Skip to main content

August

Ár mBunús le Fiosrú le linn Sheachtain na hOidheachta

Date: 13 Lún 2025

Cultúr

Ár mBunús le Fiosrú le linn Sheachtain na hOidheachta

Roinnt de lucht eagraithe na Seachtaine Oidhreachta 70 ó áiteanna ar fud an chontae ag imeacht am lóin a reáchtáladh do lucht eagraithe imeachtaí i Músaem an Chontae, Leitir Ceanainn le gairid. Tá breis is 100 imeacht beartaithe mar chuid de Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta i nDún na nGall agus tá saorchead isteach ag formhór na n-imeachtaí.
Roinnt de lucht eagraithe na Seachtaine Oidhreachta 70 ó áiteanna ar fud an chontae ag imeacht am lóin a reáchtáladh do lucht eagraithe imeachtaí i Músaem an Chontae, Leitir Ceanainn le gairid. Tá breis is 100 imeacht beartaithe mar chuid de Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta i nDún na nGall agus tá saorchead isteach ag formhór na n-imeachtaí.

Le breis is 100 imeacht ar siúl mar chuid de Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta i gContae Dhún na nGall, is deis iontach í seo do dhaoine an oidhreacht - idir nádúrtha, thógtha, chultúrtha agus seandálaíochta atá mórthimpeall orainn a fhiosrú. Beidh Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta ar siúl idir an Satharn 16 Lúnasa agus an Domhnach 24 Lúnasa agus tá saorchead isteach ag formhór na n-imeachtaí. Tá clár iomlán na n-imeachtaí ar fáil ar líne ag www.heritageweek.ie 

“Is é téama na bliana seo ná Ár mBunús a Fhiosrú agus iarrtar ar gach duine ár n-oidhreacht agus ár ndúchas ar a bhfuil ár bpobail, ár gcultúir agus ár dtírdhreacha tógtha, a fhiosrú” a mhínigh Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. “Tá clár imeachtaí suntasach beartaithe ar fud an chontae arna eagrú ag eagraíochtaí oidhreachta, ag grúpaí pobail agus ag daoine aonair – cuid mhaith acu sin ar bhonn deonach. Is mar gheall ar a ndúthracht, a ndíograis agus a n-iarracht a mbíonn rath iontach ar Sheachtain na hOidhreachta i gContae Dhún na nGall. 
I measc na n-imeachtaí a bheas ar siúl, beidh tithe oscailte den oidhreacht thógtha, léirithe ar scileanna agus ar cheardaíocht thraidisiúnta, siúlóidí treoraithe, cuairteanna ar shuíomhanna oidhreachta, turais allamuigh, taispeántais, cainteanna, ceardlanna, turais báid, turais bus, athléirithe stairiúla, seoltaí, ceol traidisiúnta agus gníomhaíochtaí do pháistí. Tá breis is 20 imeacht eagraithe nó páirtmhaoinithe ag Rannán Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall lena n-áirítear an Oifig Oidhreachta, an Oifig Bithéagsúlachta, an Músaem, na Cartlanna, an tSeirbhís Leabharlainne, an Oifig Ealaíon agus an tIonad Cultúrtha Réigiúnach.”

“Is féidir imeachtaí a chlárú suas go dtí tús na Seachtaine Oidhreachta, coinnigh súil mar sin ar shuíomh gréasáin Sheachtain na hOidhreachta nó ar na nuachtáin áitiúla le haghaidh tuilleadh sonraí faoi imeachtaí i do cheantar. Ar shuíomh gréasáin Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta is féidir leat cuardach a dhéanamh de réir ceantair agus de réir lae ionas gur féidir leat do chlár taistil do Sheachtain na hOidhreachta a phleanáil. Is féidir le lucht eagraithe na n-imeachtaí do Sheachtain na hOidhreachta i nDún na nGall, earraí brandáilte Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta a bhailiú saor in aisce ó Mhúsaem an Chontae, An Bóthar Ard, Leitir Ceanainn. Áirítear leis seo veisteanna sofheicthe, t-léinte, hataí agus bratacha.”

Beidh téama i gceist roinnt laethanta le linn na seachtaine fosta. Beidh Doirse Oscailte na hOidhreachta ar siúl Dé Sathairn, 16 Lúnasa agus Dé Domhnaigh, 17 Lúnasa agus beidh idir áiteanna sibhialta agus stairiúla ar oscailt don phobal saor in aisce. Beidh roinnt imeachtaí ar siúl i nDún na nGall mar chuid de Dhoirse Oscailte na hOidhreachta. Beidh Lá na Leanaí Fiáine ar siúl Dé Sathairn, 23 Lúnasa, ina spreagtar páistí agus teaghlaigh leis an chuid is fearr a bhaint as a bheith amuigh faoin aer agus le sult a bhaint as an oidhreacht agus as an bhithéagsúlacht ina ndúiche féin agus lena bhfiosrú. Beidh Lá Oidhreachta an Uisce ar siúl ar an Domhnach, 24 Lúnasa, ina ndéantar ceiliúradh ar uisce na hÉireann, ar ár gceangal leis an uisce agus ar an dóigh ar mhúnlaigh an fharraige, na haibhneacha, na lochanna agus na bogaigh ár stair agus ár n-oidhreacht.


Is cuid lárnach de Laethanta Eorpacha na hOidhreachta í Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta agus deántar ceiliúradh uirthi i mbreis is 40 tír ar fud na hEorpa. Is iad an Oidhreacht agus an Ailtireacht atá mar théama i mbliana. Déanann an Chomhairle Oidhreachta agus Oifigigh Oidhreachta na nÚdarás Áitiúil comhordú ar Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta le tacaíocht ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.


Tá sonraí iomlána agus an t-eolas is deireanaí le fáil ar shuíomh gréasáin Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta: www.heritageweek.ie  

 


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 09 Márta 2026

Seirbhís seolta ag Leabharlanna Dhún na nGall - Monatóirí Radóin ar Iasacht chun Tacú le Sláinte an Phobail

Is mór ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil monatóirí radóin digiteacha le fáil ar iasacht anois ó leabharlanna poiblí ar fud an chontae is gan costas ar bith orthu.

Image text description

Date: 24 Feabh 2026

Tugann Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall cuireadh duit Dul Ar Strae le Leabhar Maith le haghaidh Lá Éire Ag Léamh

Tá bród ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a bheith i dteannta leabharlanna ar fud na hÉireann agus iad ag ceiliúradh Éire Ag Léamh, feachtas náisiúnta ar fud na tíre ar fad chun daoine a spreagadh chun dul ag léamh i rith mhí Feabhra, agus a thiocfaidh chun deiridh le Lá Éire Ag Léamh, Dé Sathairn, 28 Feabhra.

Image text description

Date: 20 Feabh 2026

Seoladh Sheachtain na Gaeilge 2026 i nDún na nGall

Tá Seachtain na Gaeilge ar an tsúil againn agus is mór ag Comhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go seolfar Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall i mbliana i nGaelscoil na gCeithre Máistrí, Baile Dhún na nGall, ag ócáid a bheas ar siúl sa scoil Déardaoin 26 Feabhra 2026 ag 11.00am. Beidh ceol, siamsaíocht agus sólaistí ann ar an lá.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)