Skip to main content

April

Foláireamh faoi Bhaol Mór Tinte (Stádas Oráiste) - 30/4 - 6/5

Date: 30 Aib 2025

Corparáideach

Foláireamh faoi Bhaol Mór Tinte (Stádas Oráiste)

Tá foláireamh eisithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhaineann le Baol Tinte, Stádas Oráiste, do cheantar ar bith a bhfuil breoslaí contúirteacha ann cosúil le haiteann, fraoch, féar tirim agus fásra eile. Beidh an foláireamh i bhfeidhm go dtí meán lae, 6 Bealtaine 2025.

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag impí ar úinéirí talaimh agus ar an phobal a bheith ar an airdeall agus a chinntiú nach dtarlaíonn tinte portaigh. Impíonn an Chomhairle ar úinéirí talaimh agus ar an phobal gan aon ní a dhéanamh a thiocfaí tús a chur le tine phortaigh.

Iarrtar ar úinéirí talaimh agus ar an phobal a bheith ar a n-airdeall agus an tseirbhís dóiteáin a chur ar an eolas sa chás go bhfuil tine imithe ó smacht nó mura bhfuil iarrachtaí ar bun le tine a chur faoi smacht. Is féidir glaoch a chur ar 999 nó 112.

Moltar d’úinéirí tí nó iad sin a bhfuil maoin acu in áit a d’fhéadfadh tine phortaigh a bheith, fáil réidh le fásra atá gar don teach, don fhoirgneamh nó don umar ola, sin nó é a ghearradh chun nach ndéanfaí damáiste dá maoin. Ní mór go gcoinneofaí aon spás atá glan, saor ó fhásra agus ó ábhar indóite.

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall cur i gcuimhne d’úinéirí talaimh agus don phobal, go bhfuil sé mídhleathach aon fhásra atá ar thalamh nach talamh curaíochta é, a ghearradh, a rúscadh, a dhó nó a mhilleadh, idir 1 Márta agus 31 Lúnasa in aon bhliain, faoin Acht um Fhiadhúlra 1976 agus 2000.

Táthar ag cur i gcuimhne arís don phobal go bhfuil sé mídhleathach dramhaíl tí, thionsclaíoch, talmhaíochta nó tógála a dhó faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 12 Márta 2026

Ambasadóir na Polainne ar cuairt go Comhairle Contae Dhún na nGall

Ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2026, glacfaidh Éire Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh (AE), ról ceannaireachta lárnach i gcroílár chinnteoireacht an AE. Ar feadh sé mhí, déanfaidh Éire stiúradh ar idirbheartaíocht agus comhaontuithe idir na Ballstáit agus tabharfaidh an tír cuidiú dlíthe agus beartais an AE a chur i ngníomh a théann i bhfeidhm ar shaol laethúil níos mó ná 450 milliún duine.

Image text description

Date: 11 Márta 2026

Cuairt an Uachtaráin Catherine Connolly ar Chomhairle Contae Dhún na nGall

Bhí Seomra na Comhairle i gCeannáras Chomhairle Contae Dhún na nGall, Leifear lán go doras maidin Dé Máirt nuair a thug Uachtarán an Stáit, Catherine Connolly cuairt oifigiúil ar Chomhairle Contae Dhún na nGall.

Image text description

Date: 27 Feabh 2026

Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall 2026 Seolta go hOifigiúil

Sheol Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig, Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall 2026 go hoifigiúil ag ócáid a bhí ar siúl i nGaelscoil na gCeithre Máistrí, Baile Dhún na nGall, Déardaoin 26 Feabhra.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)