Skip to main content

August

Scéim Meantóireachta Píolótach don Tuíodóireacht Rópa

Date: 26 Lún 2025

Oidhreacht

Scéim Meantóireachta Píolótach don Tuíodóireacht Rópa

Máistir na tuíodóireachta rópa Brian Lafferty (ar chlé) le David McFerran (ar dheis) ar éirigh leis an chéad sparánacht a bhaint amach faoin Scéim Meantóireachta Píolótach don Tuíodóireacht Rópa a thionscain an Oifig Caomhantais agus an Oifig Oidhreachta, Comhairle Contae Dhún na nGall. Grianghraf: Joseph Gallagher
Máistir na tuíodóireachta rópa Brian Lafferty (ar chlé) le David McFerran (ar dheis) ar éirigh leis an chéad sparánacht a bhaint amach faoin Scéim Meantóireachta Píolótach don Tuíodóireacht Rópa a thionscain an Oifig Caomhantais agus an Oifig Oidhreachta, Comhairle Contae Dhún na nGall. Grianghraf: Joseph Gallagher

D’fhógair Comhairle Contae Dhún na nGall gur bronnadh an chéad sparánacht faoin Scéim Meantóireachta Píolótach don Tuíodóireacht Rópa. Is iad an Oifig Caomhantais agus an Oifig Oidhreachta a thionscain an Scéim le tacaíocht ó Éire Ildánach, ón tSeirbhís Náisiúnta Oidhreachta Tógtha, ón Chomhairle Oidhreachta agus ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, mar chuid de chur i bhfeidhm Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. Bronnadh an chéad sparánacht faoin scéim ar David McFerran agus oibreoidh sé féin agus an tuíodóir rópa Brian Lafferty as lámha a chéile anois.

“Is í seo an chéad Scéim Meantóireachta dá macasamhail in Éirinn” a mhínigh Collette Beattie, Oifigeach Caomhantais, Comhairle Contae Dhún na nGall. “Cuirfear urraíocht ar fáil do David le go mbeidh sé i mbun oibre le máistir na tuíodóireachta rópa Brian Lafferty ar bhonn páirtaimseartha ar feadh sé mhí. Leanfaidh sé treoir Brian a bheas ag teagasc ceird na tuíodóireachta rópa dó, an dóigh leis na huirlisí tuíodóireachta a úsáid, an dóigh le saothar stairiúil tuíodóireachta rópa a dheisiú, agus tabharfaidh sé sin deis do David taithí phraiticiúil a fháil ar an cheird. Bhí an próiseas roghnúcháin bunaithe ar na daoine sin a thug faoi chúrsaí oiliúna ar an tuíodóireacht rópa i Scoil Tuíodóireachta Dhún na nGall atá lonnaithe i gCill Chluanadh in iarthar an Chontae.

Tugadh cuireadh dóibh cur isteach ar an Scéim Meantóireachta agus rinneadh measúnacht ar na hiarratasóirí de réir an traenáil agus/nó an taithí a bhí acu go dtí sin ó thaobh na tuíodóireachta rópa de, na cúiseanna ar chuir siad isteach ar an Scéim agus a thiomanta is a bhí siad do shlí bheatha a bhaint amach sa tuíodóireacht. Is é an aidhm atá leis an Scéim ná deis oiliúna a chur ar fáil do dhuine ar bith ar mian leis slí bheatha a bhaint amach mar thuíodóir i nDún na nGall. Mar gheall ar an Scéim Deontais Deisiúcháin Tuí atá ar bun le seacht mbliana agus a bhfuil ráchairt uirthi, tchíonn muid go bhfuil gá lena leithéid agus go bhfuil deiseanna ann do thuíodóirí rópa sa chontae. Má tá aon tuíodóir rópa sa chontae atá toilteanach tabhairt faoi shaothar stairiúil tuíodóireachta rópa a dheisiú nó atá ar fáil mar mheantóir, ba mhaith linn cloisteáil uathu.”

Tá Dún na nGall i measc líon beag áiteanna in Éirinn ina bhfuil tuíodóireacht rópa á cleachtadh go fóill. “Tá an tuíodóireacht rópa ar an mhodh tuíodóireachta is coitianta atá in iarthar agus i dtuaisceart an chontae” a thug Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chomhairle Contae Dhún na nGall le fios. “Ar theach a bhfuil tuíodóireacht rópa déanta air, coinnítear an tuí in áit le heangach rópaí agus le mogalra sreinge, sa lá atá inniu ann. Téann sé ó sceimheal go sceimheal ar chíor mhullaigh an tí agus ó bhinn amháin go dtí an bhinn eile. Déantar na rópaí seo a cheangal le clocha nó le pionnaí miotail a ghobann amach ag barr na mballaí faoi na sceimhleacha. Tá fíorscil an tuíodóra san aird a thugann sé/sí do mhionsonraí thart ar an simléar, ar bhinn an tí, ar na sceimhleacha nó ar chíor mhullaigh an tí. An imní atá orainn, áfach, ná go bhfuil an modh tuíodóireachta seo ag dul i léig agus go bhfuil tuíodóireacht le scolb curtha ina áit, le cois stíleanna eile nach bhfuil traidisiúnta - an tuíodóireacht shintéiseach mar atá sí le fáil in iarthar agus i dtuaisceart an chontae.”

