Cá háit a bhfuil sé pleanáilte ag an Chomhairle tithe a thógáil nó a chur ar fáil?
Tá Comhairle Chontae Dhún na nGall tiománta ag prionsabail d’inbhuaine agus athfhorasú agus ar an tséala sin, tá sé beartaithe tithe a chur ar fáil laistigh de na bailte agus na sráidbhailte atá sa Chontae cheana féin. Chomh maith leis na gnéithe dearaidh uirbeacha a bhaineann leis na bailte sin a úsáid, agus a bheith eolach ar phatrúin forbartha agus ar cheachtanna ábhartha stairiúla ón am atá thart, tá sé ar intinn againn scéimeanna tithíochta ard-dlúis, ina mbeidh dearadh den chéad scoth, a sholáthar ar mhaithe le comharsanachtaí níos inbhuaine a chruthú. Go bunúsach, ach ag brath ar na riachtanais ar leith a bhaineann le ceantair, is iad láithreáin inlíonta ab fhearr linn nó súimh atá chomh cóngarach agus is féidir do lár an bhaile. Ciallaíonn sé sin nach mbíonn daoine ag brath i gcónaí ar charranna agus go mbíonn siad ábalta cónaí níos cóngaraí d’áiseanna macasamhail siopaí agus scoileanna.
Tá sé ar intinn fosta roinnt scéimeanna níos lú a thógáil a bheadh in oiriúint dá gceantar ar leith maidir le féiniúlacht áitiúil an bhaile agus na daoine a chónaíonn ann. Chuideodh a leithéid sin le himeascadh rathúil na bhfoirgneamh agus na gcónaitheoirí isteach sa cheantar agus chuirfeadh sé lena thréithe fisiceacha agus sóisialta araon.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil le ríomhphost ó: plough@donegalcoco.ie