Skip to main content

April

Scéim Deontais Deisiúcháin Tuí ar oscailt anois

Date: 02 Aib 2025

Oidhreacht

Scéim Deontais Deisiúcháin Tuí ar oscailt anois

Foirgneamh Ceann Tuí le Rópaí, An Srath Buí, Gleann Cholm Cille le tacaíocht faoin Scéim Deontais Deisiúcháin Tuí. Déantar tuíodóireacht le rópaí in iarthar agus i dtuaisceart Dhún na nGall go fóill ach is beag áit in Éirinn a bhfaighfeá a leithéid.
Foirgneamh Ceann Tuí le Rópaí, An Srath Buí, Gleann Cholm Cille le tacaíocht faoin Scéim Deontais Deisiúcháin Tuí. Déantar tuíodóireacht le rópaí in iarthar agus i dtuaisceart Dhún na nGall go fóill ach is beag áit in Éirinn a bhfaighfeá a leithéid.

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag glacadh le hiarratais faoin Scéim Deontais Deisiúcháin Tuí. Tá an scéim seo, a bhfuil aitheantas faighte aici, ar bun le seacht mbliana anois agus mar aidhm aici tacaíocht a chur ar fáil d’úinéirí agus do dhaoine atá ag cur fúthu i dteach nó ag obair i bhfoirgneamh ceann tuí. Tá an scéim ar fáil le cuidiú leo obair dheisiúcháin agus chothabhála a dhéanamh. Is féidir miondheisiúcháin tuí a dhéanamh – €500 suas le €3,000. Táthar ag glacadh le hiarratais go dtí an Déardaoin, 17 Aibreán ag 4.in. Tá an scéim seo á maoiniú ag Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar leis an Chomhairle Oidhreachta. Is féidir tuilleadh eolais agus foirm iarratais a íoslódáil ó shuíomh gréasáin na Comhairle: www.donegalculture.ie/en/services/heritage

“Tá tacaíocht curtha ar fáil do bhreis agus 130 togra deisiúcháin tuí ar fud an chontae le sé bliana anuas faoi Scéim Deontais Deisiúcháin Tuí Chomhairle Contae Dhún na nGall” a dúirt Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta le Comhairle Contae Dhún na nGall. “Faoin scéim deontais, bhí daoine ábalta a chinntiú go raibh na foirgnimh seo in úsáid nó iad a thabhairt chun beochta arís. Is minic gur baineadh úsáid astu mar lóistín d’aíonna agus do thurasóirí araon. Tá breis agus 300 foirgneamh ceann tuí i nDún na nGall, dá bhfuil a fhios againn, ach is cúis imní an líon foirgneamh stairiúil ceann tuí atá á gcailleadh. Tugann réamhthorthaí iniúchóra ó Cheantar Bardais Inis Eoghain le fios gur cailleadh 27% de na foirgnimh stairiúla cheann tuí le 15 bliana anuas agus go bhfuil drochbhail nó drochbhail amach is amach ar 10% eile dóibh. Ar an drochuair, léiríonn seo go bhfuil laghdú tagtha ar líon na bhfoirgneamh stairiúil ceann tuí ar fud na tíre. Is cúis áirithe imní é go gcuireann roinnt úinéirí tí sclátaí ar an díon nuair atá an díon á dheisiú in áit an tuí féin a dheisiú lena caomhnú. Táthar ag cur i gcuimhne don phobal go bhfuil cead le fáil ón Chomhairle Contae nuair atá díon nua á chur in áit díon stairiúil tuí, mar go bhfuil athrú ábhair le déanamh ar an struchtúr.”

Tá méadú ag teacht ar líon na dtacaíochtaí atá ar fáil d’úinéirí tithe ceann tuí. Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta ag dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le caomhnú na bhfoirgneamh stairiúil ceann tuí. Dhá bhliain ó shin, tugadh scéim deontais bliantúil isteach faoi Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha agus tá deich dtogra athdheisiúcháin tuí i nDún na nGall á maoiniú faoin scéim deontais i mbliana. D’eisigh an Roinn leabhrán dar teideal ‘Sábháilteacht ó Dhóiteán i Maoin Ceann Tuí’ atá saor in aisce agus a chuireann comhairle ar fáil d’úinéirí tí ar na dóigheanna le baol dóiteáin ina gcuid maoine a laghdú. Lena chois sin, tá an deis acu cuairt a shocrú le hinnealtóir ar an láthair gan aon chostas, chun foghlaim faoin dóigh leis an treoir foilsithe atá tugtha a chur i bhfeidhm. Tá plé ar bun le comhlachtaí árachais ar leibhéal náisiúnta chun go gcuirfí leis an mhéid árachas tuí atá ar fáil agus chun go laghdófaí costas an árachais sin.”