Táthar ag fáil réidh leis an chineál seo de thuíodóireacht rópa agus le ceird an tuíodóra rópa a bhaineann le tírdhreach cultúrtha Chontae Dhún na nGall. Is ábhar suntais é nár thug gníomhaireachtaí oiliúna aghaidh ar an easnamh seo i scileanna traidisiúnta tógála, siocair go bhfuil an fhéidearthacht ann printíseachtaí a chur ar fáil sa tuíodóireacht, gairmeacha mar thuíodóirí agus scileanna a bhfuil géarghá leo i gcaomhnú na bhfoirgneamh stairiúil a chur ar fáil chun tacú le tionscal na tógála. Tá súil againn go mbeidh tionscnaimh ar nós Scoil Tuíodóireachta Dhún na nGall i gCill Chluanadh agus an cúrsa oiliúna tuí atá á thairiscint ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach i gcomhar leis an Chomhairle Oidhreachta, ina gcuidiú chun dul i ngleic leis an easnamh seo le himeacht ama. Idir an dá linn, is í an chloch is mó ar ár bpaidrín ná deireadh a chur leis an ráta saoithiúil den tuíodóireacht rópa stairiúil atá caillte i gContae Dhún na nGall le blianta beaga anuas. Léiríonn fianaise gur cailleadh 27% de na foirgnimh stairiúla tuí le 15 bliain anuas agus go bhfuil drochbhail nó drochbhail amach ar 10% eile díobh. Is cúis imní ar leith í go bhfuil úinéirí tí a dhéanann a ndíonta tuí a dheisiú, ag cur sclátaí ar na díonta in áit obair dheisiúcháin a dhéanamh ar an saothar stairiúil tuíodóireachta, le go mbeidh sí slán agus caomhnaithe. Cuirtear i gcuimhne d’úinéirí tí go bhfuil cead le fáil ó Chomhairle Contae Dhún na nGall chun díon tuí stairiúil a dheisiú mar go bhfuil athrú ábhartha ar an struchtúr i gceist leis.”

Más tuíodóir rópa thú a bhfuil spéis agat a bheith ag obair i nDún na nGall nó más mian leat slí bheatha a bhaint amach sa tuíodóireacht rópa, déan teagmháil le Collette Beattie, Oifigeach Caomhantais nó le Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta ar (074) 917 2576 nó trí r-phost: thatch@donegalcoco.ie


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 30 MFómh 2025

Atlas na mBailte Stairiúla do Bhéal Átha Seanaidh le Seoladh

Seolfaidh Acadamh Ríoga na hÉireann, i gcomhar le Comhairle Contae Dhún na nGall, Atlas na mBailte Stairiúla do Bhéal Átha Seanaidh in Ionad na Mainistreach, Sráid Thír Chonaill, Béal Átha Seanaidh ag 6pm ar an Déardaoin, 9 Deireadh Fómhair. Bunaíodh Atlas na mBailte Stairiúla in Éirinn (IHTA) leis an fhorbairt thopagrafach i roinnt bailte in Éirinn a thaifeadadh. Rinne an Dr. Angela Byrne taighde ar Atlas na mBailte Stairiúla do Bhéal Átha Seanaidh agus chuir sí deireadh i gceann a chéile, agus déanfaidh sí cur i láthair dar teideal ‘Hidden Histories: Vanished Traces of Ballyshannon’s Past’ mar chuid den seoladh. Seolfaidh an Dr. Easkey Britton, éiceolaí sóisialta as Ros Neamhlach, an t-atlas.

Image text description

Date: 23 MFómh 2025

Glasgow Corporation Transport & The Donegal Connection Leabhrán úr a thugann cuntas ar ról na bhfear agus na mban a choinnigh Glaschú ag gabháil

Seolfar leabhrán úr 50 leathanach dar teideal ‘Glasgow Corporation Transport and the Donegal Connection’ i Músaem an Chontae, An Bóthar Ard, Leitir Ceanainn ar 7pm Dé Céadaoin 1 Deireadh Fómhair (beidh sólaistí ar fáil ó 6.30pm).

Image text description

Date: 22 MFómh 2025

Taispeántas ar bhunadh Dhún na nGall a d’oibrigh in Albain ar ar oscailt i nGlaschú

Cuirfear taispeántas taistil a dhéanann ceiliúradh ar bhunadh Dhún na nGall idir fhir agus mhná, a d’oibrigh in Albain idir 1940 agus 1990 i láthair don phobal i gCartlann Ghlaschú, Leabharlann Mitchell, An tSráid Thuaidh, Glaschú ón Chéadaoin 24 Meán Fómhair ar aghaidh

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)