Date: 12 Noll 2025
Aitheantas Náisiúnta faighte ag Claire McCaul ag Gradaim ‘Leading Lights’ de chuid an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre
Is mór ag Comhairle Contae Dhún na nGall, Aontas na Mac Léinn in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Dún na nGall, agus Meitheal Sábháilteacht Bhóithre Dhún na nGall, comhghairdeas a dhéanamh le Claire McCaul, Leasuachtarán Oideachais agus Cumarsáide, Aontas na Mac Léinn OTA, Dún na nGall, as Gradam do Shábháilteacht ar Bhóithre don Óige a bhaint amach ag Gradaim ‘Leading Lights’ de chuid an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre. Bronnadh an t-aitheantas náisiúnta seo uirthi dá ceannaireacht, dá cruthaitheacht agus dá tiomantas iontach maidir le Seachtain Feasachta ar Shábháilteacht ar Bhóithre a reáchtáladh in OTA, Dún na nGall ag tús na bliana.
Rinneadh an togra seo a fhorbairt i ndlúthchomhpháirtíocht leis an Oifigeach um Shábháilteacht ar Bhóithre le Comhairle Contae Dhún na nGall agus Meitheal Sábháilteacht Bhóithre Dhún na nGall tar éis a aithint go raibh gá le rannpháirtíocht nua agus fiúntach i dtaca le sábháilteacht ar bhóithre dírithe ar dhaoine in oideachas tríú leibhéal.
In 2024, maraíodh 17 duine ar bhóithre i gCo. Dhún na nGall, agus bhain gortuithe tromchúiseacha do 55 duine eile. Go dtí seo i mbliana, maraíodh 11 duine ar bhóithre i gCo. Dhún na nGall.
D’oibrigh Claire i gcomhar le Comhairle Contae Dhún na nGall, le Meitheal Sábháilteacht Bhóithre Dhún na nGall agus leis an Gharda Síochána, agus rinne sí comhordú ar chlár idirghníomhach ar champas OTA, Dún na nGall a thug oideachas ar shábháilteacht ar bhóithre chun beochta do mhic léinn.
Bhí na nithe seo a leanas mar chuid den tSeachtain Feasachta ar Shábháilteacht ar Bhóithre:
- An Bus Tointeála RSA le gníomhaíochtaí aga freagartha agus tástála luais
- Taispeántais bheo le hAonad Póilínithe Bóithre an Gharda Síochána
- An Clár Tarrthálaí a bhfuil an-tionchar aige ar dhaoine
- Seastáin eolais agus rannpháirtíochta ó ghníomhaireachtaí tacaíochta
Chuir na gníomhaíochtaí seo béim ar phríomhtheachtaireacht na seachtaine: sábháiltear beatha le tiomáint fhreagrach agus tugadh eispéiris chumhachtacha, phraiticiúla do mhic léinn a léirigh iarmhairtí maidir le tiomáint chontúirteach, a bhaineann leis an saol mar atá.
Bhí na céadta mac léinn páirteach sa tionscadal, mar aon le rannpháirtithe ó Ógtheagmháil agus ón Líonra Náisiúnta Foghlama. Bhí teachtaireachtaí traidisiúnta sábháilteachta ar bhóithre léirithe mar eispéireas foghlama an-éifeachtach agus ar féidir ceangal a chothú leis.
Nuair a bronnadh an gradam uirthi, dúirt Claire McCaul, “Is mór an onóir dom an gradam seo a fháil. Ní hábhar feachtasaíochta amháin dom é sábháilteacht ar bhóithre, is rud é a bhaineann le gach teaghlach agus le gach pobal i nDún na nGall. Éisteann daoine óga lena chéile, mar sin, má chuidíonn mo chuid oibre le duine amháin fiú stopadh agus smaoineamh sula nglacann siad riosca ar an bhóthar, b’fhiú uilig é. Tá súil agam go spreagfaidh an t-aitheantas seo níos mó againn labhairt amach, aire a thabhairt dá chéile, agus leanúint ar aghaidh le béim a chur ar roghanna níos sábháilte. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil le gach duine a chomhoibrigh liom chun go n-éireodh leis an tseachtain seo”.
D’fhreastail Pamela Smullen, Comhairle Contae Dhún na nGall, ar Shearmanas Bronnta na nGradam ‘Leading Light’ de chuid an RSA i bPáirc an Chrócaigh an tseachtain seo, rinne sí ionadaíocht ar an iarracht chomhoibríoch taobh thiar den togra seo. Ag labhairt di i ndiaidh na hócáide, dúirt sí: “Déanaim comhghairdeas le Claire ar an ghradam seo atá tuillte aici. Chruthaigh a cumas oibriú go dlúth le gníomhaireachtaí oifigiúla agus le mic léinn a spreagadh trína ról le haontas mac léinn, timpeallacht foghlama a raibh mic léinn rannpháirteach inti agus a chuir oideachas tábhachtach ar fáil maidir le sábháilteacht ar bhóithre. Is léiriú é an rath a bhí ar Sheachtain Feasachta ar Shábháilteacht ar Bhóithre OTA, ar an tionchar a bhíonn ag comhoibriú agus ceannaireacht na mac léinn.”