Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Timpeallacht > Táillí i dtaca le Bailiú Dramhaíola

Táillí i dtaca le Bailiú Dramhaíola

‌‌

Fógraíonn an tAire Denis Naughten Socruithe maidir le Muirir Bailithe Dramhaíola Tí

​Dheimhnigh an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Denis Naughten, T.D., inniu (27 Meitheamh 2017) gur fhaomh an Rialtas creat níos solúbtha do mhuirir bailithe dramhaíola.

 

Dúirt an tAire, "Spreagfaidh réimse roghanna muirear, a bhfuil taithí ag an gcuid is mó de thomhaltóirí orthu cheana féin, sealbhóirí tí a gcuid dramhaíola a laghdú agus a dheighilt agus roghnóidh siad praghas na seirbhíse is fearr a oireann dá gcúinsí agus a ligeann dóibh a gcostais a bhainistiú. Dá bhrí sin, chinn mé gan córas éigeantach muirear 'toise amháin do chách' in aghaidh an chileagraim a chur i bhfeidhm ar bhailitheoirí dramhaíola."

 

Mhéadaigh an méid dramhaíola a cuireadh chuig láithreáin líonadh talún le dhá bhliain anuas. In 2016, ní raibh dóthain toillte ann dramhaíl iarmharach a dhiúscairt agus ghair na húdaráis rialála cumhachtaí éigeandála chun tuilleadh líonadh talún a chur ar fáil. Tá sé tábhachtach gníomhú anois chun laghdú dramhaíola a spreagadh ionas nach mbraithfear rómhór ar líonadh talún arís. Is beart tábhachtach é struchtúr dreasaithe praghsála do bhailiú dramhaíola tí ina leith seo.

 

Faoin socrú nua, beidh solúbthacht ann do bhailitheoirí dramhaíola leanúint ar aghaidh ag cur réimse roghanna dreasaithe praghsála ar fáil dá gcustaiméirí nó iad a thabhairt isteach as an nua. Áirítear ar na roghanna seo gnéithe nó meascáin de tháillí seasta, chomh maith le táille an ardú agus an cileagram, bandaí meáchain agus táillí um lamháltas meáchain.

 

Ní chuirfear córas éigeantach náisiúnta muirear "toise amháin do chách" in aghaidh an chileagraim i bhfeidhm.

 

Gearrfar 'ráta cuimsitheach comhréidh' ar dhramhaíl tí san Fhómhar agus cuirfear deireadh leis de réir a chéile nuair a athnuann nó nuair a théann custaiméirí isteach i gconarthaí nua seirbhísí.

 

Beidh ar bhailitheoirí dramhaíola araidí "donna" bia/orgánacha a thabhairt isteach i ngach ceantar ina bhfuil daonra níos mó ná 500 duine. Cabhróidh sé seo le níos mó teaghlach dramhaíl a athrú óna ngnáth-araidí dubha. Déanfar tuilleadh machnaimh ar chlúdach na n-araidí 'donna' a leathnú i gcéimeanna chuig ceantair níos lú.

 

Tabharfar tacaíocht bhliantúil €75 isteach do dhaoine a bhfuil neamhchoinneálacht fhadtréimhseach leighis acu. Cabhróidh an tacaíocht seo le daoine an meánchostas bliantúil a bhaineann le hearraí don neamhchoinneálacht a dhiúscairt a íoc. Tabharfar sonraí agus socruithe na tacaíochta seo chun críche níos deánaí i mbliana, tar éis tuilleadh comhairliúcháin leis na grúpaí páirtithe leasmhara.

 

Mar thaca leis na socruithe nua, cuirfidh na trí Oifig i gcomhair Bainistiú Dramhaíola Réigiúnach feachtas faisnéise agus feasachta i bhfeidhm sa tríú ráithe den bhliain.

 

Noda agus Cleasanna

 

Cad é ba chóir dom a dhéanamh anois?

 

 

Fá choinne tuilleadh eolais, gabh i dteagmháil le do bhailitheoir dramhaíola.

 

Fá choinne tuilleadh eolais maidir le do chostais dramhaíola a smachtú tríd an dramhaíl féin a chosc féach an tábla thíos.

 

 

Bosca Ginearálta

 

 

 

Laghdaigh do tháillí bosca bruscair ginearálta trí athchúrsáil a dhéanamh ar gach rud is féidir.

 

Déan cinnte nach gcuirfidh tú bruscar bia isteach sa bhosca bruscair ginearálta. Cuir bruscar bia isteach sa Bhosca Donn agus déan Múiríniú  ar thorthaí neamhchócaráilte agus ar ghlasraí neamhchócaráilte

 

 

Athchúrsáil gach rud is féidir

 

Bosca Bruscair Athchúrsála Cois Cosáin

 

Déan athchúrsáil ar pháipéar, cairtchlár, irisí, catalóga, bróisiúir, pacáistiú plaisteach tí (buidéil, potaí, traidirí, tobáin), cannaí bia agus dí, cartáin dí.

Is féidir leat cannaí bia agus dí a thabhairt chuig na Bancanna Beir Leat fosta, atá saor in aisce.

 

Bancanna Beir Leat (Gloine agus Cannaí)

Déan athchúrsáil ar ghloine, agus ar channaí bia agus dí, saor in aisce, sa bhanc beir leat áitiúil.

 

Ionaid Athchúrsála

Láthair saor in aisce:

Déan athchúrsáil ar aerasóil, gabhdáin scragaill, bolgáin fhluairiseacha, cadhnraí, cadhnraí cairr, fearais bheaga agus fearais mhóra, teilifíseáin, gutháin phóca, uirlisí láimhe, buidéil gháis, agus dramh-mhiotal. Tá sé seo uilig saor in aisce ag an ionad athchúrsála áitiúil.

 

Láthair le Táillí:

Is féidir athchúrsáil a dhéanamh ar lán cairr ar chostas €4

Páipéar, cairtchlár, cartáin, pacáistiú plaisteach tí, ola chócaireachta atá úsáidte, ola innill atá úsáidte.

 

Bosca Donn (Gach Bruscar Bia)

 

Is féidir an bruscar bia seo a leanas a chur sa bhosca donn.

Feoil, éineoil agus iasc, cnámha san áireamh, bia nár itheadh ó phlátaí agus ó mhiasa, torthaí agus glasraí, málaí tae, caife meilte agus scagóirí páipéir, arán, cácaí agus brioscaí, rís, pasta agus arbhair, táirgí déiríochta, cáis,  im agus iógairt, anraithí agus anlanna, uibheacha, blaoscanna uibhe agus boscaí uibhe déanta de chairtchlár, naipcíní salacha, tuáillí páipéir, nuachtáin (nuair a úsáideadh é le dramhaíl bhia a chlúdach), bia as dáta ach an pacáistiú bainte de (ná cuir isteach gloine ná plaisteach)

Féach ar www.brownbin.ie fá choinne tuilleadh eolais.

 

Múiríniú Tí

Níl ach €13 ar bhosca múirínithe ó Chomhairle Contae Dhún na nGall

Is féidir an tríú cuid de dhramhaíl agus bhruscar a mhúiríniú.

Laghdaigh an bruscar a chuirtear sa bhosca ginearálta agus sa bhosca donn trí mhúiríniú a dhéanamh agus sábháil airgead ort féin.

 

Cuir Stad le Bruscar Bia

Gearr siar ar tháillí bosca ginearálta agus táillí bosca donn trí ghearradh siar ar an bhruscar bia. Ar an mheán, caitheann gach teaghlach in Éirinn amach luacht €700 de bhia. Cliceáil anseo le fáil amach cén dóigh le stad a chur le bruscar bia inniu!

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO