Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Timpeallacht > Eolas fá choinne Sealbhóirí Tí > Boscaí Bruscair Donna le haghaidh Bia

Boscaí Bruscair Donna le haghaidh Bia

Tá rialacháin úra Boscaí Bruscair Donna in Éirinn a chuireann ceangal dlí ar shealbhóirí tí a gcuid bruscar bia a scaradh ón ghnáthbhruscar eile agus é a chur isteach i mbosca bruscair donn, a chuireann an bailitheoir bruscair ar fáil dóibh, agus é a thabhairt chuig ionad athchúrsála (má ghlacann an t-ionad le bruscar bia) nó é a mhúiríniú sa bhaile. Ná déan dearmad nach bhfuil bia ar nós feolta, iasc, cnámha, táirgí déiríochta srl ag fóirstean fá choinne múiríniú baile.

 

Tiocfaidh an rialachán seo i bhfeidhm ar an 1 Iúil do shealbhóirí tí i gceantar Leitir Ceanainn, agus beidh an tseirbhís ar fáil do cheantracha uirbeacha eile sa dá bhliain amach romhainn.

 

Má tá cónaí ort i gceantar Leitir Ceanainn cuirfidh do bhailitheoir bruscair bosca bruscair donn ar fáil duit ón 1 Iúil 2014. Is féidir leis an bhosca donn seo glacadh le gach cineál bia, chomh maith le feolta, iasc, cnámha, táirgí déiríochta, anraithí srl Mar shealbhóir tí caithfidh tú do bhruscar bia a scaradh anois ón ghnáthbhruscar agus a chinntiú nach gcuirtear bruscar bia isteach sa ghnáthbhosca bruscair.

 

Má dhéanann tú múirín tí ba chóir duit leanstan ar aghaidh leis sin agus an bosca bruscair donn a úsáid fá choinne bruscar ar nós feolta, iasc, cnámha, agus táirgí déiríochta nach bhfuil ag fóirstean do mhúiríniú sa bhaile.

 

Cén bruscar bia a thig liom a chur sa Bhosca Bruscair Donn?

 

  • Feoil, circeoil, agus éisc, cnámha san áireamh
  • Scríoblach bia ó phlátaí agus ó mhiasa
  • Torthaí agus glasraí
  • Málaí tae, caife meilte & scagairí páipéir
  • Arán, cístí agus brioscaí
  • Rís, pasta agus arbhair
  • Táirgí déiríochta, cáis, im agus iógairt
  • Anraithí agus anlanna
  • Uibheacha, blaoscanna uibhe, agus boscaí cairtchláir d'uibheacha
  • Naipcíní salaithe ag bia, tuáillí páipéir
  • Nuachtán (nuair a úsáidtear é le dramhbhia a chumhdach)
  • Bia as dáta agus an pacáistiú bainte de (chan gloine / plaisteach).

 

Níor mhaith linn! Buíoch duit ach gan aon cheann de na hábhair seo a leanas a chur isteach sa bhosca bruscair donn.

 

  • Málaí plaisteacha / buidéil phlaisteacha
  • Pacáistiú de chineál ar bith
  • ClúidíníGloine
  • Clocha / Cré
  • Miotal / cannaí / sreang
  • Cairtchlár ar bith
  • Luaith, gual nó aibhleoga
  • Cac peata nó easair pheata
  • Olaí cócaireachta

 

Bileog eolais i dtaca le Boscaí Bruscair Donna‌ (á ullmhú)

 

Treoracha i dtaca le Boscaí Bruscair Donna (á ullmhú)

 

Má tá eolas breise uait déan teagmháil le do bhailitheoir bruscair áitiúil www.nwcpo.ie, tabhair cuairt ar www.brownbin.ie nó déan teagmháil le Rannóg Timpeallachta Chomhairle Contae Dhún na nGall ar (074) 91 53900

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO