Skip to main content

August

Glasbhealach An Carraigín go Leifear - Comhairliúchán Poiblí 3

Date: 12 Lún 2025

Bóithre

Glasbhealach An Carraigín go Leifear - Comhairliúchán Poiblí 3

An Chonair Bhealaigh is Dealraithí a Roghnófar
An Chonair Bhealaigh is Dealraithí a Roghnófar

Tugann Comhairle Contae Dhún na nGall, le tacaíocht ó Bhonneagar Iompair Éireann, cuireadh do dhaoine a bhfuil cónaí orthu sa cheantar, don phobal i gcoitinne agus do pháirtithe ar spéis leo an t-ábhar, páirt a ghlacadh sa tríú comhairliúchán poiblí neamhreachtúil ar an Chonair Bhealaigh is Dealraithí a Roghnófar do Ghlasbhealach An Carraigín go Leifear.

Tá sé mar aidhm ag an Chonair Bhealaigh is Dealraithí a Roghnófar, cosán tarraingteach a sholáthar idir teorainn an Charraigín agus teorainn Leifir i gContae Dhún na nGall, ar mhaithe le caitheamh aimsire a chur ar fáil do choisithe, do rothaithe agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht teoranta. Ní hamháin go gcuirfeadh an Glasbhealach caitheamh aimsire iontach agus tacaíocht shóisialta ar fáil do phobail áitiúla ach chuirfeadh sé naisc thábhachtacha thrasteorann ar fáil a fhad le Doire agus An Srath Bán trí Líonra Glasbhealaigh an Iarthuaiscirt agus, amach anseo, tríd an Líonra Glasbhealaigh atá beartaithe in Inis Eoghain. Mheallfadh an Glasbhealach idir chuairteoirí baile agus turasóirí idirnáisiúnta go dtí an ceantar, rud a rachadh chun tairbhe dóibh sin atá lonnaithe ar an chonair bhealaigh, ar bhonn sóisialta agus eacnamaíochta. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh sí a bheith ina conair luachmhar ina gcuirfí rogha shábháilte, inbhuanaithe agus fholláin ar fáil dóibh sin a mbainfeadh úsáid aisti.

Faoi lathair, tá Céim 2: Roghnú Roghanna beagnach críochnaithe. Reáchtáladh an dara comhairliúchán poiblí neamhreachtúil i mí na Samhna 2024 agus cuireadh na roghanna don chonair bhealaigh a aithníodh i láthair, i ndiaidh don Réamh-Mheasúnú Roghanna a bheith curtha i gcrích. Bhí na roghanna seo ag brath ar mheasúnú mionsonraithe eile de réir Lámhleabhar ar Ghlasbhealaí de chuid Bainisteoir Tionscadail BIÉ, de réir Treoirlínte BIÉ maidir le Meastóireacht Tionscadail agus de réir Creat Meastóireachta Iompair na Roinne Iompair agus aithníodh an Chonair Bhealaigh is Dealraithí a Roghnófar dá bharr. Meastar, ar an iomlán, go roghnófar an Chonair Bhealaigh is Dealraithí de bharr a feidhmíochta agus go dtacóidh sí le cuspóirí agus le critéar meastóireachta an tionscadail. 

Is é cuspóir an tríú comhairliúchán poiblí neamhreachtúil seo ná an pobal a chur ar an eolas faoin Chonair Bhealaigh is Dealraithí a Roghnófar agus a n-aiseolas a iarraidh.

Beidh dhá chomhairliúchán poiblí pearsanta ar siúl i mBaile Suingean agus i Leifear ar na dátaí seo a leanas:


•    Dé Luain 18 Lúnasa 2025: 14:00 – 20:00
Ionad Acmhainní Teaghlaigh Bhaile Suingean agus an Charraigín, Bóthar an tSéipéil, Baile Suingean, F93 VHK7


•    Dé Máirt 19 Lúnasa 2025: 14:00 – 20:00
Seanteach na Cúirte, An Diamant, Leifear, F93 CD6F.

Beidh baill d’fhoireann an tionscadail ar fáil chun aon cheist nó imní a bhaineann leis an tionscadal a phlé.
Tar éis na gcomhairliúchán pearsanta a thabhairt chun críche, cuirfear taispeántais phoiblí ar fáil ar feadh coicíse go dtí an Aoine, 5 Meán Fómhair 2025 ag an suíomh seo a leanas:


•    Comhairle Contae Dhún na nGall, Áras an Chontae, Leifear F93 Y622. 
Uaireanta oscailte 09:00 – 16.30 (Dé Luain – Dé hAoine).


Le haghaidh eolas breise faoin tionscadal, nó chun foirm aiseolais a líonadh isteach ar líne, téigh chuig an suíomh gréasáin seo a bhaineann leis an tionscadal: carrigansliffordgreenway.ie/ga/  Beidh eolas le fáil ar líne ón Luan 18 Lúnasa 2025. Glacfar le haighneachtaí go dtí an Aoine 5 Meán Fómhair 2025.

I gcás aon bhall den phobal nach féidir leo freastal ar na himeachtaí, beidh seomra comhairliúcháin fíorúil ar fáil ar shuíomh gréasáin an tionscadail ina mbeidh an t-eolas ábhartha uilig agus léarscáiliú idirghníomhach.

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an fhoireann tionscadail trí ríomhphost a sheoladh chuig carrigansliffordgreenway@aecom.com nó tríd an phost chuig Tionscadail Caipitil Glasbhealaí, Comhairle Contae Dhún na nGall, Áras an Chontae, Leifear, Co. Dhún na nGall, F93 Y622.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 09 DFómh 2025

Béim mhór curtha ar Shábháilteacht ar Bhóithre ag Seó Sábháilteachta Bóthair AXA i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall

D’fhreastail breis agus 2500 scoláire Idirbhliana agus 5ú bliana ó scoileanna ar fud Dhún na nGall ar ‘Seó Sábháilteachta Bóthair AXA’ i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall ar an Mháirt agus ar an Chéadaoin 7 & 8 Deireadh Fómhair in Ionad Fóillíochta Aura, Leitir Ceanainn.

Image text description

Date: 08 DFómh 2025

Seó Sábháilteachta Bóthair AXA i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall, seolta i nDún na nGall

Tá 85% níos mó de sheans go mbeidh timpiste bhóthair ag tiománaí og i gcomparáid le tiománaí níos sine. Is iad na cúiseanna is mó atá le timpistí bóthair ná luas, easpa taithí agus tiománaithe ag díriú a n-aird ar rudaí eile. *De réir thaifid ón Gharda Síochána, gearradh fíneálacha ar 18,305 tiománaí go dtí seo as fón póca a úsáid agus iad ag tiomáint agus baineann 184 acu sin le Dún na nGall.

Image text description

Date: 12 Lún 2025

Glasbhealach An Carraigín go Leifear - Comhairliúchán Poiblí 3

Tugann Comhairle Contae Dhún na nGall, le cúnamh taca ó Bhonneagar Iompair Éireann, cuireadh do dhaoine a bhfuil cónaí orthu sa cheantar, do dhaoine den phobal agus do pháirtithe ar spéis leo an t-ábhar, páirt a ghlacadh sa tríú comhairliúchán poiblí neamhreachtúil ar na Roghanna don Chonair Bhealaigh is Dealraithí a Roghnófar do Thionscadal Ghlasbhealach, An Carraigín go Leifear.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)