Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Uisce > Ceisteanna Coitianta

Ceisteanna Coitianta

Ceisteanna Coitianta

Cad é mar is féidir liom ceangal leis an phríomhsholáthar uisce nó leis an tséarach phoiblí?


Líon isteach agus seol ar ais 'Foirm Iarratais ar Cheangal Seirbhíse agus le Bóthar a Oscailt, ar fáil ó Chomhairle Contae Dhún na nGall nó Cliceáil anseo fá choinne foirm iarratais.

 

Bhí mo sholáthar uisce as feidhm ar na mallaibh. Tá dath donn ar an uisce atá ag teacht ón sconna anois. An mbeifí ag dréim leis seo?

 

Nuair a mhúchtar an soláthar usice le hobair chóirithe a dhéanamh, poill a dheisiú etc., is féidir go dtarlódh sé go scaoilfí roinnt dríodair ó na píopaí uisce nuair a chuirtear an soláthar ar obair arís. Má ligeann tú don uisce reáchtáil ar feadh tamall gairid ba chóir go nglanfadh sé.

 

Bhí mo sholáthar uisce as feidhm ar na mallaibh. Tá cuma scamallach ar an uisce ón sconna. An mbeifí ag dréim leis seo?

 

Tá sé seo measartha coitianta. Nuair a osclaítear príomhphíopa uisce le réabtha a dheisiú etc., téann aer isteach sa phíopa agus cuireann sé cuma bhainniúil/scamallach air nuair a thig sé amach as an sconna. Má fhágann tú an t-uisce le socrú síos sa ghloine tchífidh tú go n-imeoidh an t-aer go sciobtha agus go mbeidh an t-uisce chomh glan agus a bhíonn sé de ghnáth.

 

Tá m'uisce múchta san am i láthair. An dtig liom mo lárchóras teasa a úsáid go fóill?

Más conraitheoir cláraithe a chuir isteach do lárchóras teasa, beidh sé á oibriú ó umar borrtha scartha san áiléar. Ní bheidh aon tionchar ag múchadh an phríomhphíopa ar an uisce seo agus tá sé slán sábháilte do theas lárnach a úsáid.

 

Bhí m'uisce múchta ar na mallaibh agus tá uisce i ndiaidh teacht ar ais chuig na sconna fuara thíos staighre. Cad chuige nach bhfuil aon uisce sa tseomra folctha thuas staighre go fóill agus cad é a thig a dhéanamh?

 

Tarlaíonn sé seo i roinnt córas pluiméireachta i ndiaidh don uisce a bheith múchta. Is é atá ann aerbhac i do chóras agus is féidir go mbeidh ort pluiméir a fháil lena réiteach. Féachann Comhairle Contae Dhún na nGall le líon na n-uaireanta a mhúchtar an soláthar uisce a choinneáil chomh híseal agus is féidir ach ní dhéanann an Chomhairle aon chothabháil i dtaca le córais phluiméireachta laistigh.

 

Cad chuige a gcuirtear as an t-uisce gan fógra roimh ré?

Ní bhíonn Comhairle Contae Dhún na nGall i gcónaí in ann fógra a thabhairt i dtaca le múchadh uisce mar gur minic gur gníomh práinneach atá i gceist, e.g. príomhphíopaí réabtha, agus is é an tosaíocht atá againn dul i ngleic leis an fhadhb chomh gasta agus is féidir, agus é a réiteach. Nuair a bhíonn ceantar ar chlár oibre ar bith ina gcaithfear an t-uisce a chur as, is iondúil sa chás sin go dtugtar fógra roimh ré trí fhógraí ar an ráidió áitiúil agus trí fhógraí nuachtáin.

 

Cé tá freagrach as sileadh uisce?

Tá freagracht i dtaca le sileadh uisce ag brath ar cén áit a dtarlaíonn an sileadh. Má tharlaíonn sileadh uisce ar thaobh an chustaiméara den cheangal titeann an fhreagracht ar an chustaiméir, agus tá Comhairle Contae Dhún na nGall freagrach as aon sileadh suas go dtí an ceangal leis an chustaiméir. 

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO