Skip to main content

August

Cuairt tugtha ag an Aire O'Connor ar Dhún na nGall agus Tionscadail Pobail Sláintiúla seolta aici

Date: 13 Lún 2025

Pobal

Cuairt tugtha ag an Aire O'Connor ar Dhún na nGall agus Tionscadail Pobail Sláintiúla seolta aici

Thug an tAire Jennifer Murnane O’Connor cuairt ar Ionad Naomh Pádraig Dobhar
Thug an tAire Jennifer Murnane O’Connor cuairt ar Ionad Naomh Pádraig Dobhar

Thug an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Jennifer Murnane O'Connor TD, cuairt ar Dhún na nGall ar an Aoine 8 Lúnasa, áit a raibh sí i láthair ag cúpla seoladh agus a dtug sí cuairt ar cheithre thionscadal ar fud Cheantar Bardais Inis Eoghain, Leitir Ceanainn/Bhaile na nGallóglach agus na nGleanntach atá maoinithe faoi Chlár Pobail Sláintiúla Sláintecare. 

Tá dhá spriocréimse ag Clár Pobail Sláintiúla Sláintecare i nDún na nGall, is iad sin leithinis Inis Eoghain agus Gaeltacht an Iarthuaiscirt, agus is é aidhm uileghabhálach an chláir ná neamhionannas sláinte a laghdú trí dhul i ngleic leis na tosca sóisialta níos leithne a bhaineann le cúrsaí sláinte i bpobail a bhfuil ardleibhéal bochtaineachta iontu.

Chuir an tAire tús leis an lá in Inis Eoghain, áit a chuir a comh-Aire Charlie McConologue fáilte roimpi. D’oscail sí Raon Reatha agus Siúil Faoin Aer ag Scoil Náisiúnta Naomh Mura, Taobh Bán go hoifigiúil. Is tionscadal comhpháirtíochta idir grúpaí pobail áitiúla agus an scoil é an Raon Reatha agus Siúil ilchuspóireach seo atá 300 méadar ar fad. Tá siad ag obair le chéile chun sláinte, folláine agus sábháilteacht an phobail a fheabhsú, le maoiniú de €25,000 ceadaithe faoi Chlár Pobail Sláintiúla Sláintecare.

Ar aghaidh léi ansin go Letir Ceanainn áit ar chas sí le baill foirne, le hoibrithe deonacha agus le baill phobail ón ghrúpa áitiúil a chuireann seirbhísí ar fáil do Theaghlaigh agus don Óige. Cuireadh in iúl don Aire go bhfuil obair iontach ar bun ag an ghrúpa faoin scéim “Seo ár Seans” - clár meabhairshláinte & folláine do dhaoine óga idir 16-25 bliain d’aois, maoinithe ag Sláintecare.

Thaistil an tAire siar chuig Ionad Naomh Pádraig Dobhar ansin, áit a bhfuair sí eolas ar na háiseanna agus ar na seirbhísí atá le fáil ann. Lena chois sin, fuair sí eolas ar na grúpaí a bhaineann úsáid as maoiniú ó Sláintecare le haghaidh tacaíochtaí teiripe shúgartha, grúpaí tacaíochta a bhaineann le feasacht mheabhairshláinte, ranganna ceoil, ranganna aclaíochta agus cláir ar bhia folláin a ithe. Thug an tAire aitheantas do na grúpaí sin a thugann tacaíocht mhór ar bhonn deonach d’othair a bhfuil ailse orthu ar fud Dhún na nGall, bíodh sin ó thaobh taisteal chuig coinní de, trí shíoba a thabhairt dóibh nó trí eitiltí go Baile Átha Cliath a fháil ar ráta fóirdheonaithe.

Chuir an tAire críoch lena cuairt lae ar Dhún na nGall le cuairt ar Scioból an Phobail in Anagaire, áit ar sheol sí Tionscadal Rothaíochta Cuimsitheach go hoifigiúil. Is comhpháirtíocht é an tionscadal idir Comhairle Contae Dhún na nGall, Scioból an Phobail, GrassRoutes atá lonnaithe ar an Tearmann agus Rothair ar Cíos i nGaoth Beara. D'fhorbair Oifigeach Rochtana Chomhairle Contae Dhún na nGall, Trudi O’Reilly, an tionscadal i gcomhpháirtíocht le páirtithe leasmhara áitiúla chun rothair chuimsitheacha a sholáthar don phobal, rud a thabharfaidh deis do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht teoranta, triail a bhaint as rothaíocht.

Ag trácht di ar an chuairt ar Dhún na nGall, dúirt an tAire Jennifer Murnane O’Connor, TD, “go bhfuil sé soiléir go bhfuil tionchar dearfach ag Clár Pobail Sláintiúla Sláintecare ar phobail áitiúla ar fud Dhún na nGall. Is iad rannpháirtíocht agus rannpháirtíocht an phobail bunchlocha chur i bhfeidhm aon tionscadail a n-éiríonn leis, agus tá an dá ghné sin le feiceáil go flúirseach anseo inniu”.

Dúirt an tUasal Liam Ward, Leas-Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Stiúrthóir Seirbhísí, an méid seo, “Is comhpháirtíocht nuálach í seo idir Comhairle Contae Dhún na nGall agus an Roinn Sláinte a bhfuil comhchuspóir agus comhaidhm aici sláinte na ndaoine atá ina gcónaí in Inis Eoghain agus i nGaeltacht an Iarthuaiscirt a fheabhsú. Inniu, léirigh muid don Aire an dóigh a ndeachaigh an chomhpháirtíocht seo chun tairbhe do na pobail is mó a bhfuil sí de dhíth orthu taobh istigh de na ceantair seo agus gabhaimid buíochas leis an Aire as an am a thógáil chun cuairt a thabhairt ar an chontae.”

Tá Clár Pobail Sláintiúla Sláintecare á mhaoiniú ag an Roinn Sláinte agus á riaradh ag Comhairle Contae Dhún na nGall thar ceann LCDC Dhún na nGall. Is plean idirghníomhaireachta é chun sláinte agus folláine i gcuid de na ceantair is mó atá faoi mhíbhuntáiste sa tsochaí, a fheabhsú.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 19 Ean 2026

Pobail an tSratha Báin Agus Leifir Á gCeangal le Chéile le Spás Comhroinnte Úr €16.7m – Páirc Phobail Cois Abhann

Tá maoiniú €16.7m ó PEACEPLUS ag cuidiú le 30 acra de spás agus de bhonneagar le haghaidh páirc phobail thrasteorann úr a chruthú idir an Srath Bán agus Leifear. Agus é deartha le daoine a thabhairt le chéile agus le teagmháil bhreise dhearfach trasphobail a spreagadh, beidh an spás úr comhroinnte sin, Páirc Phobail Cois Abhann, á mhaoiniú trí PEACEPLUS, clár atá á bhainistiú ag Foras um Chláir Speisialta an AE (FCSAE).

Image text description

Date: 14 Ean 2026

Clár Dínite Míostraithe á leathadh amach ag Comhairle Contae Dhún na nGall go dtí ionaid chultúrtha ar fud an Chontae

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall tar éis a dTogra Dínite Míostraithe a leathnú, rud a chinntíonn go bhfuil táirgí míostraithe saor in aisce ar fáil anois i Músaem an Chontae, san Ionad Cultúrtha Réigiúnach i Leitir Ceanainn agus i ngach leabharlann phoiblí ar fud an chontae. Tá an fhorbairt seo ag tógáil ar an chlár bunaidh a seoladh i mí an Mheithimh 2024, a chuir tús le táirgí míostraithe saor in aisce a bheith ar fáil ar fud na nIonad Seirbhísí Poiblí agus na nIonad Acmhainní Teaghlaigh i nDún na nGall. Is céim shuntasach eile chun tosaigh í seo chun dul i ngleic le bochtaineacht mhíostraithe.

Image text description

Date: 09 Noll 2025

Castar An tAire Dlí agus Cirt agus Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Dhún na nGall ar a Chéile

Bhuail an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, Jim O’ Callaghan, TD, leis an Chomhpháirtíocht um Shábháilteachta agus Pobail Áitiúil Dhún na nGall le linn a chuairte ar Dhún na nGall, Dé hAoine 5 Nollaig.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)