Skip to main content

December

Bí Sábháilte ar na Bóithre an Nollaig seo - Cuireann Meitheal Sábháilteacht Bhóithre Dhún na nGall béim ar an tábhacht a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre le linn na Nollag agus na hAthbhliana

Date: 10 Noll 2025

Bóithre

Bí Sábháilte ar na Bóithre an Nollaig seo - Cuireann Meitheal Sábháilteacht Bhóithre Dhún na nGall béim ar an tábhacht a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre le linn na Nollag agus na hAthbhliana

Leis an Nollaig agus an Athbhliain ar leac an dorais againn, tá Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le Meitheal Sábháilteacht Bhóithre Dhún na nGall, An Garda Síochána agus an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre ag moladh do gach úsáideoir bóithre tús áite a thabhairt do shábháilteacht ar bhóithre le linn thréimhse ghnóthach na Nollag.

Go dtí seo i mbliana, chaill 170 duine a mbeatha ar bhóithre na hÉireann agus gortaíodh go leor eile go dona de bharr timpistí bóthair. 

Sheol An Garda Síochána agus an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre a bhfeachtas bliantúil um Thiomáint faoi Thiochar an Óil le linn na Nollag agus na hAthbhliana. Tabharfaidh An Garda Síochána faoi dhianbheart forfheidhmithe ar bhóithre le linn thréimhse na Nollag. Cuireadh tús leis ag 7:00am Dé Luain, 1 Nollaig 2025, agus beidh sé i bhfeidhm go dtí 7:00am Dé Luain, 5 Eanáir 2026. 

Is é is aidhm leis ná go mbeadh An Garda Síochána níos feiceálaí, iompar contúirteach a aithint agus stop a chur leis, lena n-áirítear tiomáint faoi thionchar an óil agus drugaí, tiomáint róghasta, tiomáint gan aird ar an bhóthar agus gan criosanna sábhála a chaitheamh.

Dúirt an Cigire Seán Mc Daid, An Garda Síochána, "Táimid ag impí ar gach duine a bheidh ag úsáid na mbóithre le linn thréimhse na Nollag, moilliú, a bheith an-chúramach agus a n-aird iomlán a dhíriú ar an tiomáint agus gan tiomáint riamh tar éis alcól a ól nó drugaí a ghlacadh. Beidh go leor daoine amuigh ag bualadh le comhghleacaithe, cairde agus teaghlaigh sna seachtainí amach romhainn. Leag amach do thuras roimh ré le do thoil. Fág an carr sa bhaile agus ná tiomáin an mhaidin dár gcionn."
"Beidh baill den Gharda Síochána amuigh lá agus oíche ar fud na tíre mar chuid dár bhfeachtas forfheidhmithe. Déanfaimid tiománaithe faoi thionchar an óil agus drugaí a thógáil. Má chiontaítear tú, caillfidh tú do cheadúnas. Ná bí ar dhuine acu, le do thoil.  Tá 11 duine tar éis a mbeatha a chailleadh ar bhóithre Dhún na nGall go dtí seo i mbliana. Níl aon Gharda ag iarraidh a bheith ag tarraingt ar dhoras do theaghlaigh an Nollaig seo."

Tá tréimhse na Nollag agus na hAthbhliana ar cheann de na hamanna is gnóthaí den bhliain ar bhóithre na hÉireann, le líon méadaithe daoine ag taisteal orthu agus baol níos airde ann ó thaobh drochthimpistí nó timpistí marfacha bóthar de. 

Tá béim á cur ag Meitheal Sábháilteacht Bhóithre Dhún na nGall ar an tábhacht a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre agus tá siad ag impí ar gach úsáideoir bóithre a dturas a phleanáil, am breise a thabhairt dó, tiomáint go cúramach agus a bheith ar an airdeall.

  • Meabhraítear do thiománaithe aird a dhíriú ar na nithe seo a leanas:
    Tiomáin ag luas atá oiriúnach do na coinníollacha bóthair agus aimsire 
  • Ná tiomáin faoi thionchar alcóil ná drugaí riamh agus ná téigh isteach i ngluaisteán le duine a bhfuil amhras ort fúthu; go bhfuil braon ar bord aige/aici
  • Cinntigh go bhfuil crios sábhála á chaitheamh ag gach paisinéir tosaigh agus  cúil
  • Déan do thuras a leagan amach roimh ré agus glac sosanna chun tuirse a sheachaint
    •    Ná bíodh an fón póca ag tarraingt d’airde
  • Cinntigh go bhfuil do ghluaisteán i riocht maith oibre, lena n-áirítear soilse, coscáin agus boinn.

Meabhraítear do choisithe agus do rothaithe:

  • Déan socruithe chun teacht abhaile go sábháilte, go háirithe má bhíonn tú ag siúl / ag rothaíocht ar maidin agus tráthnóna agus é dorcha, nó tar éis oíche amuigh 
  • Caith éadaí geala nó ardfheiceálacha a chuideoidh leat a bheith sábháilte agus feiceálach ar na bóithre. Tá veisteanna ardfheiceálacha ar fáil saor in aisce don phobal ó Ionaid Seirbhísí Poiblí Chomhairle Contae Dhún na nGall, ó Áras an Chontae i Leifear agus ó stáisiúin na nGardaí.

To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 10 Samh 2025

Bí Slán agus Feiceálach – Iarrtar ar gach duine bheith feiceálach ar na bóithre an geimhreadh seo

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall agus Meitheal Sábháilteacht Bhóithre Dhún na nGall ag iarraidh ar gach duine tacú leis an fheachtas sábháilteachta ar bhóithre ‘Bí Slán agus Feiceálach’ trí éadach ardfheiceálach a chaitheamh agus iad ag siúl, ag rith nó ag rothaíocht an geimhreadh seo, agus iarrtar ar thiománaithe ceannsoilse maolaithe a úsáid i rith an lae chun feiceálacht ar na bóithre a fheabhsú.

Image text description

Date: 09 DFómh 2025

Béim mhór curtha ar Shábháilteacht ar Bhóithre ag Seó Sábháilteachta Bóthair AXA i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall

D’fhreastail breis agus 2500 scoláire Idirbhliana agus 5ú bliana ó scoileanna ar fud Dhún na nGall ar ‘Seó Sábháilteachta Bóthair AXA’ i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall ar an Mháirt agus ar an Chéadaoin 7 & 8 Deireadh Fómhair in Ionad Fóillíochta Aura, Leitir Ceanainn.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)