Skip to main content

December

Geansaithe na Nollag á Malartú

Date: 02 Noll 2025

Cultúr

Geansaithe na Nollag á Malartú

An bhfuil geansaí na Nollag agat a bhfuil a splanc caillte aige? Beidh Geansaithe na Nollag á Malartú i Lárleabharlann Leitir Ceanainn ón Luan 8 Nollaig go dtí an Chéadaoin 17 Nollaig. Is imeacht é seo nach ndéanann dochar don timpeallacht, déantar athnuachan ar stór éadaí na Nollag agus bíonn deis ag daoine geansaithe na Nollag a thabhairt chun beochta arís.

An dóigh a n-oibríonn sé:

Tabhair geansaí na Nollag atá glan agus a bhfuil bail mhaith air go dtí an leabharlann is gaire duit roimh an Aoine 5 Nollaig. Tá liosta iomlán de na leabharlanna agus dár gcuid seirbhísí saor in aisce le fáil anseo Leabharlanna | Comhairle Contae Dhún na nGall – An Rannán Cultúir

Nuair a thugann tú geansaí go dtí an leabharlann is gaire duit, gheobhaidh tú dearbhú ar pháipéar. Tabhair leat é go dtí an Lárleabharlann idir an Luan 8 Nollaig agus an 17 Nollaig chun do gheansaí a roghnú. Beidh an deis agat do shúil a chaitheamh ar gheansaithe Nollag eile a tugadh isteach, roghnaigh an stíl Nollag is fearr leat agus fág le geansaí Nollag “nua a oireann duitse”!

Buntáistí:

Nuair a dhéantar geansaithe Nollag a mhalartú, ní bhíonn an t-éileamh céanna ar gheansaithe nua - rud a laghdaíonn astaíochtaí carbóin agus úsáid uisce, gnéithe a bhaineann le déantúsaíocht teicstílí. Nuair a bhaineann muid athúsáid as rud, táimid ag gearradh siar ar rudaí a chur amú agus ag cuidiú le teaghlaigh airgead a shábháil. Is dóigh shimplí agus inbhuanaitheach é malartú geansaithe le geansaithe “nua” a aimsiú gan aon chostas, rud a théann chun sochair don phláinéad agus don phóca araon.

An dóigh le bheith páirteach ann:

Cinntigh le do thoil go bhfuil do gheansaí nite agus seiceáil le haghaidh aon rud ar chóir bail a chur air sula dtabharfaidh tú go dtí an leabharlann is gaire duit é. Tá fáilte roimh gach stíl, idir gheansaithe le calóga beaga sneachta agus Daidí na Nollag le solas!

Le chéile, is féidir linn an inbhuanaitheacht a chur chun cinn le linn shéasúr na Nollag agus spiorad na Nollag a choinneáil beo fosta.

Trí mhalartú éadaí, feiceann páistí go bhfuil roghanna inbhuanaithe á ndéanamh againn.

Laghdaíonn malartú ar gheansaithe na Nollag an méid a chuirtear amú trí bhaill éadaigh a bheith in úsáid go leanúnachchun nach mbeidh siad i líonadh talún. Déantar laghdú ar na hastaíochtaí carbóin trí tháirgeadh agus iompar éadaí nua a sheachaint agus tacaíonn sé leis an gheilleagar ciorclach trí athúsáid a chur chun cinn, feasacht ar nósanna inbhuanaithe a ardú chun daoine a spreagadh le hathmhachnamh a dhéanamh ar mhearfhaisean.

Tá ról lárnach ag tionscadail a bhaineann le geilleagar ciorclach lena n-áirítear deisiú, athúsáid agus laghdú ar chur amú, ó thaobh astaíochtaí a laghdú agus acmhainní a chaomhnú. Tagann an méid seo le Plean Gníomhaíochta Aeráide Chomhairle Contae Dhún na nGall (LACAP) 2024–2029.

Bímis lán le spiorad na Nollag agus cuirimis beocht i seangheansaithe na Nollag arís!


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 16 Aib 2026

Caint ar Ghníomhú ar Son na hAeráide ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn

Beidh caint leis an Ollamh Emeritus John Sweeney ó Ollscoil Mhá Nuad ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn, Déardaoin 23 Aibreán ag 6.30pm. Saorchead isteach.

Image text description

Date: 02 Aib 2026

Léirithe Spéise á lorg do leabharlann i mBaile Dhún na nGall

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg Léirithe Spéise ó úinéirí talún, úinéirí maoine nó forbróirí a bhféadfadh talamh nó maoin a bheith acu a bheadh fóirsteanach chun leabharlann phobail úr a fhorbairt air i mBaile Dhún na nGall.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn chun cuairt a thabhairt ar an Lárleabharlann

Tá an Lárleabharlann i Leitir Ceanainn ag óstáil ceardlann Comhchéime ‘Réaltacht an AE' saor in aisce le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn Déardaoin 26 Márta ar 6.30pm.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)