairc agus faoin táille achomhairc amach le gach cinneadh.

 

 

Cruthaítear leis na Rialacháin um Rialú Foirgníochta, 1997 – 2009, 3 dheimhniú ar leith lena bpléitear le sábháilteacht ó dhóiteán:

Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán - Tá an deimhniú seo ag teastáil i gcás go mbeartaíonn an t-iarratasóir foirgneamh nua, síneadh le foirgneamh nua nó athruithe áirithe ar fhoirgneamh atá ann cheana.

Deimhniú Athbhreithnithe um Shábháilteacht ó Dhóiteán - Tá an deimhniú seo ag teastáil chun inneachar aon deimhnithe um shábháilteacht ó dhóiteán a deonaíodh roimhe seo a thabhairt cothrom le dáta, de bharr athruithe atá beartaithe nó riachtanach ar dhearadh an fhoirgnimh.

Deimhniú um Thabhairt chun Rialtachta - Tá sé seo ag teastáil i gcás gur tosaíodh nó gur críochnaíodh oibreacha tógála a bhfuil Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán ag teastáil ina leith tar éis an 1 Meitheamh 1992 gan iarratas gaolmhar a dhéanamh ar Dheimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán. Ní mór Dearbhú Reachtúil a bheith ag gabháil le haon iarratas ar Dheimhniú um Thabhairt chun Rialtachta. Luaitear sa dearbhú sin go gcomhlíonann na hoibreacha Cuid B de na Rialacháin Foirgníochta. Ceanglaítear leis an dearbhú freisin ar an iarratasóir comhaontú le cigireacht ag an Údarás Rialaithe Foirgníochta agus aon oibreacha breise a gceanglaíonn an tÚdarás iad a chur i gcrích.

 

Fógra 7 Lá

I gcás go mbeartaítear leas a bhaint as an iarratas ar Fhógra 7 Lá (oibreacha a bhfuil Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán ag teastáil ina leith), ní mór na nithe thuas, i dteannta dearbhú reachtúil agus iarratas bailí ar Dheimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán, a bheith ag gabháil leis an iarratas.

Ní mór na nithe seo a leanas a bheith ag gabháil leis an Fhógra 7 Lá freisin:

  • cibé pleananna, ríomhaireachtaí, sonraíochtaí agus mionsonraí atá riachtanach chun a leagan amach conas a chomhlíonfaidh na hoibreacha nó na foirgnimh atá beartaithe ceanglais an Dara Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin Foirgníochta. Áirítear leis sin—

  • líníochtaí den leagan amach ginearálta, lena n-áirítear pleananna, codanna agus ingearchlónna,

  • sceideal dá leithéid pleananna, ríomhaireachtaí, sonraíochtaí agus mionsonraí mar atá deartha faoi láthair nó mar a ullmhófar ag tráth níos déanaí,

  • measúnú ar líne a chomhlánú, tríd an Chóras Bainistíochta um Rialú Foirgníochta, ar an chur chuige atá beartaithe a ghlacadh i leith ceanglais an Dara Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin Foirgníochta a chomhlíonadh,

  • an réamh-Phlean Cigireachta arna ullmhú ag an Deimhnitheoir Sannta, agus

     

    Na deimhnithe agus na fógraí seo a leanas sna foirmeacha cuí