Skip to main content

December

Beannachtaí na Nollag ar Dhiaspóra Dhún na nGall, 2025

Date: 23 Noll 2025

Forbairt Eacnamaíochta

Beannachtaí na Nollag ar Dhiaspóra Dhún na nGall, 2025

Agus an Nollaig agus an bhliain úr ag druidim linn, is deis iontach luachmhar í seo ag teaghlaigh agus ag cairde teacht le chéile faoi shonas agus dea-chuimhní a mhairfidh go ceann i bhfad a chruthú arís i gcomhluadar a chéile.

Achan bhliain, fáiltítear na céadta agus na mílte duine ar ais abhaile go hÉirinn do shéasúr na Nollag, traidisiún croíúil a leanann leis ag tarraingt na nglúnta le chéile ó gach cearn den domhan . Ach tuigimid fosta nach dtig le gach duine an turas ‘na bhaile a dhéanamh. Tá ár smaointe leo siúd nach bhfuil in ann pilleadh, agus le gach duine atá i ngleic le dúshláin éagsúla ar fud an domhain in 2025 - ina measc iad siúd atá ag fulaingt de bharr coimhlintí, díláithrithe agus cruatain.

Leanann lá #DúnnanGallAbú, ceann de bhuaicphointí 2025, leis ag dul ó neart go neart, agus is scéal é a bhfuil an-rath air ar fud an domhain. Arís eile, bhí bród, cruthaitheacht agus spiorad na gConallach agus mhuintir Dhún na nGall le feiceáil go soiléir ag pobal domhanda. Ba chumhachtach an fhreagairt a tháinig chugainn ó chian is ó chóngar, agus meabhraíodh dúinn arís faoin dáimh agus faoin bhá agus faoin dlúthcheangal atá ag ár ndiaspóra leis an chontae speisialta seo againne i rith an ama.

An Nollaig seo, glacaimid am fosta chun cuimhneamh ar na daoine sin a bhí gar dár gcroí ach nach bhfuil linn níos mó. Go dtuga ár gcuimhní cinn orthu sólás agus suaimhneas dúinn uilig ag an am seo ina mbíonn béim ar an mhachnamh agus ar an chomhluadar. 

Cibé áit sa domhain a bhfuil tú ag ceiliúradh ann, guím íocshláinte, sonas agus síocháin ort an Nollaig seo. Agus go dtuga an bhliain 2026 sonas, sásamh agus sochar duit, cibé rud a bheas ar siúl agat. 

Nollaig Shona agus Athbhliain faoi Mhaise Daoibh. 


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 22 Ean 2026

#CeannaighDúnnanGall i Lár an Aonaigh arís eile

Bhí spiorad agus mórtas iontach pobail léirithe tríd an fheachtas #CeannaighDúnnanGall arís i mbliana. Tugadh ardán do ghnónna iontacha i nDún na nGall agus do na nithe ar leith atá ar fáil do phobal domhanda, a thugann le fios arís eile gur mol lán le cruthaitheacht agus gnó é Dún na nGall.

Image text description

Date: 07 Ean 2026

Dún na nGall le bheith curtha i láthair ag Seónna Saoire i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath!

Beidh gnólachtaí turasóireachta de chuid Dhún na nGall ag coinneáil ainm an chontae in airde an deireadh seachtaine seo le linn an tSeó Saoire bhliantúil a bheas ar siúl i mBéal Feirste, agus arís i mBaile Átha Cliath i gceann coicíse.

Image text description

Date: 23 Noll 2025

Beannachtaí na Nollag ar Dhiaspóra Dhún na nGall, 2025

Agus an Nollaig agus an bhliain úr ag druidim linn, is deis iontach luachmhar í seo ag teaghlaigh agus ag cairde teacht le chéile faoi shonas agus dea-chuimhní a mhairfidh go ceann i bhfad a chruthú arís i gcomhluadar a chéile.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)