“Osclaíodh doirse Scoil nua Tuíodóireachta Dhún na nGall, atá lonnaithe in Ionad Dolmen i gCill Chluanadh in iarthar na contae, anuraidh agus is féidir tabhairt faoi ghearrchúrsaí tuíodóireachta ann” a dúirt Collette Beattie, Oifigeach Caomhantais Ailtireachta le Comhairle Contae Dhún na nGall. “Is obair oilte í an tuíodóireacht agus glacann sé tuairim is ceithre bliana leis an cheird seo a fhoghlaim. Mar sin, tá géarghá le tuíodóirí i nDún na nGall – tuíodóirí rópaí ach go háirithe.”

“Measann Comhairle Contae Dhún na nGall go bhfuil forbairt chuí, inmharthana agus freagrach de dhíth lenár bhfoirgnimh thraidisiúnta a chaomhnú. Faoi láthair, tá breis agus 20 foirgneamh ceann tuí i nDún na nGall ar an Taifead ar Dhéanmhais Chosanta agus d’fhéadfaí tuilleadh a chur san áireamh. Téann an Scéim Deontais Deisiúcháin Tuí i ngleic le roinnt de phleananna agus straitéisí na Comhairle Contae; leithéidí Plean nua Oidhreachta Chontae Dhún na nGall le “oidhreacht thógtha ár bpobail agus na scileanna tógála traidisiúnta a bhaineann léi, a chaomhnú agus a chur chun cinn”, chomh maith le roinnt de na polasaithe atá i bPlean Forbartha Chontae Dhún na nGall; le caomhnú agus cosaint a dhéanamh ar ár bhfoirgnimh thraidisiúnta. I measc na n-oibreacha miondeisiúchán tuí a d’fhéadfaí a dhéanamh faoi Scéim Deontais Deisiúcháin Tuí na Comhairle Contae, tá oibreacha deisiúcháin ar sceimhleacha, ar an chíor mhullaigh, ar fhleascadh thart ar an simléar, ar phoill, ar eitrí, ar shuitigh, ar rópaí, ar fhál eangaí, ar bhinn an tí agus ar adhmad dín nó ar shiúinéireacht. Is féidir le gach cineál foirgneamh ceann tuí cáiliú faoinár Scéim Deontais Deisiúcháin Tuí, más tithe cónaithe iad, más foirgnimh thráchtála iad, más tithe saoire iad nó fiú má bhíonn siad folamh.”

Tá cóipeanna den leabhrán ‘Sábháilteacht ó Dhóiteán i Maoin Ceann Tuí’ ar fáil saor in aisce ó Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. Tá foirmeacha iarratais don Scéim Deontais Deisiúcháin Tuí le fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Dhún na nGall (www.donegalculture.ie/en/services/heritage) nó is féidir teagmháil a dhéanamh le Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta nó le Collette Beattie, Oifigeach Caomhantais ar (074) 915 3900 nó ar rphost ag thatch@donegalcoco.ie

Tá an Scéim Deontais Deisiúcháin Tuí á maoiniú ag Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar leis an Chomhairle Oidhreachta mar chuid de chur i bhfeidhm Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 13 Márta 2026

Gradam úr náisiúnta bainte ag an Taispeántas Oidhreachta ‘Ag Obair Thall’

Tá an chéad Ghradam Oidhreachta Áitiúla faoin téama ‘Ceangal’ bainte ag taispeántas mór ina ndéantar comóradh ar obair na bhfear agus na mban as Dún na nGall in Albain idir 1940 agus 1990. Fógraíodh an bua ag na Gradaim Uile-Éireann le haghaidh Pobal agus Comhairlí de chuid Chumann Chomhaltaí na nÚdarás Áitiúil (CCÚÁ) in Ionad Comhdhála Ríoga Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn 28 Feabhra. Is tionscnamh comhoibritheach é an tionscadal idir Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Músaem an Chontae, Seirbhís Cartlainne an Chontae agus Ionad Uí Mhealláin le haghaidh Staidéir Imirce mar chuid de Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.

Image text description

Date: 25 Feabh 2026

Scéim Deontais Oidhreachta Pobail oscailte

Tá an Chomhairle Oidhreachta ag glacadh le hiarratais ar líne ó choistí pobail agus deonacha i gContae Dhún na nGall trína Scéim Deontais Oidhreachta Pobail go dtí 8pm Dé hAoine 20 Márta 2026

Image text description

Date: 24 Feabh 2026

Táthar ag iarraidh ar an phobal a dtuairimí a chur in iúl faoi Dhréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026–2030

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar bhaill den phobal, ar ghrúpaí pobail, ar úinéirí talún, ar ghnólachtaí agus ar eagraíochtaí a dtuairimí a chur in iúl faoi dhréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026 - 2030. Cuireann Dréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026-2030 creatlach ar fáil do ghníomhaíocht bithéagsúlachta sna cúig bliana amach romhainn leis an fhís bhithéagsúlachta i gContae Dhún na nGall a chosaint, a athchóiriú agus a cheiliúradh. D'ullmhaigh Comhairle Contae Dhún na nGall agus Grúpa Oibre Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall an Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta i ndiaidh tréimhse d'aighneachtaí poiblí agus rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara anuraidh.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)