Ionaid Athchúrsála
Tá sé cinn d’Ionaid Athchúrsála i nDún na nGall suite i gCarn Domhnach, Leitir Ceanainn, Baile na nGallóglach, An Clochán Liath, Srath an Urláir agus An Lathaigh.
Tá limistéar suntasach saor in aisce sna hionaid seo, agus tá limistéar iontu fosta ina mbíonn táillí athchúrsála le híoc. Glactar saor in aisce le bruscar ar nós gloine, cannaí, teicstílí, cadhnraí agus earraí leictreacha. Tá táillí i gceist, ó €1 go dtí €8 le haghaidh páipéar athchúrsála, plaisteach crua, cairtchlár, cartáin agus dramh-olaí.
2019 Bileog Ionaid Athchúrsála (Nollaig) - Uaireanta Oscailte, eolas ar an athchúrsáil agus bainistiú dramhaíola
Socruithe Uaireanta Oscailte don Nollaig agus don Bhlian úr:
Druidte:
25 Nollaig 19 @ Carn Domhnach, Baile na nGallóglach, Leitir Ceanainn
26 Nollaig 19 @ Leitir Ceanainn, Srath an Urláir, An Lathaigh, An Clochán Liath
1 Eanáir 20 @ Carn Domhnach, Baile na nGallóglach, Leitir Ceanainn
Druidim Luath: 24 Nollaig 19 @ 2pm Leitir Ceanainn agus Srath an Urláir
Aimsigh an tIonad Athchúrsála is cóngaraí duit