Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Timpeallacht > Gearán Timpeallachta

Gearán Timpeallachta

 

CUID A – Cé leis ar chóir teagmháil a dhéanamh?

 

Céim a hAon – Déan teagmháil go díreach leis an Duine nó leis an Ghnólacht

 

In go leor cásanna, beifear in ann fadhb thimpeallachta a réiteach trí dhul i dteagmháil go díreach leis an duine nó leis an ghnólacht a shíleann tú is bunúdar leis an fhadhb. Más rud é nach bhfuil fonn ort é seo a dhéanamh, gabh ar aghaidh chuig Céim a Dó.

 

Má théann tú i dteagmháil leis an duine nó leis an ghnólacht go díreach, is fearr cinneadh a dhéanamh roimh ré cén toradh a ba mhaith leat a bhaint amach. Ansin, gabh i dteagmháil leo go díreach, trí scairt ghutháin nó i scríbhinn agus cuir an cás atá le réiteach os a gcomhair, cén dóigh ar mhaith leat féin é a bheith réitithe, agus amchlár a aontú leis seo a bhaint amach.

 

Tá roinnt réimsí ann, amhail cosaint fiadhúlra agus gnáthóige, sláinte agus sábháilteacht sa láthair oibre, agus an tsláinte phoiblí agus is comhlachtaí poiblí ar leith atá freagrach astusan.

 

Seachas dul fríd an phróiseas gearáin tá rogha agat do chuid gníomhartha féin a dhéanamh faoi chuid mhór dlíthe timpeallachta. Tá bileog eolais curtha ar fáil ag ENFO,"Citizen’s Role as Enforcer of Environmental & Planning Law", a chuireann eolas ar fáil faoi seo. Is féidir teagmháil a dhéanamh le hENFO trí Ghlaoch Áitiúil 1890 200 191 nó ar http://www.enfo.ie/

 

 

Céim a Dó – Déan Teagmháil leis an Údarás Áitiúil

 

Mura n-éiríonn go sásúil leis an chéad chéim den phróiseas, gabh i dteagmháil le d’údarás áitiúil, ach amháin sa chás gur gnólacht a bhfuil ceadúnas GCC acu atá ag déanamh imní duit. Tugann an GCC ceadúnais do thionscail mhór nó d’áiseanna móra um bainistiú dramhaíola ar nós líonta talún. Más é seo an cás, gabh ar aghaidh chuig Céim a Trí.

 

Mar sin, má bhaineann an fhadhb le rudaí ar nós bruscair, an dó sa chúlghairdín, truailliú uisce, tormán, dusta agus bolaí ba chóir duit dul i dteagmháil leis an údarás áitiúil, ach amháin má tá ceadúnas GCC ag an ghnólacht.

 

Déan teagmháil leis an Chomhordaitheoir le haghaidh Gearáin Údaráis Áitiúil 

 

 

Sonraí Teagmhála don tSeirbhís Gearáin Údaráis Áitiúil taobh amuigh d’uaireanta oifige 

 

Céim a Trí – Déan teagmháil leis an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil

 

Má bhí tú ag plé le suíomh a bhfuil ceadúnas GCC aige agus mura bhfuil réiteach ar an fhadhb ba chóir duit dul i dteagmháil leis an GCC. Lena chois sin, i gcás go ndearna údarás áitiúil do ghearán a fhiosrú agus go bhfuil an fhadhb ag leanstan ar aghaidh ba chóir duit dul i dteagmháil leis an GCC. Déanfaidh an GCC an cás a scrúdú ansin agus é a réiteach más féidir. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bpléifidh an GCC le haon chás a ba chóir don údarás áitiúil a réiteach, go dtí go bhfuil deis ag an údarás áitiúil cuí an cás a fhiosrú agus a réiteach.

 

CUID B – Cad é ba chóir a rá agus a dhéanamh?

 

Nuair atá tú ag iarraidh fadhb thimpeallachta a réiteach, bíodh sin ag Céim 1, 2 nó 3 den phróiseas, ba chóir na nithe seo a leanas a choinneáil i gcuimhne.

