Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Rialú Tógála > Faisnéis do Dheimhnitheoirí Sannta agus do Dhearth

Faisnéis do Dheimhnitheoirí Sannta agus do Dhearthóirí

Faisnéis do Dheimhnitheoirí Sannta agus do Dhearthóirí

 

Nóta 

 

  • Ní mór gur Innealtóir Cairte Cláraithe, Ailtire Cláraithe nó Suirbhéir Foirgnimh Cláraithe é/í an Deimhnitheoir Deartha agus Sannta.

  • Ní mór go bhfuil an tógálaí inniúil chun na hoibreacha a dhéanamh de réir na líníochtaí agus na sonraíochtaí a soláthraíodh agus de réir na Rialachán Foirgníochta.

  • Ní mór a leagan amach sna líníochtaí, sna ríomhaireachtaí agus sna sonraíochtaí conas a chomhlíonfaidh na hoibreacha nó na foirgnimh atá beartaithe ceanglais theicniúla na Rialachán Foirgníochta.

  • Ní chun críocha rialaithe foirgníochta atá na líníochtaí a chuirtear isteach ag céim an cheada pleanála. Mar sin, ní dóigh gur leor iad chun comhlíonadh na Rialachán Foirgníochta a thaispeáint ná chun treoir a thabhairt do thógálaí maidir leis na hoibreacha a chur i gcrích go cuí.

     

    FAISNÉIS NUA FAOI NÓSANNA IMEACHTA AN CHÓRAIS BHAINISTÍOCHTA UM RIALÚ FOIRGNÍOCHTA 

     

    Eiseofar mír anocht, Dé hAoine an 15 Lúnasa 2014. Is iad seo a leanas roinnt nithe ar cheart a bheith ar an eolas fúthu: 

  1. Tabharfar an t-úsáideoir chuig an táb ceart um Ghlacadh le Róil ach leas a bhaint as an nasc sa ríomhphost a seoladh chuig geallsealbhóirí maidir le daoine a ainmniú chuig róil.  Ba cheart go maolódh sé sin aon fhadhbanna a bhaineann le Glacadh le Róil.
  2. Tháinig athrú ar an phróiseas um Ghlacadh le Róil.  Is féidir le húsáideoirí róil a ainmniú agus dul ar aghaidh chuig céim an Doiciméadúcháin anois gan Glacadh le Ról ar dtús.  Tráth a fhaightear an aighneacht, seiceálfaidh an córas gur ghlac na húsáideoirí uile leis an ról lena mbaineann. Bacfaidh sé an aighneacht murar ghlac siad leis.
  3. Réitíodh an fhadhb a bhain le húinéirí a bheith ag glacadh le róil gan faisnéis chuí a chur isteach (e.g. a bhfaisnéis Seolta).
  4. Ba ghnách le húsáideoirí dhá ríomhphost a fháil nuair a ainmníodh chuig ról iad.  Ní bhfaighidh siad ach ríomhphost amháin as seo amach.
  5. Bhaineamar an fheidhm lenar cumasaíodh do gach úsáideoir, seachas an deimhnitheoir sannta, doiciméid a uaslódáil tar éis an t-iarratas a chur isteach (de réir treoir ón Ghrúpa Stiúrtha).
  6. Tá téacs cabhrach breise ann anois maidir le méid na híocaíochta agus maidir le conas an méid sin a athrú i gcás go bhfuil sé mícheart.

Ba cheart go mbeadh tionchar suntasach ag na hathruithe sin ar an ualach tacaíochta atá ann faoi láthair.  Is mór againn d’fhoighne le linn na céime feabhsúcháin seo. 

 

 

14 Iúil 14 Ní mór Glacadh le Róil trí Ríomhphost & Sonraí faoin Ghearrfhógra Tosach Feidhme

 

B’fhearr go ndéanfadh na páirtithe uile idirchaidreamh leis na Deimhnitheoirí Sannta, toisc gurb iad sin na daoine atá freagrach as an chomhad a uaslódáil ar an Chóras Bainistíochta um Rialú Foirgníochta.