Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Timpeallacht - Environment > Eolas fá choinne Sealbhóirí Tí > Athchúrsáil ar DTLL

Athchúrsáil Earraí Leictreacha saor in aisce

Sealbhóirí Tí

 

Is féidir leat aon earra leictreach nó leictreonach, de mhéid ar bith, a thabhairt chuig aon Ionad Athchúrsála SAOR IN AISCE.

 

San áireamh leis seo, tá aon rud a ngabhann cadhnra nó plocóid leis, mar shampla, fearais mhóra tí, tóstaeir, teilifíseáin, gutháin phóca, áireamháin, triomadóirí gruaige, bréagáin.

 

Tabhair Earraí Leitreacha agus Leictreonracha ar ais chuig an Díoltóir saor in Aisce

Is féidir le sealbhóirí tí sean-earraí leictreacha nó leictreonacha a thabhairt ar ais chuig an díoltóir saor in aisce nuair a cheannaíonn siad píosa trealaimh den chineál chéanna. Níl aon teorainn ama leis an rogha seo.

 

Seachadadh

 

Má tá fógra seachadta 24 huaire tugtha ag miondíoltóir do shealbhóir tí agus má tá do sheantrealamh réidh le bailiú i.e. gan a bheith ceangailte le haon soláthar leictreachais, gáis nó uisce, píopa fuíolluisce nó struchtúr buan, caithfidh an miondíoltóir an seantrealamh a bhailiú agus an trealamh úr á sheachadadh aige.

 

Ní mór do dhíoltóirí seanphíosa trealaimh a thógáil nuair atá trealamh úr á sheachadadh acu:

  • má tá fógra seachadta 24 uaire tagtha ag an díoltóir don sealbhóirí tí
  • agus má tá do sheanphíosa trealaimh réidh le bailiú i.e. gan a bheith ceangailte le haon soláthar leictreachais, gáis ná uisce, ná le haon phíopa fuíolluisce ná aon struchtúr buan.
  • mura bhfuil an seantrealamh ar fáil le bailiú is féidir leis an sealbhóir tí é a thabhairt ar ais chuig an siopa, chuig an ghnólacht nó chuig ionad athchúrsála.
  • ach, más rud é nár thug an díoltóir fógra 24 uaire maidir leis an seachadadh trealaimh, is féidir leis an sealbhóir tí iarraidh ar an díoltóir teacht ar ais agus an seanphíosa trealaimh a thógáil laistigh de 15 lá.  

 

 

Ag Ceannach ar Líne nó ó chatalóga etc

 

Caithfidh an miondíoltóir a chinntiú gur féidir an trealamh leictreach nó leictreonach a thabhairt ar ais saor in aisce, ar bhonn ceann amháin in aghaidh an chinn eile. Caithfidh siad fosta fógra infheicthe a chur ar a suíomh idirlín, ar a gcatalóg nó ar fhógraí a chuireann in iúl go bhfuil an tseirbhís 'tabhair ar ais' seo ar fáil saor in aisce, píosa amháin trealaimh in aghaidh an chinn eile. Baineann na coinníollacha thuas i dtaca le fógra 24 huaire / 15 lá ó dháta an tseachadta sa chás seo chomh maith.

 

Earraí beaga leictreacha agus leictreonacha a thabhairt ar ais chuig siopaí níos mó, SAOR IN AISCE

 

Ní mór do ghnólachtaí móra leictreacha, a bhfuil díolacháin níos mó ná 400 méadar cearnach acu, earraí beaga leictreacha agus earraí beaga leictreonacha (níos lú ná 25cm) a ghlacadh ar ais saor in aisce agus gan aon cheangal ar an chustaiméir ceann nua a cheannach.

 

Fá choinne tuilleadh eolais ar an Tomhaltóir agus Earraí Leictreacha, déan teagmháil le WEEE Éireann

 

 

Miondíoltóirí

 

Tá dualgas ar mhiondíoltóirí earraí leictreacha agus earraí leictreonacha gach áitreabh dá gcuid a chlárú le Comhairle Contae Dhún na nGall, agus caithfidh siad athchlárú a dhéanamh gach bliain faoin 31 Eanáir.  Is é €200 an táille chláraithe. Nó mar mhalairt, is féidir le miondíoltóirí clárú le WEEE Éireann saor in aisce, agus is clárú aon-uaire é seo.

 

Foirm Iarratais don Chéad Chlárú agus le hAthchlárú le Comhairle Contae Dhún na nGall.

 

Fá choinne tuilleadh eolais ar an Mhiondíoltóir agus Earraí Leictreacha, déan teagmháil le WEEE Éireann

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO