Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Tithíocht > Roghanna Tithíocht Shóisialta > Scéim um Chóiríocht ar Cíos

An Scéim Um Chóiríocht Ar Cíos (SCC)

 

Is rogha cóiríochta bunaithe ar an earnáil phríobháideach í an Scéim um Chóiríocht ar Cíos nó SCC, is féidir a úsáid le freastal ar riachtanas tithíochta daoine atá ceadaithe le haghaidh tacaíocht tithíochta sóisialta agus atá ag fáil Liúntas Fordheontas Cíosa (ón Roinn Coimirce Sóisialaí), go hiondúil ar feadh tréimhse de 18 mí nó níos mó. Is rogha eile é, ar bharr an rogha atá ann sealúchas faoi úinéireacht na Comhairle nó sealúchas ar Léas Fadtéarmach a úsáid, chun freastal ar an éileamh ar thithíocht.

 

Faoin scéim seo, thig le Comhairle Contae Dhún na nGall dul i gconradh 3-pháirtí le húinéir sealúchais agus le tionónta (ar a dtugtar Comhaontú Tionóntachta Cónaithe), conradh faoina n-íocfaidh an Chomhairle an cíos as an sealúchas go díreach leis an úinéir.Ní íocann an tionónta aon chíos leis an úinéir/tiarna talún. Is leis an Chomhairle a íocann an tionónta cíos go díreach, agus méid an chíosa sin oibrithe amach faoi Scéim Cíosanna Difreálacha na Comhairle le haghaidh tionóntachtaí na Comhairle i.e. faoin SCC íocann an tionónta an méid céanna leis an Chomhairle as cóiríocht ar cíos príobháideach agus a d'íocfadh tionónta ar bith eile i dteach de chuid na Comhairle ach iad a bheith ar comh-ioncam teaghlaigh lena chéile. Ní dhéanann an tionónta aon íocaíocht cíosa go díreach leis an tiarna talún i dtaca lena dtionóntacht SCC.

 

Sa chás gurb é tuairim an údaráis áitiúil gurb é an SCC an fhoirm is fóirsteanaí le haghaidh tacaíocht tithíochta sóisialta d'iarratasóir ar bith, is féidir go ndéanfaí duine a aistriú isteach chuig an scéim ar cheann amháin den dá dhóigh seo a leanas:

 

  • Má fhreastalaíonn an chóiríocht atá acu san am i láthair ar a riachtanas tithíochta, má chomhlíonann sí na caighdeáin le haghaidh tithe ar cíos, agus má tá an t-úinéir sásta an tionóntacht a aistriú go dtí an SCC, bhuel is féidir leis an tionónta fanacht sa teach ina bhfuil siad faoi láthair faoin scéim sin.

 

  • Murar féidir leis an chóiríocht reatha freastal ar riachtanais tithíochta an tionónta, ar chúis ar bith (e.g. tá an t-aonad róbheag/rómhór, ní bhaineann sé na caighdeáin is lú is gá amach; níl an t-úinéir ag iarraidh a bheith páirteach sa scéim etc), is féidir leis an tionónta agus/nó an Chomhairle cóiríocht eile gan chónaí ann a aimsiú.

 

Is í Comhairle Contae Dhún na nGall a shocróidh an é an SCC an rogha is fóirsteanaí le freastal ar riachtanas tithíochta an iarratasóra cheadaithe. I dtaca leis seo, is iondúil gurb é an chéad rogha a dhéanfar ná féachaint an bhfuil sealúchas de chuid na Comhairle nó sealúchas ar Léas Fadtéarmach ar fáil.

 

Seo a leanas príomh-eilimintí na scéime:

 

  • Caithfidh an t-iarratasóir a bheith ag fáil fordheontas cíosa faoin Scéim Liúntais Leasa Fhorlíontaigh ar feadh 18 mí ar a laghad.
  • Caithfidh riachtanas tithíochta fadtéarmach a bheith ag an iarratasóir, de réir meastúcháin an údaráis tithíochta.
  • Caithfidh ceart buanchónaí sa stát a bheith ag an iarratasóir.
  • Íocann an Chomhairle an cíos iomlán leis an tiarna talún thar ceann an tionónta.
  • Caithfidh na tiarnaí talún tionóntachtaí a chlárú leis an Bhord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha (BTCP) agus tá na tionóntachtaí á rialú ag an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004.
  • Caithfidh an sealúchas na caighdeáin is lú agus is gá le haghaidh cóiríocht phríobháideach ar cíos a chomhlíonadh, de réir mar a shocraíonn an t-údarás tithíochta.
  • Níl gá ar bith le héarlaisí mar go bhfuil an Chomhairle i ndiaidh conradh a dhéanamh leis an tiarna talún.
  • Caithfidh an tiarna talún a aontú an tionóntacht a aistriú go dtí an SCC.
  • Íocfaidh an t-údarás tithíochta an cíos iomlán leis an tiarna talún thar ceann an tionónta.
  • Caithfidh gnoithe cánach an tiarna talún a bheith in ord (tá teastas glantacháin cánach TC2 de dhíth).
  • Tá TC2 de dhíth ar thiarnaí talún neamh-chónaithe, ach tá siad i dteideal laghdú cánach de 20% gach mí. Is féidir leis an Tiarna Talún creidiúintí cánach a éileamh ar an laghdú seo ó na Coimisinéirí Ioncaim.
  • Is é an tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004 a rialóidh an caidreamh idir an tiarna talún agus an tionónta.
  • Tá gá le Teastas um Rátáil Fuinnimh an Fhoirgnimh.  
  • Beidh gá dhá bhrathadóir deataigh, atá ag feidhmiú, a chur ar fáil, chomh maith le pluid dóiteáin agus múchtóir dóiteáin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, chomh maith lebileog eolais fá choinne tiarnaí talún.

 

Má tá sealúchas agat i nDún na nGall, agus suim agat é a chur ar fáil faoin SCC, déan teagmháil, le do thoil, le Lár-Ionad Teagmhála na Comhairle ar 074 9153900, agus cuirfear i dteagmháil leis an oifig chuí thú ag brath ar cá bhfuil do chóiríocht suite.  Tá tuilleadh eolais ar fáil le haghaidh úinéirí sealúchais ar http://www.housing.ie/Housing-Information/Do-You-Have-a-Property-to-Let

 

Fá choinne tuilleadh eolais, téigh i dteagmháil le: [email protected]

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO