Skip to main content

December

Castar An tAire Dlí agus Cirt agus Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Dhún na nGall ar a Chéile

Date: 09 Noll 2025

Pobal

Castar An tAire Dlí agus Cirt agus Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Dhún na nGall ar a Chéile

Bhuail an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, Jim O’ Callaghan, TD, leis an Chomhpháirtíocht um Shábháilteachta agus Pobail Áitiúil Dhún na nGall le linn a chuairte ar Dhún na nGall, Dé hAoine 5 Nollaig.

Le linn an chruinnithe, ardaíodh agus pléadh saincheisteanna áitiúla leis an Aire, lena n-áirítear an gá atá le roinnt foirgneamh nua Gardaí, amanna oscailte na mBeairicí, an gá atá le Ceannfort breise a cheapadh i Leitir Ceanainn, an clár atreoraithe óige, cláir scoile agus an gá atá le clár póilíneachta pobail. Comhaontaíodh go bhfuil gá le níos mó Gardaí a fheiceáil ar dualgas ó lá go lá. 

Dúirt an tAire O’ Callaghan go raibh áthas air an Chomhpháirtíocht um Sábháilteachta agus Pobail Áitiúil a fheiceáil ag feidhmiú agus chuir sé fáilte roimh ionadaíocht leathan na mball uirthi a dhéanann ionadaíocht ar ranna  éagsúla dár bpobal. Dúirt ionadaithe ó phobail mhionlaigh go raibh sé tábhachtach go léireodh fórsa póilíneachta nua-aimseartha na daoine a dhéanann siad freastal orthu. 

Admhaíodh go bhfuil dúshláin ag Dún na nGall mar gheall ar nádúr tuaithe an chontae.

Chuir comhordaitheoir na comhpháirtíochta, Francis Conaghan, in iúl don Aire go bhforbróidh an chomhpháirtíocht clár oibre do 2026 agus go dtosóidh siad ar fhorbairt Phlean Gníomhaíochta Sábháilteachta Pobail Dhún na nGall, faoi threoir na Straitéise Náisiúnta do Phobail Áitiúla Níos Sábháilte a luaithe is a ghlacfar leis, agus go gcuirfear saincheisteanna áitiúla agus contae araon san áireamh sa phlean agus go n-aithneofar gníomhartha tosaíochta a mbeidh Comhpháirtíocht um Shábháilteachta agus Pobail Áitiúil Dhún na nGall ag obair orthu thar na trí bliana atá romhainn.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 18 Márta 2026

CLÁR 2026

Ag eascairt ón fhógra ón Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, ar an 10 Márta maidir le CLÁR 2026, tá Comhairle Contae Dhún na nGall anois ag lorg Léirithe Spéise ó ghrúpaí pobail do Bheart 1 maidir le tograí tionscadail a bhfuil siad ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh iontu laistigh dá bpobail.

Image text description

Date: 12 Feabh 2026

Toscaireacht ó Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall mar chuid de Mheitheal tras-chomhairle i nGaillimh

Thaistil toscaireacht ó Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall go Halla na Cathrach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar na mallaibh, áit ar tionóladh cruinniú de mheitheal tras-chomhairle, le comhaltaí tofa agus oifigigh Ghaeilge ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ón Chomhairle Contae i nGaillimh, i Sligeach, i Maigh Eo agus i gCo. an Chláir, le cois ionadaí ó Chonradh na Gaeilge agus ón Phleanáil Teanga.

Image text description

Date: 28 Ean 2026

Iarratais ar mhaoiniú á lorg faoi Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2026

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall agus Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Dhún na nGall (CFPÁ) ag lorg iarratas ó ghrúpaí pobail i gceantair faoi mhíbhuntáiste ar mhaoiniú caipitil faoi Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2026.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)