Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Rialú Tógála > Radón Cuid C

Radón Cuid C

Radón - Cuid C

 

Cad is Radón ann?

 

Gás radaighníomhach atá ann go nádúrtha is ea radón. Tagann sé as meath an úráiniam i gcarraigeacha agus in ithreacha. Tá sé gan dath, gan bholadh agus gan bhlas agus ní féidir é a thomhas ach amháin trí threalamh speisialta a úsáid. Cé go gcruinníonn radón san aer, caolaítear go tapa é ina thiúchaintí neamhdhíobhálacha. Nuair a théann radón isteach i spás iata amhail teach nó foirgneamh eile, áfach, is féidir leis a chnuasach ina thiúchaintí atá ró-ard.

 

Moltar go seachnófaí neamhchosaint fhadtéarmach ar thiúchaintí radóin os cionn leibhéil áirithe. Ceanglaítear leis na Rialacháin Foirgníochta go nglacfaí réamhchúraimí chun seachaint a dhéanamh ar an bhaol don tsláinte agus don tsábháilteacht a thagann as na substaintí atá le fáil sa talamh faoi bhun foirgneamh. Tá treoir shonrach faoi conas é sin a dhéanamh le fáil i dTreoirdhoiciméad Teicniúil C, 1997.

Tá éagsúlacht shuntasach ann maidir leis na leibhéil radóin atá le fáil i gContae Mhaigh Eo. Chun teacht ar an leibhéal radóin atá ann i do cheantar, tabhair cuairt ar shuíomh Gréasáin na hInstitiúide Éireannaí um Chosaint Raideolaíoch agus scrúdaigh an léarscáil lena léirítear na leibhéil radóin atá ann ar fud na hÉireann. Tugtar ar an suíomh freisin faisnéis mhionsonraithe faoi radón, faoi conas radón a thomhas agus faoi bhealaí inar féidir leibhéil radóin a laghdú.

 

De réir na Rialachán Foirgníochta (Treoirdhoiciméad Teicniúil C), is gá bearta áirithe um radón a chosc a chur san áireamh agus gach teach nua á thógáil. Beidh an méid cosanta atá ag teastáil ag brath ar cé acu atá nó nach bhfuil an láithreán lonnaithe laistigh de Limistéar Ard-radóin. Moltar don úinéir dearthóir inniúil agus maoirseoir inniúil a fhostú chun a chinntiú go ndéanfar an leibhéal cuí beart um radón a chosc agus go gcuirfear i bhfeidhm go cuí iad.

 

Moltar go láidir d’úinéirí foirgnimh measúnú a fháil ar leibhéal tiúchana radóin a bhfoirgnimh nuair atá an foirgneamh in úsáid agus measúnú eile a fháil tar éis gníomhaíocht feabhais a dhéanamh, i gcás go mbeidh a leithéid gníomhaíochta ag teastáil.

 

An Institiúid Éireannach um Chosaint Raideolaíoch