Tá glaoch seolta ag an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil le haghaidh tairiscintí ó Údaráis Áitiúla ar mhaoiniú faoi chlár oibreacha pleanáilte 3 bliana ar ghrúpscéim uisce atá ann cheana féin nó atáthar a mholadh. Tá maoiniú ar fáil fosta chun pobail nach bhfuil á seirbhísiú faoil láthair ag an líonra poiblí fuíolluisce a nascadh le líonra poiblí fuíolluisce atá gar dóibh. Is féidir sonraí iomlána an mhaoinithe a fháil sa Chiorclán L1/09 agus sa doiciméad treorach atá le fáil ag na naisc thíos:
Framework for Multi-annual Rural Water Programme 2019-2021
L1-19 - Bids Request to LAs on MARWP 2019-2021
Is é an 14ú Márta 2019 an spriocdháta ag Údaráis Áitiúla lena dtairiscintí a chur isteach chuig an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil. Mar sin de, ba chóir d’aon tionscnóirí / iontaobhaithe ar ghrúpscéim atá ann nó atá beartaithe ar mian leo go gcuirfí oibreacha molta s’acu san áireamh i dtairiscint Chomhairle Contae Dhún na nGall ba chóir dóibh a sonraí sin a sheoladh ar aghaidh chuig [email protected] faoin Déardaoin 28 Feabhra.