Date: 30 Aib 2025
Féile Bealtaine 2025 Seolta

Tá Dún na nGall ag ceiliúradh 30 Bliain den fhéile Bealtaine. Beidh an fhéile ar siúl ar feadh míosa; ag díriú ar na hEalaíona, ar an Cheol agus ar an Phobal.
Sheol Comhairle Contae Dhún na nGall Féile Bealtaine 2025 i nDún na nGall go hoifigiúil Dé Máirt, an 29 Aibreán i Leabharlann Bhun Cranncha, mar chomóradh 30 bliain ar cheiliúradh náisiúnta na hÉireann ar na healaíona agus ar an chruthaitheacht agus muid ag dul in aois. Is cúis bhróid do Dhún na nGall é a bheith mar chuid den Fhéile le 28 bliain anuas, agus tá an clár imeachtaí is uaillmhianaí agus is forleithne go dtí seo curtha le chéile don chomóradh speisialta seo.
Ag labhairt di ag an seoladh, rinne Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Niamh Kennedy, ceiliúradh ar bhorradh agus ar thábhacht na féile i saol cultúrtha an chontae "Baineann Bealtaine le cruthaitheacht, le ceangal a chothú agus leis an phobal. Baineann sé le hardú meanman a thabhairt do dhaoine scothaosta, lena mbuanna a léiriú, agus lena chinntiú go bhfuil fáil ag achan duine ar an chultúr agus ar an chruthaitheacht, cibé áit a bhfuil cónaí orthu.”
Tá béim ar leith curtha ar thallann áitiúil i gclár na bliana seo, le healaíontóirí ar nós Bernie Wilson (ceardlanna péintéireachta), Grainne McCool (scríbhneoireacht chruthaitheach), agus Paddy Donoghue (scríbhneoireacht filíochta) i mbun seisiún cruthaitheach. Idir an dá linn, is féidir le lucht leanúna an cheoil a bheith ag dúil le ceol ó laochra ceoil, leithéidí Philomena Begley, Ray Lynam, Ralph McTell, Genticorum, agus rogha áitiúil na coitiantachta Patsy Cavanagh.
Tá réimse leathan cainteanna agus eispéireas mar chuid den fhéile — ó cheardlanna folctha fuaime agus scéalaíocht idirghlúine, go caint bhithéagsúlachta ar shaol farraige Dhún na nGall, agus imeachtaí a fhiosraíonn inbhuanaitheacht agus cuimhne. I dtaispeántas speisialta, Mná na nGall — Mná Dhún na nGall 1922-1980, ag Músaem Chontae Dhún na nGall, tugtar léargas ar scéalta cumhachtacha agus ar éachtaí na mban le linn tréimhse de bheagnach seasca bliain.
Cuireadh iad sin a d'fhreastail ar an seoladh faoi dhraíocht ag léiriú ó Maura Logue, a chuir a seó aonair cáiliúil ‘Nora Gallagher’ i láthair i Leabharlann Bhun Cranncha. Thug an léiriú spléachadh cumhach agus bríomhar ar chuid thábhachtach de stair shóisialta agus chultúrtha Dhún na nGall, ina raibh meascán de scéalta, greann agus ceol ar bhealach deas a léiríonn spiorad na Féile Bealtaine.
“Ní le gailearaí ná le ceoláras amháin Féile Bealtaine — tá sí timpeall orainn uilig," a dúirt Sinéad Noonan, comhordaitheoir na Féile i nDún na nGall. "Ciallaíonn sé nach gá duit dul i bhfad chun an cheangal a mhothú — chun dán a chloisteáil, chun taispeántas a fheiceáil, chun fonn damhsa a chur ar do chosa, nó fiú chun triail a bhaint as rud éigin cruthaitheach. Sin an rud a fhágann go bhfuil ceiliúradh na Bealtaine i nDún na nGall chomh speisialta sin — níl coróin curtha ar an chultúr anseo, tá sé beo beathach sa phobal.”
Is féidir súil a chaitheamh ar chlár iomlán na n-imeachtaí ach bróisiúr 'Bealtaine i nDún na nGall' a fháil ó do leabharlann nó d'ionad cultúrtha áitiúil. Tá an clár agus sonraí maidir le himeachtaí a chur in áirithe le fáil ar ár suíomh gréasáin www.donegalculture.ie nó cuir glaoch ar (074) 917 5384.