Skip to main content

August

‘Bród ní Claontacht’- tionscadal de chuid PEACEPLUS seolta ag Tionscadal an Lucht Siúil i nDún na nGall

Date: 07 Lún 2025

Pobal

‘Bród ní Claontacht’- tionscadal de chuid PEACEPLUS seolta ag Tionscadal an Lucht Siúil i nDún na nGall

 Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall & Cathaoirleach ar Choiste Comhpháirtíochta PEACEPLUS an Clr. Paul Canning, le cuid de na daoine a d’fhreastail ar sheoladh an tionscadail 'Bród ní Claontacht'.
Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall & Cathaoirleach ar Choiste Comhpháirtíochta PEACEPLUS an Clr. Paul Canning, le cuid de na daoine a d’fhreastail ar sheoladh an tionscadail 'Bród ní Claontacht'.

Tá 'Bród ní Claontacht' - an dara tionscadal de chuid PEACEPLUS, seolta go hoifigiúil ag Tionscadal an Lucht Siúil i nDún na nGall, i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall, le hinfheistíocht de €80,000. Tá sé maoinithe tríd an Chlár PEACEPLUS le tacaíocht ó Chomhlacht na gClár Speisialta AE (SEUPB). Is cuid de Phlean Gníomhaíochta Áitiúil Dhún na nGall é an tionscadal seo atá á chur i bhfeidhm faoi Théama 3: Meas ar Gach Féiniúlacht Chultúrtha a Mhéadú. Mar chuid den phlean leathan, cuirfear €7.6 milliún ar fáil chun 32 tionscadal cothaithe síochána a chur i bhfeidhm idir 2025 agus 2027.

Is tionscadal cuimsitheach sóisialta ar bhonn trasphobail agus trasteorann é 'Bród ní Claontacht' ina gcuirfear béim ar an chaidreamh a athrú idir an Lucht Siúil, na Romaigh, na pobail Mhionlaigh Eitneacha Gorma agus tromlach an daonra.

Mar chuid den chlár, cuirfear oiliúint ar fáil a bhfuil géarghá léi, a dhíreoidh ar idirdhealú, ar chiníochas agus ar chlaontacht a aithint agus ar an dóigh le dul i ngleic leo. Beidh breis is 110 rannpháirtí idir óg agus fásta ó cheantar bardais Leitir Ceanainn-Bhaile na nGallóglach páirteach ann. Reáchtálfar ceardlanna agus imeachtaí a thacóidh le Plean Straitéiseach Thionscadal an Lucht Siúil i nDún na nGall 2021-2026. Déanfar ceannairí pobail atá ag teacht chun cinn a chumasú leis na huirlisí agus leis an muinín atá de dhíth chun athrú dearfach a chothú.

Mhol Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Paul Canning, fís agus tionchar féideartha an chláir, ag cur béime ar an ról atá ag an chlár ó thaobh tuiscint, cuimsiú agus comhoibriú níos fearr a chothú i measc pobal: “Is sampla cumhachtach é ‘Bród ní Claontacht’ den dóigh gur féidir linn síocháin a chothú, dúshlán a thabhairt don chlaontacht, agus sochaí níos cuimsithí a chruthú trí rannpháirtíocht fhiúntach agus trí fhoghlaim chomhroinnte a spreagadh.”

Thug an t-aoichainteoir David Friel ó Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) Leitir Ceanainn óráid spreagúil, agus tharraing sé aird ar an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht chuimsitheach ón phobal. "Is céim i dtreo contae níos cuimsithí agus tír níos cothroime a bhaint amach é ‘Bród ní Claontacht’ ina mbeifear ag díriú ar bhród ní ar bhuaireamh sa todhchaí."

Dúirt an Clr Paul Canning "Samhlaigh pobal ina mbíonn comhoibriú ar bun idir daoine ó gach cúlra — cultúrtha, eitneach, glúin nó geografach — iad ag obair as lámha a chéile, ag foghlaim óna chéile, agus ag cruthú rud inteacht atá níos fearr agus níos láidre. Sin an fhís atáimid ag iarraidh a bhaint amach i nDún na nGall."

D’éirigh go hiontach leis an seoladh, agus bhí dearfacht agus tacaíocht le brath go láidir ann. I measc lucht freastail na hócáide bhí baill foirne ó Thionscadal an Lucht Siúil i nDún na nGall agus ó Tionscadal na Romach, baill foirne PEACEPLUS ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Declan Meehan, agus ionadaithe ó eagraíochtaí pobail a bhfuil baint acu leis, ar nós Seirbhís Óige Dhún na nGall agus Comhghuaillíocht Idirchultúrtha Dhún na nGall.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 12 Feabh 2026

Toscaireacht ó Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall mar chuid de Mheitheal tras-chomhairle i nGaillimh

Thaistil toscaireacht ó Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall go Halla na Cathrach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar na mallaibh, áit ar tionóladh cruinniú de mheitheal tras-chomhairle, le comhaltaí tofa agus oifigigh Ghaeilge ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ón Chomhairle Contae i nGaillimh, i Sligeach, i Maigh Eo agus i gCo. an Chláir, le cois ionadaí ó Chonradh na Gaeilge agus ón Phleanáil Teanga.

Image text description

Date: 28 Ean 2026

Iarratais ar mhaoiniú á lorg faoi Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2026

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall agus Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Dhún na nGall (CFPÁ) ag lorg iarratas ó ghrúpaí pobail i gceantair faoi mhíbhuntáiste ar mhaoiniú caipitil faoi Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2026.

Image text description

Date: 19 Ean 2026

Pobail an tSratha Báin Agus Leifir Á gCeangal le Chéile le Spás Comhroinnte Úr €16.7m – Páirc Phobail Cois Abhann

Tá maoiniú €16.7m ó PEACEPLUS ag cuidiú le 30 acra de spás agus de bhonneagar le haghaidh páirc phobail thrasteorann úr a chruthú idir an Srath Bán agus Leifear. Agus é deartha le daoine a thabhairt le chéile agus le teagmháil bhreise dhearfach trasphobail a spreagadh, beidh an spás úr comhroinnte sin, Páirc Phobail Cois Abhann, á mhaoiniú trí PEACEPLUS, clár atá á bhainistiú ag Foras um Chláir Speisialta an AE (FCSAE).

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)