Má chruthaíonn do ghnólacht dramhbhia, ní féidir é a chur chuig láithreán dumpála agus caithfear é a bhailiú lena chóireáil, nó é a chóireáil ar an áitreabh féin.
Caithfear gach dramhbhia a choinneáil scartha ó gach dramhaíl nó bruscar eile. Caithfear é a chur ar fáil i mbosca bruscair donn le haghaidh seirbhís bailiucháin, áit a ndéantar é a athchúrsáil in ionad athchúrsála dramhbhia, mar shampla, ionad déanta múirín. Nó mar mhalairt, is féidir dramhbhia a thabhairt go díreach chuig ionad déanta múirín, nó is féidir é a chóireáil trí é a mhúiríniú ar an áitreach ina gcruthaítear é.
Déan teagmháil le do Bhailitheoir Dramhaíola le bheith in ann seirbhís bhailiúcháin le haghaidh bosca bruscair donn a shocrú.
Fá choinne tuilleadh eolais ar na Rialacháin Dramhbhia déan teagmháil leis an Oifigeach Rialachán Dramhaíola nó leis an Oifigeach Athchúrsála Dramhaíola i gComhairle Contae Dhún na nGall.