Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Timpeallacht > Múiríniú Tí

Múiríniú Tí

Cuir tús le múiríniú tí inniu! 

 

Cá háit ar féidir liom arais múirín a fháil?


Thig leat araid múirín tí a cheannach ar chostas €13 in aon cheann de na hIonaid Seirbhísí Poiblí:

 

  • Ionad Seirbhísí Poiblí Charn Domhnach - 074 9153900
  • Ionad Seirbhísí Poiblí Bhaile Dhún na nGall - 074 9153900
  • Ionad Seirbhísí Poiblí an Chlocháin Léith - 074 9153900
  • Ionad Seirbhísí Poiblí Leitir Ceanainn  - 074 9153900
  • Rannóg na Timpeallachta, Leifear - 074 9153900
  • Ionad Seirbhísí Poiblí Bhaile na nGallóglach - 074 9153900

 

Cá háit ar féidir liom níos mó eolais a fháil ar an mhúiríniú?

 

Íoslódáil Bileog Eolais ar an Mhúiríniú anseo, de chuid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil.

 

Fá choinne tuilleadh eolais ar an mhúiríniú gabh chuig www.stopwaste.ie nó cuir scairt ar Suzanne Bogan, An tOifigeach Feasachta Dramhaíola, Comhairle Contae Dhún na nGall ar: (074) 91 53900 nó seol ríomhphost chuig: [email protected]

 

Cad é a thig liom a chur san araid mhúirín?

 

Seo a leanas liosta de na hábhair dhramhaíola ón teach agus ón ghairdín a thig a chur isteach san araid múirín. Caithfidh tú a chinntiú go gcuireann tú isteach meascán d’ábhair atá Glas (G) agus Donn (D).

 

Ábhar

cgl?

Nótaí

Duilleoga/Málaí Tae (G) agus Caife Meilte (D)

Fáisc an t-uisce ó na málaí tae.

 

Is féidir caife scagaire a chur ann fosta

Blaoscanna Uibhe (D)

 

Nigh agus brúigh

Bruscar cistine i.e. glasraí neamhchócaráilte, scamhachán, craicne agus torthaí etc (G)

 

Nuachtáin stiallta agus cairtchlár bhog (D) Shredded Newspapers and soft cardboard (B)

Ná húsáid méid ollmhór ag an aon am amháin. Measc iad le torthaí, glasraí nó féar

Luaithreach Adhmaid / Móna (D)

Ná cuir na luaithrigh seo isteach má úsáideadh lastóirí tine leis an tine a thoiseacht

Bláthanna Gearrtha/Marbha (G)

 

Gruaig an duine / fionnadh peataí (D)

 

Ábhar ó Mhála Folúsghlantóra (D)

An chuid pháipéarach den mhála chomh maith

Scotháin Féir (G)

Ná cuir méid mhór ann san aon am amháin. Measc iad le páipéar / cairtchlár

Scotháin / Prúnáil Fáil (D)

Mall le briseadh síos. Stiall iad más féidir

Seanphlandaí (G)

Ná cuir ann má tá galar orthu

Lustan/Neantóga (G)

 

Min Sáibh/Scamhachán Adhmaid (D)

Úsáid má tá an múirín rófhliuch

Aoileach ó pheataí ie coiníní, muca guine, seirbilí, hamstair (G)

Is féidir ábhar leapa ainmhithe a chur ann fosta

Féar agus Tuí (D)

Méideanna beaga

Ná cuir na rudaí seo a leanas ann

 

 

Feoil/Sicín/Iasc

Níl

Is féidir leis seo mionainmhithe foghla agus cuileoga a mhealladh

Fuílleach cócaráilte ón chistin

Níl

Barraíocht uisce iontu

Cac Cait/Madaidh

Níl

D’fhéadfadh seadáin a bheith ann

Táirgí Déiríochta

Níl

Is féidir leis seo mionainmhithe foghla agus cuileoga a mhealladh

Lustan marthanach

Níl

Is féidir leis seo an cré a ionfhabhtú

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO