Skip to main content

August

Tionscadal Feabhsúcháin agus Treoshuímh Bhaile Bhun Dobhráin - Clár na mBailte Cinn Scríbe de chuid Fáilte Éireann

Date: 13 Lún 2025

Pobal

Tionscadal Feabhsúcháin agus Treoshuímh Bhaile Bhun Dobhráin - Clár na mBailte Cinn Scríbe de chuid Fáilte Éireann

 Ag seoladh an Tionscadail bhí (ó chlé go deas) an Clr. Michael Boyle, Claire McCallan, Ailtire sa Phobal, Comhairle Contae Dhún na nGall, Charlene Boyle, Fáilte Éireann, an Clr. Michael McMahon, an Clr. Micheál Naughton, Cathaoirleach Cheantar Bardais Dhún na nGall, Caroline Britton, Oifigeach Forbartha Pobail, Comhairle Contae Dhún na nGall, Joan Crawford, Fáilte Éireann, an Clr. Noel Jordan. Grianghraf: Gerard McHugh
Ag seoladh an Tionscadail bhí (ó chlé go deas) an Clr. Michael Boyle, Claire McCallan, Ailtire sa Phobal, Comhairle Contae Dhún na nGall, Charlene Boyle, Fáilte Éireann, an Clr. Michael McMahon, an Clr. Micheál Naughton, Cathaoirleach Cheantar Bardais Dhún na nGall, Caroline Britton, Oifigeach Forbartha Pobail, Comhairle Contae Dhún na nGall, Joan Crawford, Fáilte Éireann, an Clr. Noel Jordan. Grianghraf: Gerard McHugh

Tá áthas ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhpháirtíocht le Fáilte Éireann, a fhógairt gur cuireadh feabhsuithe suntasacha sa réimse poiblí agus saothar ealaíne poiblí i gcrích, i mbaile bríomhar turasóireachta Bhun Dobhráin.

In 2020, sheol Fáilte Éireann Scéim Infheistíochta Caipitil na mBailte Cinn Scríbe ina raibh sé mar aidhm acu tacú le húdaráis áitiúla ar fud na tíre bailte ar fud na hÉireann a chur chun cinn ó thaobh na tarraingteachta agus na turasóireachta de. Faoin scéim seo, bronnadh deontas de €500,000 ar Chomhairle Contae Dhún na nGall le bealaí rochtana i mBun Dobhráin a uasghrádú, sráid-dreach an bhaile a fheabhsú, saothar ealaíne poiblí a chruthú agus treochomharthaíocht nua a chur ar fud an bhaile.

A bhuíochas do mhórchuid pleanála agus comhoibrithe idir comhpháirtithe an tionscadail, gnólachtaí áitiúla, agus páirtithe leasmhara sa phobal, táthar i ndiaidh na rudaí seo a leanas a chur i gcrích:

• Dealbha bunaithe ar an mhuir agus ar an tonnmharcaíocht a choimisiúnú do na trí thimpeallán isteach go dtí an baile.
• Spásanna comhroinnte feabhsaithe d’fheithiclí agus do choisithe ar Lána Renisan, ar Lána Láir, agus ar Lána Uí Mhiacháin, a nascann an Phríomhshráid le cladach iontach Shlí an Atlantaigh Fhiáin.
• Treochomharthaíocht tharraingteach a chur in airde a thugann na háitanna is mó suime i mBun Dobhráin le fios agus a chuireann chun cinn iad.

Chuir cónaitheoirí agus cuairteoirí araon fearadh na fáilte roimh an tionscadal agus is léiriú é ar obair Ailtirí Paul Doherty, ar obair an chonraitheora ó Chonraitheoirí W Doherty Teo, agus ar shaothar an ealaíontóra Kevin Callaghan. Cuireadh go mór le háiseanna agus le híomhá Bhun Dobhráin mar thoradh ar na feabhsuithe seo.

