Date: 13 Lún 2025
Tionscadal Feabhsúcháin agus Treoshuímh Bhaile Bhun Dobhráin - Clár na mBailte Sprice de chuid Fháilte Éireann

Tá áthas ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhpháirtíocht le Fáilte Éireann, a fhógairt gur cuireadh feabhsuithe suntasacha sa ríocht phoiblí agus an tsuiteáil de shaothar ealaíne poiblí i gcrích, i mbaile turasóireachta bríomhar Bhun Dobhráin.
In 2020, sheol Fáilte Éireann a Scéim Infheistíochta Caipitil na mBailte Sprice leis an aidhm tacú le húdaráis áitiúla ar fud na tíre le tarraingteacht agus mealltacht turasóireachta bailte ar fud na hÉireann a mhéadú. Faoin scéim sin, bronnadh deontas €500,000 ar Chomhairle Contae Dhún na nGall le bealaí rochtana taobh istigh de Bhun Dobhráin a uasghrádú, a shráid-dreach a fheabhsú, saothar ealaíne poiblí a shuiteáil, agus treochomharthaíocht nua a shuiteáil ar fud an bhaile.
A bhuíochas le pleanáil agus comhoibriú fairsing idir comhpháirtithe an tionscadail, gnólachtaí áitiúla, agus páirtithe leasmhara sa phobal, tá an tionscadal i ndiaidh na rudaí seo a leanas a chur i gcrích:
• Dealbha mara agus tonnmharcaíochta iontacha coimisiúnaithe do na trí thimpeallán isteach sa bhaile.
• Spásanna comhroinnte feabhsaithe d’fheithiclí agus do choisithe feadh Lána Renisan, Lána Láir, agus Lána Uí Mhiacháin, a nascann an Phríomhshráid le cladach iontach Shlí an Atlantaigh Fhiáin.
• Treochomharthaíocht tharraingteach a thugann aird ar phríomháiteanna Bhun Dobhráin agus a chuireann chun cinn iad.
Chuir cónaitheoirí agus cuairteoirí araon fearadh na fáilte roimh an tionscadal agus is léiriú é ar obair Paul Doherty Architects, an chonraitheora W Doherty Construction Ltd, agus an ealaíontóra Kevin Callaghan. Tá feabhas suntasach tagtha ar áiseanna agus ar chuma fhoriomlán Bhun Dobhráin mar gheall ar na feabhsuithe sin.
Léirigh John G McLaughlin, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, a bhuíochas as tacaíocht leanúnach Fáilte Éireann don tionscadal sin agus a thiomantas níos leithne do Chontae Dhún na nGall. Mhol sé an fhoireann dearaidh, an conraitheoir agus an t-ealaíontóir as tionscadal ardchaighdeáin sa ríocht phoiblí a chur i gcrích a chuireann le heispéireas níos leithne na gcuairteoirí. Leag sé béim fosta ar an dóigh a dtógann na hoibreacha sin ar thionscnaimh eile le déanaí i mBun Dobhráin, lena n-áirítear athchóiriú Waterworld Bhun Dobhráin, rud a neartaíonn tairiscint turasóireachta an bhaile níos mó agus a fhágann go bhfuil Bun Dobhráin agus Contae Dhún na nGall ina n-áit níos fearr arís le maireachtáil, le hoibriú agus le cuairt a thabhairt air.
Dúirt Joan Crawford, Bainisteoir, Slí an Atlantaigh Fhiáin, Fáilte Éireann: “Tá Fáilte Éireann tiomanta d’fhorbairt inbhuanaithe na turasóireachta ar fud na hÉireann, agus is spreagadh eacnamaíoch ríthábhachtach agus foinse fostaíochta é. Mar an tÚdarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta, tá sé mar aidhm againn líon na gceann scríbe a chuireann eispéiris thar a bheith tarraingteach ar fáil agus a mheallann cuairteoirí ar fud na réigiún a mhéadú. Is é sin an fáth a bhfuil tionscnaimh amhail Bailte Sprice chomh tábhachtach. Neartaigh ár gcuid oibre le Comhairle Contae Dhún na nGall mar chuid den scéim mealltacht Bhun Dobhráin mar cheann scríbe do chuairteoirí. Trí threoshuíomh cuairteoirí a fheabhsú, agus gluaiseacht agus inrochtaineacht coisithe a fheabhsú, fanfaidh cuairteoirí níos faide, caithfidh siad níos mó airgid agus beidh siad sáite i ngníomhaíochtaí agus i gcultúr áitiúil.”