Date: 21 Lún 2025
Clár PEACEPLUS ar fiú €80,000 é seolta i gCeantar Bardais na nGleanntach

Nochtann Sármhaitheas Seirbhíse do Chustaiméirí Éireann an tionscadal 'Muintearas Thar Teorainneacha, Scéalta le Ceangal'
Na Gleannta, Co. Dhún na nGall 19 Lúnasa 2025 — Is mór ag Sármhaitheas Seirbhíse do Chustaiméirí Éireann (CSEI), atá lonnaithe i nGaeltacht Thiar Dhún na nGall, a fhógairt gur seoladh an clár úr PEACEPLUS, ‘Muintearas Thar Teorainneacha, Scéalta le Ceangal’.
Le tacaíocht ó Chomhlacht na gClár Speisialta AE (SEUPB) agus maoinithe trí Phlean Gníomhaíochta Comhdheartha Áitiúil PEACEPLUS de chuid Chomhairle Chontae Dhún na nGall, beidh an tionscadal ar fiú €80,000 é ar siúl idir Deireadh Fómhair 2025 agus Meán Fómhair 2026.
Faoi Théama 3: Meas ar Gach Féiniúlacht Chultúrtha a Mhéadú, tá sé mar aidhm ag an chlár muintearas níos fearr a chothú trí dhifríochtaí cultúrtha agus reiligiúnacha a aithint mar láidreachtaí, glacadh le héagsúlacht, agus todhchaí dhearfach idirchultúrtha a chur chun cinn do gach pobal.
Mar chuid den chlár, beidh meascán dinimiciúil de cheardlanna scéalaíochta, d'eispéiris idirghníomhacha, de dhíospóireachtaí painéil, de chuairteanna malartaithe, de chuairteanna staidéir, agus d'imeachtaí faoi stiúir an phobail féin. Tá na gníomhaíochtaí seo deartha chun comhbhá a spreagadh, idirphlé a ghríosú, agus chun scéal comhroinnte a fhorbairt i measc pobail éagsúla.
Beidh 80 duine óg ó Cheantar Bardais na nGleanntach páirteach i sraith ceardlann scéalaíochta. Foghlaimeoidh rannpháirtithe an dóigh lena gcuid scéalta a roinnt go digiteach agus ó bhéal, le fócas ar an phodchraoltóireacht mar mheán léirithe. Cuirfear béim ar leith ar ardán a thabhairt do ghuthanna na n-inimirceach óg agus na ngrúpaí imeallaithe.
Is cuid shuntasach den chlár é, ‘Uisce gan Srian, Intinn gan Srian’. Is éiciteiripe í ina mbíonn daoine ag snámh in uisce faoin aer. Beidh tríocha snámhaí as Na Gleannta ag comhoibriú le grúpa as Dún Muirígh, Béal Feirste, a bhfuil iomrá orthu mar gheall ar phobal snámha a bunaíodh ann agus a bhíonn ag snámh ó cheann ceann na bliana. Le chéile, roinnfidh siad scéalta pearsanta agus glacfaidh siad páirt i gcuairteanna malartaithe, ag baint úsáide as an leigheas atá an uisce chun ceangal agus tuiscint trasteorann a chothú.
Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt Sally Rodgers, Comhordaitheoir Tionscadail CSEI, "Is deis iontach í seo do Cheantar Bardais na nGleanntach i gcoitinne agus do Shármhaitheas Seirbhíse do Chustaiméirí Éireann. Tá muid fíorbhródúil go bhfuil muid mar chuid den tionscadal seo."
Dúirt an Clr Donal 'Mandy' Kelly, Leas-Chathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall "Ní hamháin go léiríonn an clár trasphobail agus trasteorann seo an scéalaíocht mar dhroichead a théann thar dheighiltí cultúrtha, ach is uirlis síochána agus athnuachan pobail í. Tá an clár nuálach seo fréamhaithe sa tuiscint go bhfuil scéalta - idir insint agus éisteacht, i gcroílár na síochána agus an athmhuintearais bhuan."
Ar an iomlán, beidh níos mó ná 115 rannpháirtí ó dhá thaobh na teorann páirteach sa chlár, ag cur comhthuiscint, leigheas agus tógáil pobail chun cinn trí léiriú cruthaitheach, trí mhalartú cultúrtha, agus trí eispéiris chomhroinnte.
Ní hamháin go neartaíonn an tionscadal seo caidrimh thrasphobail agus thrasteorann – leagann sé an bunús fosta do thodhchaí chomhroinnte, chuimsitheach do Dhún na nGall, todhchaí ina bhfuil meas ar gach guth, agus ina bhfuil sé de chumhacht ag gach scéal ceangal a chothú.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin tionscadal, is féidir teagmháil a dhéanamh le Sármhaitheas Seirbhíse do Chustaiméirí Éireann ag team@cseireland.ie
Tacaíonn PEACEPLUS le Muintearas Thar Teorainneacha, Scéalta le Ceangal; clár atá á bhainistiú ag Comhlacht na gClár Speisialta AE (SEUPB), Pauline Smyth
Nótaí:
• Comhlacht Thuaidh Theas is ea Comhlacht na gClár Speisialta AE (SEUPB) a bhfuil sainchúram reachtúil aige maidir le cláir mhaoinithe an AE a bhainistiú i dTuaisceart Éireann agus i gcontaetha teorann na hÉireann.
• Is Clár maoinithe trasteorann é PEACEPLUS atá deartha chun tacú le síocháin agus rath a chothú ar fud Thuaisceart Éireann agus ar fud chontaetha teorann na hÉireann. Baineann luach iomlán de €1.14 billiún leis, le bheith curtha i bhfeidhm sna ceithre bliana atá amach romhainn.
• Tá PEACEPLUS cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach, ag Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, Rialtas na hÉireann, agus Feidhmeannas Thuaisceart Éireann.