Chuir John G McLaughlin, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, a bhuíochas in iúl don tacaíocht leanúnach a chuir Fáilte Éireann ar fáil don tionscadal seo agus as a dtiomantas do Chontae Dhún na nGall. Thug sé moladh don fhoireann deartha, don chonraitheoir agus don ealaíontóir as tionscadal réimse poiblí ar ardchaighdeán a chur i gcrích; tionscadal a chuireann go mór le heispéireas na gcuairteoirí i gcoitinne. Lena chois sin, chuir sé béim ar an dóigh a raibh na hoibreacha seo ag tógáil ar thograí eile a bhí ar bun i mBun Dobhráin, lena n-áirítear athchóiriú Waterworld Bhun Dobhráin, rud a neartaíonn an tursaóireacht sa bhaile agus a fhágann go bhfuil Bun Dobhráin agus Contae Dhún na nGall níos fearr arís le cónaí iontu, le hoibriú iontu agus le seal ama a chaitheamh iontu.

Dúirt Joan Crawford, Bainisteoir, Slí an Atlantaigh Fhiáin, Fáilte Éireann: “Tá Fáilte Éireann tiomanta d’fhorbairt inbhuanaithe na turasóireachta ar fud na hÉireann, a chuireann borradh faoi chúrsaí eacnamaíochta agus fostaíochta. Is muid an tÚdarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta, agus tá sé mar aidhm againn cur le líon na gceann scríbe a chuireann eispéiris thar na bearta ar fáil agus a mheallann cuairteoirí as áiteanna ar fud na réigiún. Is é sin an fáth a bhfuil tábhacht mhór le tionscadail cosúil le Bailte Cinn Scríbe. Neartaigh ár gcuid oibre le Comhairle Contae Dhún na nGall a mhealltaí is atá Bun Dobhráin mar cheann scríbe do chuairteoirí. Trí threoshuíomh cuairteoirí a fheabhsú, agus borradh a chur faoi chúrsaí gluaiseachta agus inrochtaineachta do choisithe, fanfaidh cuairteoirí níos faide, caithfidh siad níos mó airgid ann agus beidh siad sáite i ngníomhaíochtaí agus i gcultúr na háite.”


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 13 Lún 2025

Cuairt tugtha ag an Aire O'Connor ar Dhún na nGall agus Tionscadail Pobail Sláintiúla seolta aici

Thug an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Jennifer Murnane O'Connor TD, cuairt ar Dhún na nGall ar an Aoine 8 Lúnasa, áit a raibh sí i láthair ag cúpla seoladh agus a dtug sí cuairt ar cheithre thionscadal atá maoinithe faoi Chlár Pobail Sláintiúla Sláintecare ar fud Cheantar Bardais Inis Eoghain, Leitir Ceanainn/Bhaile na nGallóglach agus na nGleanntach.

Image text description

Date: 13 Lún 2025

Tionscadal Feabhsúcháin agus Treoshuímh Bhaile Bhun Dobhráin - Clár na mBailte Cinn Scríbe de chuid Fáilte Éireann

Tá áthas ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhpháirtíocht le Fáilte Éireann, a fhógairt gur cuireadh feabhsuithe suntasacha sa réimse poiblí agus saothar ealaíne poiblí i gcrích, i mbaile turasóireachta bríomhar Bhun Dobhráin.

Image text description

Date: 07 Lún 2025

‘Bród ní Claontacht’- tionscadal de chuid PEACEPLUS seolta ag Tionscadal an Lucht Siúil i nDún na nGall

Tá 'Bród Ní Claontacht' - an dara tionscadal de chuid PEACEPLUS, seolta go hoifigiúil ag Tionscadal an Lucht Siúil i nDún na nGall, i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall, le hinfheistíocht de €80,000. Tá sé maoinithe tríd an Chlár PEACEPLUS le tacaíocht ó Chomhlacht na gClár Speisialta AE (SEUPB). Is cuid de Phlean Gníomhaíochta Áitiúil Dhún na nGall é an tionscadal seo atá á chur i bhfeidhm faoi Théama 3: Meas ar Gach Féiniúlacht Chultúrtha a Mhéadú. Mar chuid den phlean leathan, cuirfear €7.6 milliún ar fáil chun 32 tionscadal cothaithe síochána a chur i bhfeidhm idir 2025 agus 2027.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)