Skip to main content

December

Beathaisnéis Néill Mhic Giolla Bhrighde seolta go Digiteach

Date: 15 Noll 2025

Corparáideach

Beathaisnéis Néill Mhic Giolla Bhrighde seolta go Digiteach

Ar chúl (ó chlé): Clíona Ní Ghallachóir (Rannóg na Gaeilge, CC Dhún na nGall), Seosamh Ó Ceallaigh (Leabharlannaí Feidhmiúcháin leis an tSeirbhís Leabharlainne), An Clr Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig (Cathaoirleach Choiste na Gaeilge), an Clr Denis McGee, an Clr John Shéamais Ó Fearraigh, Majella McFadden (Cumann Pobail an Chraoslaigh). Chun tosaigh (ó chlé): Aodhán Ó Cinnéide agus a bhean Brenda, an Clr Michael McClafferty agus Michelle Nic Pháidín (OPT Thuaisceart Dhún na nGall).
Ar chúl (ó chlé): Clíona Ní Ghallachóir (Rannóg na Gaeilge, CC Dhún na nGall), Seosamh Ó Ceallaigh (Leabharlannaí Feidhmiúcháin leis an tSeirbhís Leabharlainne), An Clr Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig (Cathaoirleach Choiste na Gaeilge), an Clr Denis McGee, an Clr John Shéamais Ó Fearraigh, Majella McFadden (Cumann Pobail an Chraoslaigh). Chun tosaigh (ó chlé): Aodhán Ó Cinnéide agus a bhean Brenda, an Clr Michael McClafferty agus Michelle Nic Pháidín (OPT Thuaisceart Dhún na nGall).

Bhí an Hub ar an Chraoslach lán go doras oíche Déardaoin seo a chuaigh thart nuair a rinneadh ceiliúradh agus comóradh ar Niall Mac Giolla Bhrighde.

Feirmeoir as an Fhaiche Mhór, An Craoslach a bhí ann agus rinne Pádraig Mac Piarais ionadaíocht dó sa Chúirt in 1905 nuair a gearradh fíneáil air de bharr go raibh a ainm scríofa i nGaeilge aige ar a charr.

Scríbhneoir agus cumadóir amhrán a bhí ann agus ba é a chum leithéidí ‘Mo Chró Beag ag bun Chnoc a’ Tí’ agus ‘Noreen Bawn’.

Sheol Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall leagan digiteach de bheathaisnéis Néill ar an oíche.

Ag labhairt dó ag an ócáid, leag Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, an Clr Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig béim ar thábhacht na Gaeilge agus mar a spreag saothar Néill Mhic Giolla Bhrighde gníomhaíochas teanga - fiú sa lá atá inniu ann.

Mhaígh sé go bhfuil féidearthacht ann closleabhar a fhorbairt dóibh sin a bhfuil deacracht sa léitheoireacht acu.

Lena chois sin, ghabh sé buíochas le daltaí Scoil an Ghlasáin a cheol ‘Mo Chró Beag ag bun Chnoc a’ Tí’ agus roinnt carúl Nollag i nGaeilge.

Rinne Cathaoirleach Cheantar Bardasach na nGleanntach, an Clr Michael McClafferty an leagan digiteach den leabhar a sheoladh go hoifigiúil. Tá sé le fáil ag an nasc thíos:

Dúirt sé: “Rinne Niall Mac Giolla Bhrighde an-obair ar son na Gaeilge agus ba chóir dúinn aitheantas a thabhairt d’achan rud a bhain sé amach ina shaol mar scríbhneoir agus gníomhaí teanga.

Ba mhaith liom buíochas a thabhairt do Majella McFadden agus pobal an Chraoslaigh a chuir fáilte romhainn ag an ócáid speisialta seo.

Go raibh maith agat Michelle Nic Pháidín, OPT le LPT Thuaisceart Dhún na nGall a oibríonn go dian leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar.

Buíochas do Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall as an obair a rinne siad an leabhar iontach seo a chur ar fáil saor in aisce dúinn.”

Rachaidh an leabhar chun tairbhe go mór do mhuintir Dhún na nGall agus do lucht léinn ar fud an domhain a mbeidh fáil acu ar an acmhainn seo.

Sheol Cumann Pobail an Chraoslaigh leabharlann bheag phobail ar an oíche chomh maith. Bhí garnia le Niall Mac Giolla Bhrighde, Aodhán Ó Cinnéide i láthair le plaic chuimhneacháin in ómós dá sheanuncail a nochtadh.

Bhí an ócáid seo eagraithe ag Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall i gcomhpháirtíocht le LPT Thuaisceart Dhún na nGall agus Cumann Pobail an Chraoslaigh.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 12 Márta 2026

Ambasadóir na Polainne ar cuairt go Comhairle Contae Dhún na nGall

Ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2026, glacfaidh Éire Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh (AE), ról ceannaireachta lárnach i gcroílár chinnteoireacht an AE. Ar feadh sé mhí, déanfaidh Éire stiúradh ar idirbheartaíocht agus comhaontuithe idir na Ballstáit agus tabharfaidh an tír cuidiú dlíthe agus beartais an AE a chur i ngníomh a théann i bhfeidhm ar shaol laethúil níos mó ná 450 milliún duine.

Image text description

Date: 11 Márta 2026

Cuairt an Uachtaráin Catherine Connolly ar Chomhairle Contae Dhún na nGall

Bhí Seomra na Comhairle i gCeannáras Chomhairle Contae Dhún na nGall, Leifear lán go doras maidin Dé Máirt nuair a thug Uachtarán an Stáit, Catherine Connolly cuairt oifigiúil ar Chomhairle Contae Dhún na nGall.

Image text description

Date: 27 Feabh 2026

Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall 2026 Seolta go hOifigiúil

Sheol Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig, Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall 2026 go hoifigiúil ag ócáid a bhí ar siúl i nGaelscoil na gCeithre Máistrí, Baile Dhún na nGall, Déardaoin 26 Feabhra.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)