Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Timpeallacht > An truailliú a rialú > Truailliú ó Thorann

Truailliú ó Thorann

Reachtaíocht agus Rialacháin a bhaineann le Torann

Meastar gur núis é torann más torann é de chineál leanúnach nó ard, nó de chineál a dhéantar go minic, agus é ag teacht ó theach cónaithe, ó ionad oibre nó ó ghnó áitiúil ag tráthanna agus ar feadh tréimhsí sa chaoi go ndéanann sé difear do cháilíocht beatha aon duine.

 

Tá reachtaíocht ann in Éirinn chun déileáil le truailliú ó thorann. I measc na míreanna sonracha dlí a rialaíonn an réimse seo áirítear Alt 180 den Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil 1992 agus na Rialacháin um an Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (Torann) 1994 (I.R. Uimh. 179 de 1994). Cé nach bhfuil leibhéal beacht an torainn a mheastar a bheith mídhleathach a lua go sonrach sa reachtaíocht, is léir go bhfuil sé de cheart ag saoránaigh gearán a dhéanamh má dhéanann torann comharsanachta difear do cháilíocht saoil an tsaoránaigh atá i gceist.

 

Gearán faoi Thorann a Dhéanamh

Déanann Comhairle Chontae Dhún na nGall faireachán ar thorann ina cuid áitreabh féin agus tá sé de chumas aici fosta faireachán a dhéanamh ar thorann ar láithreáin tionscail.

 

Ní hé polasaí Chomhairle Chontae Dhún na nGall é a bheith bainteach le gearáin idir comharsana.

 

Molann an Chomhairle don duine a ndéanann torann difear dó dul chuig an duine is cúis leis an núis ó thorann agus a mhíniú dó/di go bhfuil sé ag cruthú deacrachtaí agus féachaint le teacht ar réiteach atá inghlactha ag an dá pháirtí.

 

Mura n-éiríonn leis sin, is féidir le duine a bhfuil ábhar gearáin aige/aici gearán foirmiúil a dhéanamh leis an Chúirt Dúiche agus Ordú a lorg chun déileáil leis an núis ó thorann i.e. torann atá chomh hard sin agus chomh leanúnach sin, a dhéantar chomh minic sin, a bhfuil a airde chomh géar sin, a mhaireann chomh fada sin, nó a tharlaíonn ag tráthanna a fhágann, go bhfuil cúis réasúnach ag duine gearán a dhéanamh.

 

Ar dtús, caithfidh gearánach fógra a thabhairt don duine a bhfuil an torann á dhéanamh aige/aici á rá go bhfuil sé ar intinn aige/aici gearán foirmiúil a dhéanamh chuig an Chúirt Dúiche agus, ansin, caithfidh sé/sí fógra a sheirbheáil ar an gciontóir líomhnaithe á rá go bhfuil gearán á dhéanamh agus sin a dhéanamh 7 lá ar a laghad sula ndéantar an gearán chuig an Chúirt. Éistfidh an Chúirt Dúiche an dá thaobh den ghearán agus i gcás ina ndéantar cinneadh i bhfabhar an ghearánaigh is féidir léi a ordú don duine nó don chomhlacht a bhfuil an torann á dhéanamh aige/aici an torann a ísliú chuig leibhéal sonrach d’fhonn é a theorannú e.g. d’amanna sonraithe, nó d’fhonn é a stopadh ar fad.


Tá treoir faoi conas déileáil leis an ábhar seo le fáil ón An Roinn Cumsarsáidí, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil 


Is féidir le Comhairle Chontae Dhún na nGall Fógra Forfheidhmiúcháin a sheirbheáil ar aon duine atá i gceannas aon áitribh, próiseas nó oibreacha, seachas gníomhaíocht atá faoi rialú an EPA. Ní mór léiriú a thabhairt san fhógra faoi na bearta atá le déanamh chun an torann a chosc nó a theorannú agus féadfar tréimhse a lua ann ar laistigh di atá na bearta sin le déanamh. Is cionn é mainneachtain Fógra a chomhlíonadh agus, sa chás sin, tá an Chomhairle Chontae in ann bearta a dhéanamh chun comhlíonadh a chinntiú.

 

Gléasanna Bactha Éan agus Scanraithe Éan a Úsáid (e.g. Pléascóga Préachán)

 

Gníomhaireachtaí Eile Torainn

Ar láithreán gréasáin an EPA gheofar faisnéis chuimsitheach faoi shaincheisteanna a bhaineann le torann agus faoi conas déileáil le fadhbanna éagsúla a bhaineann le torann. Féach an Roinn dar teideal ‘Noise Nuisance’, go háirithe má bheartaíonn tú gearán faoi thorann a dhéanamh chuig an Chúirt Dúiche.

 

Ar láithreán gréasáin ENFO, tá faisnéis shármhaith, chuimsitheach le fáil faoin reachtaíocht a bhaineann le torann agus le núis ó thorann.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO