Date: 02 Noll 2025
Comhairle Contae Dhún na nGall i Lár an Aonaigh ag Oireachtas na Samha 2025
Bhí ionadaithe ó Choiste na Gaeilge agus ó Rannóg na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall i lár an aonaigh ag Oireachtas na Samhna – mórfhéile na nGael a bhí ar siúl i mBéal Feirste Cois Cuain le gairid.
Ina measc siúd a bhí i láthair bhí Cathaoirleach agus Leaschathaoirleach Choiste na Gaeilge, an Clr Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig agus an Clr Martin Scanlon, Bainisteoir Réigiúnach sa Rannóg Pobail agus Fiontraíochta, Paddy Doherty agus oifigigh ó Rannóg na Gaeilge, Róise Ní Laifeartaigh agus Clíona Ní Ghallachóir.
Ba é seo an chéad uair ag an Chomhairle a bheith páirteach in Aonach an Oireachtais – seastáin na féile, áit a raibh ionadaíocht láidir ann ó ghrúpaí pobail agus eagraíochtaí Gaeilge ó cheann ceann na tíre.
Tharraing na mílte ar an Aonach ón Déardaoin go dtí an Satharn. B’anseo a fuair na Gaeil eolas ar obair na Comhairle agus ar na seirbhísí Gaeilge a chuirtear ar fáil. Bhí deis ag foireann na Comhairle nasc a chothú agus aithne a chur ar dhaoine eile atá ag plé le cur chun cinn na teanga sna Údaráis Áitiúla ar fud na tíre.
Dúirt Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, an Clr Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig “Tá sé iontach tábhachtach go mbeidh pobal na Gaeilge eolach ar an méid atá á dhéanamh againn taobh istigh den Chomhairle Contae agus go bhfeiceann muidne an obair mhaith atá ar bun ag na Gaeil ar fud na tíre. Mar Chathaoirleach ar Choiste na Gaeilge, is dul chun cinn suntasach é go mbeidh muid ag bualadh le hÚdaráis Áitiúla eile a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúram, sna míonna amach romhainn agus go mbeidh comhoibriú ar bun againn le baill thofa ar fud na 32 contae a bhfuil Gaeilge acu. Is cinnte go mbeidh go leor le foghlaim againn óna chéile.”
Chuir idir óg agus fásta suim mhór sna féiríní a bhí le fáil ag an seastán. Bhí réimse leathan de leabhair Ghaeilge ann a bhíonn ina ábhar spreagtha ag foghlaimeoirí i gcónaí agus a chuidíonn leo agus iad ar a dturas teanga.
Cúis mhór bhróid don Chomhairle a bhí ann nuair a d’éirigh le Clíona dhá dhuais a bhaint amach i gcomórtais an Oireachtais – an chéad áit sna hAgallaimh Bheirte lena leathbhádóir Niamh Ní Dhubhgáin as Oileán Thoraí agus an chéad áit sa chomórtas amhránaíochta, Sean-Nós na mBan.
Bhí idir chomrá, chuideachta agus cheiliúradh ag seastán na Comhairle Contae le linn an Oireachtais chomh maith le cuairt ón Uachtarán nuathofa Catherine Connolly!