Date: 08 Lún 2025
Críochnú Tithe Éifeachtúil ó thaobh Fuinnimh de

Ar an 7 Lúnasa 2025, fuair Baill Thofa Cheantar Bardais Leifir-Shrath an Urláir deis forbairt nua tithíochta sóisialta a fheiceáil a cuireadh i gcrích le gairid. Tógadh na tithe mar chuid de Chéim 2 den fhorbairt ag eastát tithíochta Meadow Hill i Ráth Bhoth.
Is iad Conraitheoirí Tógála John O'Donnell a thóg na tithe seo atá tíosach ar fhuinneamh ina bhfuil bungaló sainoiriúnaithe amháin le 3 sheomra leapa agus 10 n-aonad dhá stór le 2 sheomra leapa.
Cuireadh dromchla nua ar bhóthar an eastáit agus bhí bearta maolaithe tráchta i bhfeidhm le linn na forbartha.
Tabharfar eochracha na dtithe do na tionóntaí gan mhoill.