 

Coinnigh Taifead

Má tá socraithe agat scairt ghutháin a chur, is den dea-chleachtas é nóta a ghlacadh den dáta agus den am a rinneadh an scairt, ainm an duine ar labhair tú leis, príomhphointí an chomhrá, na gníomhartha atá déanta ag an duine ar labhair tú leis agus agat féin. Má dhéantar tuilleadh scairteanna ba chóir an t-eolas céanna a bhreacadh síos agus a choinneáil.

 

Tá tábhacht le mionsonraí

Tabhair an oiread mionsonraí agus is féidir – Cé? Cad é? Cén uair? Cá háit?

 

Lean suas aon cheisteanna

Is féidir gur mhaith leat tuilleadh a scríobh i litir nó i ríomhphost i ndiaidh na scairte. Má dhéanann tú seo, déan cinnte go gcoinneoidh tú cóip de gach comhfhreagras. Is féidir go mbeidh an t-eolas seo úsáideach níos faide anonn sa phróiseas.

 

Foirm Ar-Líne

Is féidir leat an Fhoirm um Ghearán Timpeallachta a úsáid fosta agus atá ar fáil ar shuíomh idirlín an údaráis áitiúil nó an GCC, agus ó oifigí an údaráis áitiúil nó an GCC. Tá sonraí teagmhála le fáil ar chúl na bileoige seo le haghaidh gach údarás áitiúil agus an GCC. Arís, ná déan dearmad cóip de gach comhfhreagras a choinneáil.

 

Ag coinneáil suas leis an scéal

Nuair a dhéanann tú gearán, déarfar leat cad é mar a phléifear le do ghearán. Is féidir roinnt fadhbanna a réiteach go gasta. Mar sin féin, is féidir go nglacfaidh sé tamall measartha fada roinnt fadhbanna timpeallachta a réiteach, mar is dual dóibh. Dá mba mhaith leat níos mó a chluinstin faoi aon dul chun cinn atá déanta ar do chás-sa, ba chóir duit dul i dteagmháil leis an údarás áitiúil cuí nó le hOifig an GCC, cá bith áit a ndearna tú an gearán.

 

Rúndacht

Leis an fhiosrúchán a thabhairt chun tosaigh, is féidir go mbeidh ar an údarás áitiúil, nó ar an GCC, in go leor cásanna, dul i dteagmháil leat fá choinne tuilleadh eolais nó cuidithe. Iarrfar ort d’ainm agus do shonraí teagmhála a thabhiart, mar go mbíonn sé an-deacair gearáin gan ainm a fhiosrú. Is féidir leat iarraidh go gcoinneofar d’ainm agus do shonraí teagmhála faoi rún.

 

Chun go mbeifear in ann taifead iomlán poiblí a choinneáil ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le háisineacht / le suíomh de chuid an GCC is den ghnáth-chleachtas é go gcuirtear mionsonraí gearáin maidir le háiseanna ceadaithe ar chomhad poiblí. Arís, is féidir leat iarraidh go gcoinneofar d’ainm agus do shonraí teagmhála faoi rún, agus sa chás sin ní chuirfear d’ainm ná do shonraí ar an chomhad poiblí.

 

Tabhair faoi deara go dtagann aon eolas a chuirtear isteach chuig comhlachtaí poiblí faoi fhorálacha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 – 2003.

 

Do ról mar fhinné

Mar fhocal scoir, i roinnt cásanna is féidir go mbeidh gá le cás dlí le fadhb a réiteach. Más é seo an cás, is féidir go n-iarrfar ort teacht mar fhinné agus fianaise a thabhairt faoi mhóid.

 

Foirmeacha Gearáin

 

Cuireann an OEE foirmeacha gearáin ar fáil chun cuidiú leat gearán a dhéanamh. Ná déan dearmad go leor fianaise agus eolais a thabhairt le go mbeidh an OEE in ann do chás a fhiosrú mar is ceart.

 

Gheobhaidh tú admháil ón OEE go bhfuarthas do ghearán agus cuirfear in iúl duit cad iad na gníomhartha a dhéanfar ina leith.

 

Úsáid na foirmeacha gearáin seo a leanas:

 

  • Foirm C1 - Boladh ó áis atá ceadúnaithe ag an GCC
  • Foirm C2 – Eachtra Truaillithe nach boladh é ó áis atá ceadúnaithe ag an GCC
  • Foirm C3 – Freagrachtaí cosanta timpeallachta ag údarás áitiúil

 

Foghlaim tuilleadh

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO